LÁITHREACH BONN: Níl tuiscint dá laghad ag údair an phlean aeráide ar ról na Gaeilge i gcaomhnú na timpeallachta

Is í an fheasacht teanga eochair na tuisceana agus spreagadh an ghnímh i gcás na haeráide 

LÁITHREACH BONN: Níl tuiscint dá laghad ag údair an phlean aeráide ar ról na Gaeilge i gcaomhnú na timpeallachta

I 1963 shiúil an craoltóir agus an scríbhneoir Anraoi Ó Liatháin cúrsa Abhainn Mhór na Mumhan óna tús ar leiceann an Chnocáin Fhinn in oirthuaisceart Chiarraí go dtí an fharraige ar thrá Eochaille. Tráthnóna amháin agus é láimh le Baile an Mhuilinn i gcontae Chorcaí bhí an Liathánach in ísle brí mar gheall ar chúrsaí polaitiúla in Éirinn agus shuigh sé síos cois Móire: ‘Ní aon ionadh é go dtéadh fir léinn na sean-Éireann síos go bruach abhann nuair a ba mhian leo machnamh a dhéanamh. Níl fealsamh ann is gaoismhire ná fuaim abhann i lár oíche.’ 

Agus muid ag smaoineamh ar na deora ag sileadh ó shúile ár n-iarUachtaráin Máire Mhic Róibín le teann díomá agus éadóchais tar éis na gcainteanna faoin athrú aeráide i nGlaschú, is léir nach bhfuil mórán fós ag éisteacht le fuaim na habhann i lár oíche, fealsamh riachtanach na hinbhuanaitheachta. 

Inár dtír féin, do bheadh ionadh ar mhná agus ar fhir léinn na sean-Éireann agus iad ag tabhairt faoin bPlean Gnímh Aeráide (2021) a léamh. Ar an gcéad dul síos, ní bheadh siad in ann oiread is focal amháin a thuiscint mar tá an cháipéis go huile is go hiomlán scríofa i mBéarla agus níl aon leagan Gaeilge de ar fáil go fóill. Cosúil leis an Lucht Oibre le linn Chogadh na Saoirse, caithfidh an Ghaeilge fanacht i gcónaí.

Dá mbeadh sé de mhisneach acu teanga ár seanchomharsan a fhoghlaim ní róshásta a bheadh siad tar éis an oiread sin stró a chur orthu féin mar i dtuarascáil 208 leathanach níl ann ach líne shuarach amháin ar leathanach 89 a dhéanann tagairt don teanga atá fite fuaite le scéal na timpeallachta in Éirinn le dhá mhíle bliain anuas Support environmentally friendly initiatives through the Action Plan for the Irish Language.’

Faightear an abairt dhraíochtúil, spreagúil seo idir abairt amháin mar gheall ar laghdú úsáid fuinnimh in áiseanna spóirt (‘Support the modification of sports facilities in order to reduce energy consumption’) agus ceann eile maidir le hinbhuanaitheacht an eagrais scannánaíochta Fís Éireann ‘Enhance the sustainability of Screen Ireland’). Is rífhollas nach bhfuil tuiscint dá laghad ag údair na caipéise ar ról na teanga i gcaomhnú na timpeallachta.

Ní raibh in 2019 nuair a cuireadh an chéad phlean amach agus níl faic foghlamtha acu idir an dá linn. Leantar ar aghaidh leis an neamhaird don teanga atá mar mhacalla leibideach ar mheon an fhóntachais ag daoine a bhí sásta anallód fáil réidh leis an Ghaeilge agus le sláine bithéagsúlachta an dúlra araon ar mhaithe le luach na muice. 

Ní leor an ghruaim, áfach. Agus an scéal chomh práinneach sin, ní féidir linn a thuilleadh fanacht cois abhann go dtí go dtiocfaidh ciall ag lucht scriosta an phláinéid. Caithfimid beart a dhéanamh ní hamháin de réir ár mbriathar ach leis na briathra atá fós inár seilbh. Sin, ar ndóigh, an sprioc a bhí ag Manchán Magan nuair a chuir sé Sea Tamagotchi: Foclóir na Farraige le chéile le linn na paindéime.

Toradh ab ea an foclóir ar chamchuairt a thug sé timpeall na mbealaí farraige i dTír Chonaill, Maigh Eo, i gConamara agus ar Inis Mór ar thóir focal farraige, téarmaí mara agus logainmneacha muirí a bhí i mbaol a gcaillte. Thaispeáin an taighde go príomha an dlúthcheangal idir teanga agus timpeallacht. Gan na focail chuí, bíonn an cósta agus an fharraige dothuigthe, doléite. Ní féidir aire cheart a thabhairt do rud ar bith mura bhfuil dúil agat sa rud agus ní féidir dúil a bheith agat i rud mura dtuigtear é.

Is í feasacht teanga eochair na tuisceana agus spreagadh an ghnímh. Ach ní bhaineann an fheasacht sin leis an bhfarraige amháin. Níl aon amhras ann ná go bhfuil sí ceangailte freisin le coincheap an oileáin, an comhrá leanúnach a bhíonn ann de shíor idir cré is uisce, mórthír agus farraige. Ach an bhfuil an fheasacht oileánach seo le feiceáil go forleathan in Éirinn?

An dtuigeann muintir an oileáin go bhfuil siad ina gcónaí ar oileán agus go bhfuil a dtodhchaí ag brath ar chúinsí timpeallachta a bhaineann le haigéadú na farraige móire nó le sláinte an screamhuisce? Rian na farraige le haithint i logainmneacha Gaeilge na príomhchathrach (Baile Átha Cliath, Dubh Linn) agus ardú leibhéal na mara ag bagairt ar na mílte teach san ardchathair ach an eol do mhuintir na cathrach go bhfuil an t-eolas ar an uisce agus ar an bhfarraige de dhíth orthu? 

Scríobh oileánach eile Andri Snaer Magnason le déanaí faoi ghéarchéim na heaspa feasachta seo ar a oileán féin, an Íoslainn, ‘Nuair a bhí mé i mo ghasúr, d’fhoghlaim mé féin agus na páistí eile, ainmneacha na sléibhte ba thábhachtaí ach níor tugadh mórán aird ar dhoimhneacht na farraige móire. Is beag an bhéim a chuireann córas scolaíochta na hÍoslainne ar shaol na mara’.

Ar ndóigh, is amhlaidh atá an scéal in Éirinn. Má chuirtear críocha ghrinneall na farraige san áireamh tá Éire ar cheann de na tíortha is mó san Eoraip, deich n-uaire níos mó ná an t-oileán féin.

Ach cén sórt cur amach atá ag formhór ár muintire ar an dúiche ríshaibhir agus ríthábhachtach seo? I litríocht, i mbéaloideas agus stór focal na Gaeilge, is léir go bhfuil eolas as cuimse le fáil againn ar shaíocht seo na farraige atá lárnach d’ionannas éiceolaíoch oileánach nua a chruthú a bheas dírithe ar an todhchaí seachas ar mhiotais smolchaite, aonteangacha mhargadh na muc.    

Is Ollamh le Fraincis agus stiúrthóir ar an Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr i gColáiste na Tríonóide é Michael Cronin, údar an leabhair An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht.  Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Níl tuiscint dá laghad ag údair an phlean aeráide ar ról na Gaeilge i gcaomhnú na timpeallachta'

  • Eoghan Ó Néill

    Sin píosa an-suimiúil a bhfuil fírinne ann. Le himeacht na teangan chaill muid an nasc le beocht na n- aibhneacha, na sléibhte, na gcoillte, na farraige etc. go dtí gur thóg muid an meon coilíneach isteach ionainn agus uaidh sin gur cuma faoi truailliú uisce nó aeir nó talún. Ach tá orainn gearradh siar ar dhó ola, guail etc agus 35% de thalamh na tíre a chur faoi coillte measctha chun sceitheadh CO2 a ísliú agus chun an farasbarr a bhaint agus a stóráil sna crainn agus sa deireadh on ábhaor adhmaid.