‘Le do thoil, ná pléigh leis an tiománaí ach cúrsaí a bhfuil géarghá leo’ a mholann fógra beag a bhíonn crochta i ngach uile bhus sa Bhrasaíl, ‘Por gentileza, fale com o motorista somente o necessário’.
Comhairle mhaith scríbhneoireachta atá sa mhéid sin freisin, go háirithe maidir leis an gcaint i bhficsean.
Saothair fhicsin de chineál iad na colúin faoina chleachtas teiripe caidrimh a scríobhann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, d’iris do mhná. D’fhonn príobháideachas na lánúineacha a bpléann sé a gcuid fadhbanna grá a chosaint, déanann sé ‘ficseanú’ ar na comhráite sa seomra teiripe.
Ceartaimse na colúin sin dó, agus gach seachtain, bíonn orm ualach focal agus frásaí ar nós ‘ar bhealach’, ‘ag deireadh an lae’, ‘muise’, ‘dáiríre’, agus ‘tá a fhios agat’ a bhaint amach. Tá barúil agam go gcuireann mo chara isteach iad chun cuma níos nádúrtha a chur ar chaint na gcarachtar, agus is cinnte go mbíonn chuile ‘ar bhealach’, ‘ag deireadh an lae’, ‘muise’, ‘dáiríre’ agus ‘tá a fhios agat’ ag daoine nuair a bhíonn siad i mbun comhrá san fhíorshaol.
Ach ní dhéanfaidh aithris focal ar fhocal ar chomhrá san fhíorshaol cúis san fhicsean.
Má éisteann tú le comhráite fíorshaoil i gceart, cloisfidh tú nach mbíonn cuma ná caoi orthu, go mbíonn siad lán ‘líontóirí’, focail agus frásaí a chuireann daoine isteach nach mór gan cuimhneamh, agus go mbíonn comhráite fíorshaoil lán cúrsaí nach bhfuil bainteach le hábhar lena chois, gan trácht ar rómhíniú agus athrá.
Ach oiread leis an tiománaí bus bocht a chaithfidh súil a choinneáil ar an mbóthar atá roimhe, ní mór don léitheoir a bheith in ann súil a choinneáil ar leideanna agus ar chastaí sa phlota, nó cuirfear dá threo é. An rud deireanach a theastaíonn ó léitheoir ná carachtar a bhíonn ag clabaireacht faoi chuile shórt faoin spéir agus a mbíonn chuile ‘ag deireadh an lae’ aige lena chois.
Ach bíonn blas ar an mbeagán. Tabhair faoi deara nach bhfuil géarghá, mar shampla, leis an mír ‘Le do thoil’ ar na fógraí sin i mbusanna na Brasaíle, ach go n-athraíonn sé go mór tuin an fhógra chéanna. Lena chois sin, ní ordú atá ann go díreach, ná cosc; fágann sé scóip agus spás duit d’aigne féin a dhéanamh suas maidir le céard atá i gceist le ‘cúrsaí a bhfuil géarghá leo’.
Fág freagra ar '‘Le do thoil, ná pléigh leis an léitheoir ach cúrsaí a bhfuil géarghá leo’'