Tá an ‘Dúradán’ Greg Heffley ar ais arís agus tá Dialann nua aige. Foilseofar an leagan Gaeilge den dara leabhar sa tsraith chlúiteach The Diary of a Wimpy Kid ag tús na míosa seo chugainn.
Dialann Dúradáin: Rodrick Abú an teideal atá baiste ar an leabhar nua, a thagann sna sála ar Dialann Dúradáin a foilsíodh den chéad uair i nGaeilge i Márta na bliana seo.
Is í Máirín Ní Mhárta as an gCeathrú Rua, a d’oibrigh le Futa Fata ar an gcéad leabhar sin, a d’aistrigh an dara leabhar freisin. Tá 11 leabhar ar fad foilsithe sa tsraith Bhéarla go dtí seo agus leabhair nua á scríobh ag an údar Jeff Kinney i gcónaí.
An geábh seo tá Greg Heffley, príomhcharachtar na sraithe, ar ais ar scoil i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh – ach níl sé ag iarraidh labhairt fúthu. Ní uaidh ach dearmad a dhéanamh ar an samhradh agus dearmad glan a dhéanamh ar eachtra ar leith.
Faraor, tá a fhios ag Rodrick, deartháir Greg, faoin eachtra rúnda seo agus tá sé fíordheacair rud a choinneáil faoi rún nuair atá dialann ag duine.
Dírithe ar ghasúir idir 8 agus 12 bliain d’aois atá an leabhar agus insítear an scéal mar chineál dialainne. Tá pictiúir ar bheagnach gach uile leathanach. Tugtar le fios gurb é Greg féin atá ag tarraingt na bpictiúr.
D’fhoilsigh Jeff Kinney Diary of a Wimpy Kid ar líne ar dtús nuair nár éirigh leis foilsitheoir a aimsiú dó. Sé bliana a chaith sé ag obair ar an saothar sular chroch sé ar líne an chéad lá é, ach ó shin i leith tá 80 milliún cuairt tugtha ar an leagan ar líne agus é á léamh ag os cionn 70,000 gasúr in aghaidh an lae.
Cuireadh an leabhar i gcló sa bhliain 2007 agus níl insint bhéil ar an rath atá air ó shin. Tháinig leagan scannáin den scéal amach sa bhliain 2010.
Reáchtáil Futa Fata comórtas níos luaithe i mbliana le teacht ar theideal Gaeilge don tsraith. Ba í Aisling Ní Fhlatharta as Tír an Fhia i gConamara a cheap an teideal Dialann Dúradáin.
“Thaitin [na moltaí] Scríbhinn Séacla linn agus Dialann Dúramáin. Ach an ceann ba dheise linn ar fad ó thaobh fuaime, rithime agus brí, ceann a thug leis gné lárnach de charachtar Greg Heffley ná Dialann Dúradáin. I measc na mbríonna atá ag Foclóir Uí Dhónaill don fhocal ‘dúradán’ tá ‘a puny, insignificant person’,” a dúirt Futa Fata agus an buaiteoir á fhógairt acu.
Fág freagra ar 'Leabhar eile sa tsraith The Diary of a Wimpy Kid le foilsiú i nGaeilge an mhí seo chugainn'