‘Le haghaidh an scarecrow,’ arsa Beainín na Naíonán, amhail is go raibh an scéal pléite go domhain

AG TÓGÁIL CLAINNE: An lá eile, bhraith ár gcolúnaí go rabhthas in amhras faoina cuid dílseachta don togra is deireanaí ag Beainín na Naíonán

scarecrow

‘Ná caith amach é sin!’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga orm agus mé ag siúil i dtreo an bhosca bruscair is lán ghlaice páipéir agam le caitheamh isteach ann. “Tá sé sin uaim,” a dúirt sí.  Stop mé ar feadh soicind agus ansin lean mé orm i dtreo an bhosca bruscair.

‘Le haghaidh an scarecrow,’ a mhínigh sí ansin, amhail is go raibh an scéal pléite go domhain againn roimhe sin is go mba cheart go mbeadh a fhios a’m go raibh chuile phíosa páipéir sa teach, dá shuaraí é, le cruinniú is le carnadh le haghaidh thogra an fhir bréige. B’é seo an chéad tagairt a bhí cloiste agam dhó.

Sciob sí uaim an páipéar is chuaigh anonn is sháigh isteach faoin leaba é agus deifir uirthi. Thug mé faoi deara ansin go raibh bailiúchán, suntasach go maith, cruinnithe aici de pháipéir nuachta agus ualach de na lárannaí amach as an bpáipéar leithris.

B’fhéidir go raibh an iomarca feicthe agam. Ba léir go raibh dabht mór aici asam agus go raibh mo chuid dílseachta don togra á ceistiú aici.

“An bhfuil sibh ag déanamh fear bréige ag an scoil?” a d’fhiafraigh mé di, ar nós cuma liom. Cheap mé go mb’fhéidir go raibh an chomhcheilg seo ag síneadh amach níos faide ná mar a thuig éinne.

Cá bhfios cé méid duine a bhí páirteach ann. Cá bhfios nach raibh airm mór fir bhréige á ndéanamh i seomraí codlata ar fud na cathrach. Réitithe don ionsaí, ach an focal a thabhairt?

Bhreathnaigh sí cam orm. Is níor thug d’fhreagra ach na focail rúnda, “fear bréige, a Mhamaí, scarecrow?”  

Thit ciúnas orainn arís. Sa gciúnas, thosaigh mé ag cuimhniú ar an mbaol tine leis an gcarnán páipéir. Cá raibh an fear bréige le dhul nuair a bheadh sé déanta? Siúráilte cinnte, ní raibh aon áit dhó sa seomra suí. Chaithfeadh go raibh bealach eicínt le fáil réidh leis. Ach cuimhniú air…

An bhfuil a fhios a’d céard é sin?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin agus í ag labhairt go mall agus os ard mar a dhéanfá le duine a bheadh beagáinín bodhar nó a mbeadh seachrán orthu.

“Tá a fhios,” a dúirt mé, “ach cén fáth?” a d’fhiafraigh mé di, “cén fáth?” Níor tháinig aon fhreagra.

“Féadfaidh tú cúnamh a thabhairt dom má tá tú ag iarraidh,” a dúirt sí liom th’éis scaithimh agus mé á scrúdú go géar aici.

Bhí a fhios agam go gcaithfinn a  bheith cúramach. Is iomaí duine a shiúil isteach i gcás mar seo nár shiúil amach arís. “Ok, ok,” a dúirt mé, “tabharfaidh mé cúnamh duit.”

“Go maith,” a dúirt sí, “níl uainn anois ach ruainnín tuí.”

Fág freagra ar '‘Le haghaidh an scarecrow,’ arsa Beainín na Naíonán, amhail is go raibh an scéal pléite go domhain'