Leabhair na bliana 2014

Is iondúil nach mbíonn de thoradh ar liostáil ach mant agus milleán. Má tá easnaimh sa méid seo, agus bí cinnte go bhfuil, níl sna leabhair seo ach na teidil is mó a ghoin aire Dhónaill Uí Bhraonáin agus gearróga dubha na Nollag chugainn.

Rogha_Alt_300_417_c1

Rogha Alt: An Peann Coitianta 1989-2003

Liam Ó Muirthile, Cois Life, €14

Prós thar an gcoitiantacht atá sa bhailiúchán aistí seo a dhéanann caibidil ar mhórán ceisteanna comhaimseartha idir na blianta 1989-2003.

Tréimhse spéisiúil staire a chuimsíonn ré na páirtnéireachta sóisialta agus a tháinig roimh aimsir na mblianta baotha bláfara.

‘Obair cheirde’ a thugann an Muirthileach ar sholáthar seachtainiúil na colúnóireachta clóis. Fearann a fheidhmíonn mar phríosún idéolaíochta ag tráchtairí áirithe ach a thug deis don údar sa chás seo scóid cheardaíochta a ligean leis.

Tá drámaí, idir mhion is mhór, ar leathanaigh na díolama agus cruthaitheacht sa chóiriú ábhair agus san inseacht.

Sárphíosaí iad ‘Á, Poor Iad’ agus ‘Madraí na Nollag’. Regina Uí Chollatáin agus Aisling Ní Dhonnchadha a roghnaigh na sleachta i gcomhar leis an údar.


i_dtr_strainsartha_xx

I dTír Strainséartha

Liam Mac Cóil, Leabhar Breac, €15

Leantar d’ardeachtraíocht i mblianta na mórchorraíola i dtosach an 17ú haois san úrscéal seo.

Tugtar cúl do phríomhcharachtar An Litir – Gaillimh – agus seoltar laoch na reacaireachta Lúcás Ó Briain (agus a mhiodóg) ar thuras farraige go tír agus cathair chomhthíoch agus as sin féin chun na nÍsiltíortha.

Is furasta a aithint cén fáth ar bhain an t-úrscéal seo Duais an Oireachtais i mbliana.

Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás sa Lobháin? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.


Pádraic_Breathnach Rogha_Scéalta

Rogha Scéalta

Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht €15

Ceithre scéal is fiche atá gafa gléasta i ndiaidh a chéile in aon bhun amháin.

Tá toirt is téagar sa méid seo, tá áilleacht phróis ann, tá doimhne machnaimh ann, tá an dúchas go smior ann; tá fearann na fisiciúlachta go láidir ann, tá scéal agus cás na bhfear ann, tá plé ar bhail na tíre ann agus tuilleadh ach an léitheoireacht a dhéanamh.

Mar bharr ar bhrabach an léitheora cuirtear roinnt scéalta nua leis chomh maith le réamhrá critice le Brian Ó Conchubhair.



Scéal-Hi

Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán

Breandán Delap, Cois Life, €15

Cnuasach aistí a thugann léargas ar chleachtais cheird na hiriseoireachta sna meáin go léir. Tarraingítear seoda faoistiniúla anailíse i gceangal le léargais phearsanta ó iriseoirí aitheanta.

Tá fianaise ar mhachnamh an-domhain i gcuid éigin de na haistí: luafainn aistí Phóilín Ní Chiaráin, Phóil Mhic an Draoi agus Dhéagláin de Bréadún mar shamplaí ionadaíocha den éagsúlacht stíle agus smaointeachais sa saothar.

Tugtar spléachadh ar mhodhanna oibre an iriseora nach ndéantar trácht an-mhinic orthu sa tír seo in amantaí freisin. Déanann Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie, scagadh barrúil ach grinn, barainneach ar an iriseoireacht chomhaimseartha sa Ghaeilge agus tá réamhrá gonta, géarchúiseach ag Pól Ó Muirí.

Ina cheann ar théagar ábhair, tá beadaíocht ann chomh maith don té ar spéis leis sioscadh, seanchas agus sciolladh.


Idir_Neamh_is_Talamh

Idir Neamh is Talamh

Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht, €10

An dtagann trálach ar láimh rí-éigeas scríbhneoirí Iar-Chonnacht riamh?

Go gairid ar shála peiríocha próis Ag Caint Linn Féin tagann maidhm gearrscéalaíochta chugainn a shaothraíonn láithreacha agus suímh intinne idir an Spáinn, an Spidéal agus an Saol eile.

Bleacht dubh dúigh curtha aige ar phár geal an athuair agus an traidisiún, an dúchas, an tsinsearacht, an coimhthíos, teanntás an nua ar an sean á chíoradh go cumasach aige.


na_comhartha

Na Comharthaí

Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac, €18

Lonnaítear an scéal i gcomhthéacs comhaimseartha na mblianta 2008-9 agus léargas é ar thonnbhriseadh intinne agus polaitiúil. Maítear gur avatár é an príomhcharachtar Jó a leanann cúrsa a chinniúna féin ach a nochtann fírinne na miotas ar feadh na lorgaireachta sin.

Téacs dúshlánach é seo a phléann go muiníneach leis an intleacht dúchais agus a dhéanann scagadh sofaisticiúil ar fhlaitheas cultúrtha, téama na géillsineachta agus bua na healaíne.


 

An_Ghlanfhírinne

An Ghlanfhírinne

Cóil Learaí Ó Finneadha, Cló Iar-Chonnacht, €10

Scéalaíocht shaibhir shimplí atá sa leabhar seo a thagann i dtír ar thuiscint an scríbhneora ar an stair, oidhreacht na ndaoine agus tuiscint na muintire.

Ní fhágtar folamh muid maidir le tráchtaireacht shóisialta ach oiread – An Misiún Mór – agus is deas mar a chuirtear an seanchas i gcumraíocht na scéalaíochta – An Mianach nó eachtraí Bhaile na Clúide, cuir i gcás.

Tá a leagan féin den saol sna scéalta agus sin á roinnt ar a chomhluadar aige: ‘seachain caochphoill d’aimhleasa’ a chomhairlítear dúinn sa phíosa, Siar sna Blianta.


 

Leabhair do Pháistí

Níl ganntanas ábhair ann d’aoisghrúpaí éagsúla faoi Nollaig i mbliana, idir chumadóireacht nua as an bpíosa agus aistriúcháin choimisiúnaithe.

Déanann Futa Fata leabhair den chéad scoth a chur amach do léitheoirí an-óg agus bíonn ardchaighdeán scéalaíochta agus táirgíochta iontu.

Ní eisceacht é An Gabhar a Raibh An-Ocras go Deo Air, a scríobh Máire Ní Chualáin le hobair ealaíne Natasha Rimmington, Futa Fata, €9.95.

Baineann an scéal le gabhar, leisce agus plean cliste a d’fhill ar Pheadar bocht ar carghas leis a bheith ag baint an fhéir.

Fostaíonn sé gabhar le nach mbeadh air féin allas a chur ach ní bhíonn de thoradh ar an bplean sin ach tubaiste.

Ba cheart go bhfáilteodh léitheoirí idir 8-10 bliana roimh chuimse ábhair atá ar fáil dóibh i mbliana, pictiúirleabhair go háirithe.

Chuir Cló Iar-Chonnacht cóiriú de bhunscéalta an Famous Five le hEnid Blyton amach in eagráin daite snasta.

Is iad an Cúigear Cróga a chastar orainn sna scéilíní Tráthnóna Díomhaoin, Saoire na Samhna, Tá Gruaig George Ró-fhada agus Maith thú a Timmy. €7 atá ar chaon scéal.

Is mór an spórt léaráidí Jamie Littler agus is iad Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg a réitigh na leaganacha Gaeilge.

Gabriel Rosentock a chuir Gaeilge ar Eachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna le Hergé, foilsithe ag Dalen Éireann, €9.95, agus tá éacht deisbhéalaíochta déanta ag Antain Mac Lochlainn lena leagan siúd de Asterix na nGallach, Dallen Éireann, €9.95.


Leabhair Léinn

Don té ar spéis leis an nuafhilíocht beidh solamair le fáil sna cnuasaigh aistí Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Omós do Mháirtín Ó Direáin (eag. Méidhbhín Ní Urdail agus Caoimhín Mac Giolla Léith), An Sagart agus Míorúilt an Pharóiste: Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi, (eag. Louis de Paor), Cló Iar-Chonnacht, €12.

Bailiúcháin thábhachtacha iad d’altanna ilghnéitheacha a scrúdaíonn saothar agus oidhreacht na mórfhilí seo agus beidh siad á lua ar liostaí léitheoireachta Ollscoile gan mhoill.

File suntasach eile a thuilleann aird scolártha i gcaitheamh an ama ná an Ríordánach.

Tá teacht ar iontrálacha laethúla dialainne, leagtha amach i riocht féilire bliana, san fhoilseachán Anamlón Bliana – ó dhialanna an Ríordánaigh le Seán Ó Ríordáin, arna chur in eagar ag Tadhg Ó Dushláine, Cló Iar-Chonnacht, €25.

Míreanna iad seo a roghnaíodh ón tréimhse 1940-1977 agus tugann siad léargas nua as an bpíosa ar smaointeachas agus prós príobháideach an Ríordánaigh.

Fág freagra ar 'Leabhair na bliana 2014'