LÁITHREACH BONN: Scríbhneoir Eorpach mé sa tslí go bhfuil dáimh agam le seanmháistrí na mór-roinne

Mar chuid den togra Láithreach Bonn, d’fhiafraíomar de chuid de scríbhneoirí na Gaeilge, an scríbhneoir Eorpach thú? 

LÁITHREACH BONN: Scríbhneoir Eorpach mé sa tslí go bhfuil dáimh agam le seanmháistrí na mór-roinne

Braithim gur scríbhneoir Eorpach mé sa tslí go bhfuil dáimh agam le seanmháistrí clasaiceacha na mór-roinne agus a ndeisceabail. Tugann teideal an chnuasaigh Pietas nod d’fhealsúnacht Stóch na nGréagach agus na Rómhánach a bhí in airde láin sa tríú céad roimh Chríost. In sa saothar is déanaí dem chuid, Flóra na Samhlaíochta, sé Socrates agus a chreideamh: Beatha amú beatha gan cheistiú, is ábhar do ‘Milbhear/Nemesis an Fhealsaimh.’  Mar a chéile le Pietas, is ó shaothar fealsúnach eile, Candide le Voltaire, a d’eascair Saothrú an Ghairdín (An Sagart) 2015, agus é suimithe san abairt:

Il faut cultiver notre jardin/ Ní mór dúinn ár ngairdín a shaothrú.

Déarfá gur mór eatarthu sin agus Seoda na bhFilí, an díolaim a bhí in úsáid i mBunscoil an Choma i dtosach na seascaidí den chéad seo caite ach siad na seoda céanna a mhúscail  m’fhiosracht i leith nascanna idir Éirinn agus An Eoraip mar:

Ainnir na míne,

Fuair gradam sa bhFrainc is sa Spáinn..

Nó cad ina thaobh go mbeifí ag lorg:

Pardún ón bPápa is ón Róimh anoir?

Mhéadaigh ar mo shuim i ngairdín na héigse in imeacht na mblian sa tslí gur ghlacas le comhairle Ronsard:

Cueillez dés aujourd’ hui les roses de la vie.

Táim ag bailiú rósanna na beatha agus na filíochta riamh ó shin ós na ceithre harda, bláthanna an ghrá, an aoibhnis agus an bhróin gur cinniúint an duine iad.  Tugann sracfhéachaint ar mo dhánta é seo le fios; m.sh. ‘Limbus Infantium,’ as Glórtha ón gCillín/Voices from the Cillín, aistrithe go Gaeilge na hAlban ag an bhfile, Meg Bateman mar Guthan on Chladh Bheag atá ag plé le cur leanaí nár baisteadh i dtalamh neamhchoisricthe, nós a bhí coitianta ar fud na hEorpa siar sa stair ach a mhair in Éirinn go dtí lár an chéid seo caite.

Toisc lé ar leith a bheith agam leis an dtimpeallacht agus leosan atá ag fulaingt de dheasca a mí-úsáide, ghoill pléascadh núicléach Chernobyl go dóite orm, tubaiste a spreag dhá dhán: ‘Na Trí Nithe is iontaí amuigh tar éis Chernobyl’ agus ‘Trí Thrua na Bealarúise’ ina bhfuil trí ghlúin buailte – Babushka (seanbhean/Neain), máthair agus cailín óg.

Uafás do-inste an Shoa atá i ‘Juden,’ a bhuaigh an chéad duais do dhán Gaeilge i bhFéile Filíochta Idirnáisiúnta na Leabharlanna Dún Laoghaire/Ráth an Dúin in 2005.

Eochair é an briathar a scaoileann na glais

Ach slabhraí focal a dhamnaíonn i mbraighdeanas…

File í Bríd Ní Mhóráin arb é ‘Flóra na Samhlaíochta’ na saothar is déanaí uaithi. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Scríbhneoir Eorpach mé sa tslí go bhfuil dáimh agam le seanmháistrí na mór-roinne'