LÁITHREACH BONN: Ná bímis ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil, bímis ag súil le buntáistí an tsaoil nua…

Ach gníomhú in am bheadh buntáistí iomadúla ag baint leis an athrú saoil is gá leis an bpláinéad a shlánú

LÁITHREACH BONN: Ná bímis ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil, bímis ag súil le buntáistí an tsaoil nua…

Cé acu ab fhearr linn lá stoirme geimhridh, teach cónaithe cluthar teolaí nó áitreabh a thugann cead isteach do gach séideán anfach? Cé acu ab fhearr linn lá ciúin socair, aer deas folláin nó aer salach a thugann nimh inár scamhóga?

Ceisteanna an-simplí, murach na polasaithe rialtais le blianta fada anuas a d’fhág drochthógáil tithe agus truailliú aeir mar uacht againn, agus a d’fhág sinn ag argóint inniu faoin gcostas mór ar iad a chur ina gceart, fad a thugaimid aghaidh freisin ar bhillí troma na stoirmeacha is na dtuilte atá ag bailiú nirt ón athrú aeráide.

Ach glacaimis sos seal ón anró is ón argóint agus dírímis ar thaobh eile den scéal. Samhlaímis go gcuirfidh gach rialtas na polasaithe cuí i bhfeidhm láithreach bonn ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta. Ceiliúraimis slán a fhágáil leis an seansaol ina mbímis ag truailliú is ag dumpáil as éadan, beag beann ar an bpraghas a d’íocfaí. Ceapaimis liosta de na buntáistí iomadúla a thiocfaidh leis an athrú saoil atá romhainn, má ghníomhaítear in am. Seo thíos tobliosta de mo chuid féin.

  • 1,300 duine gach bliain in Éirinn nach maróidh galair chroí is scamhóg de dheasca thruailliú an aeir ag peitreal, díosal, gual, móin agus leasú talún.
  • Billí fuinnimh tí is árasáin chomh híseal le cúpla céad euro sa bhliain. Is fíor go mbeidh aisíoc le déanamh ar dtús ar iasachtaí íseal-úis atá ar na bacáin don obair inslithe agus athfheistithe, ach beidh compord buan mar chuid den mhargadh.
  • Deis ag feirmeoirí agus ag na mílte scoileanna, clubanna spóirt agus hallaí pobail airgead a thuilleamh ón bhfuinneamh gréine a ghinfidh siad de bhreis ar a gcuid riachtanas féin, mar a tharlaíonn ina lán tíortha cheana féin.
  • Bia úr á cheannach againn gan stialla móra plaisteacha fillte air. Pé pacáistiú is gá déanta de tháirgí nua feamainne, glasraí, stáirsí nó páipéir a lobhfaidh sa talamh, nó d’ábhair ar nós gloine agus alúmanaim a úsáidfear arís is arís eile.
  • An bruscar micreaplaisteach atá i ngach clais sna haigéin, i ngach log sléibhe agus sa chré ina bhfástar ár gcuid bia ag laghdú in áit a bheith ag méadú as cuimse. An chré ag teacht chuici féin ón síornimhiú ar fheithidí is ar phlandaí fiáine.
  • Crainn, fálta is sceacha dúchasacha á gcur go flúirseach i ngach cearn, ar eastáit tithíochta is tionsclaíochta, i bpóca-ghairdíní cathrach agus sna gairdíní tuaithe a fhágtar sciomartha lom inniu ar mhaithe le mórthithe gáifeacha a bheith ar taispeáint do na comharsana. Ceol na n-éan is áilleacht na ndathanna mar bhalsam intinne ar stró laethúil an tsaoil.
  • Seirbhís bhus áisiúil ar chostas réasúnta idir gach sráidbhaile tuaithe agus baile mór mar atá i dtíortha ar nós na hEilvéise. Neamhspleáchas ag daltaí scoile is ag mic léinn seachas a dtuistí á síorthiomáint anonn is anall. Carr amháin ar a mhéid in ann freastal ar an ngnáth-theaghlach. Busanna samhraidh go dtí tránna is sléibhte, mar mhalairt ar thranglam tráchta an Domhnaigh. Cosc ar SUVanna toirtiúla mórthruaillithe atá ar an dara cúis is mó le méadú astaíochtaí ar fud an domhain le deich mbliana anuas.
  • Siúláin agus cosáin rothaíochta cois cladaigh, cois abhann, cois coille, cois portaigh, cois páirce ar fáil dúinn uile i bhfoisceacht deich nóiméad dár mbaile. Gan scuainí carranna lasmuigh de scoileanna na tíre maidin is iarnóin. Aclaíocht agus saoirse na hóige i réim i measc na bpáistí, iad amuigh ag imirt peile is scipeála gan imní a mbeatha ar a dtuismitheoirí.
  • Suaimhneas ag gabháil le cupán caife a ól ag cúinne sráide, gan callán dearg ó na feithiclí leictreacha ná hidrigine.
  • Athfhliuchadh ar réimsí móra portach agus riasc in Éirinn agus muid bródúil as an Amasóin bheag seo againn atá níos fearr fós ná foraoiseacha le carbóin a ionsú. Múiríní nua gan mhóin ar fáil do tháirgeoirí glasraí agus do gharraíodóirí.
  • An fiabhras turasóireachta a rinne plódú gránna ar cheantair sciamhacha an domhain maolaithe agus soláthar tithíochta a bhíodh ag freastal ar chuairteoirí ar fáil do phobal áitiúil. Deiseanna ann fós turas saoire a thabhairt i gcéin – ar bháid is ar thraenacha chomh maith le corrthuras eitleáin – ach deireadh leis an síorghiodam agus leis na fad-eitiltí is mó truailliú. Tobhach fíorard le híoc ag an 1% ‘sárthruaillitheoirí’ saibhre atá freagrach inniu as leath na n-astaíochtaí aerthaistil.
  • Nósanna nua táirgeachta agus siopadóireachta ann i leith éadaí, earraí leictreonacha agus bhréagáin na Nollag, a ghearrfaidh úsáid uisce is ceimiceán, sclábhaíocht ar phá íseal,  astaíochtaí loingseoireachta agus an dramhaíl uafásach atá ag carnadh i dtíortha bochta.

Cé acu ab fhearr linn, dáiríre, brionglóid aoibhinn mar seo a bheadh chun ár leasa nó an tromluí tubaisteach atá mar thoradh ar na seanpholasaithe? Gníomh amháin atá ar ár gcumas ná teagmháil le bancanna agus le comhlachtaí árachais nó pinsin a n-íocaimid airgead leo, le brú a chur orthu a gcuid infheistíochtaí i dtograí ola, guail agus gáis a chur ar ceal thar thréimhse blianta. Tá feachtais dhífheistithe den sórt seo tar éis geallúintí ar luach $40 trilliún a bhaint amach le naoi mbliana anuas agus tá a dtionchar ag méadú go seasta.

Is ríléir nach go réidh a ghéillfidh na hollchomhlachtaí ná na tíortha a thuill fortúin ón ola, gual is gás. Is iad a stiúraigh forás na heacnamaíochta leis na céadta bliain; agus thionscain mórán acu cogaí, deachtóireachtaí fuilteacha agus breabaireacht polaiteoirí ar mhaithe le smacht ar a gcuid acmhainní. Creidim go dtiocfaidh bunathruithe ar cothrom na cumhachta ar fud an domhain de réir mar a bheas foinsí fuinneamh gaoithe, gréine is eile ar fáil go saor agus go forleathan do gach tír. Bímis ag argóint faoi conas dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, cinnte, ach fáiltímis roimh na buntáistí ollmhóra chomh maith.

Is scríbhneoir agus tráchtaire í Anna Heussaff, agus ball den eagras Cairde na Cruinne/Friends of the Earth. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Ná bímis ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil, bímis ag súil le buntáistí an tsaoil nua…'

  • Eoghan Ó Néill

    Beidh na comhlachtaí móra ola, guail, eitleáin etc. an-mhíshona agus úsáidfidh siad gach modh chun cur ina aghaidh ach, mar adúirt sagart le déanaí ” mair go simplí, ní gá 20 péire bróg bheith agat”!

  • Seán Mag Leannáin

    Parthas ar domhan a bheadh ann ach níl seans faoin spéir go dtarlóidh sé.