Bhí Mol na hÚcráine ag cur thar maoil an lá cheana – daoine ag breathnú ar na ráillí, daoine ag filleadh agus ag sórtáil éadaí, daoine eile ag cur comhairle ar chustaiméirí.
Stop bainisteoir an tsiopa mé ar mo bhealach isteach lena chinntiú nach raibh mé ag fáil réidh le sean-éadaí, nó fo-éadaí, nó ábhar ar bith eile nach raibh uathu. Thug mé ‘siopa’ air ach ní siopa sa ghnáthchiall atá ann.
Ní íoctar as aon rud, ní thógtar aon airgead, ní féidir aon cheo a ordú ann. Is chuig an ‘Mol’ seo in Ionad Siopadóireachta Dhún Laoghaire a thagann na hÚcránaigh atá díreach tagtha go dtí an ardchathair, féachaint le cúpla rud úsáideach a fháil.
Is deacair a thuiscint céard iad na riachtanais a bheadh ag duine a d’fhág an baile agus gan acu ach an mála beag a thabharfá ar bord Ryanair.
Ach seachtain tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin i ndeireadh mhí Feabhra, thuig scata beag ban go dteastódh a leithéid d’áit ó na sluaite teifeach a bheadh ag déanamh a mbealach anseo.
Thugadar faoi i gCuas an Ghainimh i dtosach agus tamall ina dhiaidh sin, d’athraigh siad isteach i siopa a tugadh ar léas gearr dóibh ins an ionad siopadóireachta. Níor éirigh liom labhairt le haon duine den fhoireann an lá ar thug mé féin cuairt orthu – bhíodar ar fad faoi bhrú damanta. Ach rinne mé teagmháil ina dhiaidh sin le bainisteoir na háite, Oxana.
Is as Moscó Oxana, í ina cónaí in Éirinn le os cionn fiche bliain anois agus í pósta anseo. Bhí sí sa mbaile i Moscó go deireanach um Nollaig, ach níl a fhios aici cén uair a bheidh sí in ann filleadh.
Cainteoirí Rúisise triúr den fhoireann agus tá siadsan lánaimseartha – ach ag obair go deonach, san áit. Éireannaigh agus Úcránaigh atá sa gcuid eile den ‘fhoireann’. Is maith le Oxana daoine a thuigeann Béarla nó Úcráinis a chur ag obair le chéile toisc go mbíonn gá leis an dá theanga gach lá.
Fuaireadar an-tacaíocht ó mhuintir na hÉireann ón uair a d’oscail siad an Mol.
Tháinig daoine chucu le héadaí agus earraí eile, thug daoine ar nós leictreoirí a gcuid ama agus scileanna in aisce, thug siopa Dunne’s ráillí agus stuif eile don siopa dóibh, thóg dream eile na seilfeanna.
“Níor chosain sé ach tuairim is €150 orainn an áit a leagan amach ar nós siopa,” a dúirt Oxana liom. “Bhí pobal na háite iontach – is breá liom gur iarracht ón bpobal atá anseo.”
Mheas mé agus mé ag éisteacht léi, go gcuirfeadh obair den chineál sin brú ar aon duine. Gach lá bíonn sí ag déileáil le daoine a thugann earraí isteach, le gnóthaí a bhronnann ábhar orthu – rothair lá amháin, bróga do mhná lá eile. Anuas air sin bíonn sise agus a foireann ag déileáil le daoine atá díreach tar éis éalú ó láthair chogaidh, daoine muinteartha leo maraithe b’fhéidir agus gan de mhaoin an tsaoil acu anois ach lán mála láimhe.
“Tá sé deacair gan amhras,” a deir sí. “Níor reáchtáil aon duine againne gnó mar seo cheana – níl an taithí seo againn.”
Gach lá bíonn orthu an lear mór stuif a thagann chucu a shórtáil – bíonn cuid le tabhairt amach, cuid le hathchúrsáil agus cuid eile le cur sa mbruscar. Agus ansin, bíonn orthu ord agus eagar a chur ar an stoc sa Mhol é féin chun gur féidir teacht ar earraí réasúnta éasca. Pitseámaí do bhuachaillí óga? Gúnaí samhraidh do mhná? Seaicéid bháistí? Féach ar na seilfeanna cuí.
Dúirt cara liom a oibríonn go deonach san áit, go bhfuil an-tóir anois ar sheaicéid nó cótaí báistí. Tá siad ag seachaint daoine atá ag iarraidh fáil réidh lena gcuid éadaí geimhridh anois – níl aon áit stórála acu agus caithfidh siad féin fáil réidh leis má fhágtar mála mar sin acu. Beidh duine romhat ag an doras le fáil amach cad atá i do mhála má dhéanann tú iarracht stuif a bhronnadh orthu.
Agus ní hí an obair amháin atá crua. Caithfidh na mná as an Rúis cur suas le roinnt mhaith íde béil – nuair a thuigtear gur as an Rúis iad.
Airíonn siad go dona ar aon nós de bharr a bhfuil déanta ag a dtír dhúchais ar an Úcráin. Ní i gcónaí a thuigeann na hÚcránaigh a thagann isteach chucu nach mar a chéile na Rúisigh ar fad.
“Tosaíonn daoine ag caoineadh corruair, bíonn muide ag caint leo, ag iarraidh iad a chur ar a suaimhneas. Ansin freisin, cabhraíonn muid le daoine a bhíonn ag iarraidh foirmeacha a líonadh i gcomhair uimhreacha PPS, nó a leithéid. Cuireann muid seirbhís aistriúcháin ar fáil go minic. Is geall le múinteoirí muid,” a dúirt Oxana liom.
Tá leathanach Facebook acu agus bailíonn siad airgead ar leathanach gofundme – íocann sin na billí dóibh agus cuireann sé ar a gcumas earraí nua as an bpíosa a cheannach nuair nach mbíonn dóthain de rud áirithe acu.
Bhí mearbhall ag teacht orm féin nuair a thuig mé cén réimse seirbhísí a bhí an dream beag deonach seo in ann a chur ar fáil in achar an-ghairid. Agus mheas mé gur duine an-chumasach a bhí in Oxana – ba léir nach ngéillfeadh sí do mhórán constaicí. Cén obair a bhí ar siúl aici roimhe seo?
“Bhí mé in mo threoraí turasóireachta,” a dúirt sí. “Chuir CoVid stop le mo ghnó i dtosach agus ansin chuir an cogadh stop leis arís.”
Bhíodh sí ag tabhairt daoine – go minic daoine a bhí ag déanamh go maith sa saol – ar thurais timpeall na hÉireann: ceoltóirí, ealaíontóirí, aisteoirí, agus daoine eile ar “ioncam ardleibhéil” a raibh turais ar leith ag teastáil uathu.
Ach níl a fhios aici an dtiocfaidh an gnó sin ar ais. Tá deireadh le taobh na Rúiseach de ar aon chuma, a deir sí.
Agus an Mol agus gnó na n-éadaí?
Tiocfaidh deireadh leis an bpráinn atá leis, measann sí. Séard a theastós amach anseo ná ionaid le haghaidh ‘imeascadh’ – beidh níos mó Úcránach ag teacht go hÉirinn agus caithfimid iarracht a dhéanamh an fhadhb mhór le faitíos roimh inimircigh a sheachaint. Is dóigh léi go bhféadfaí na Moil seo a athrú go dtí ionaid i gcomhair ‘imeascadh daoine’.
Má tharlaíonn sé sin, tá aithne agamsa ar bhean amháin ba chóir don rialtas a cheapadh i mbun na hoibre.
Fág freagra ar '‘Le Grá Ón Rúis’ – an bhean as Moscó atá ag tacú le muintir na hÚcráine i nDún Laoghaire'