LÁITHREACH BONN: Conas an éigeandáil aeráide agus bhithéagsúlachta in Éirinn a leigheas?

Caithfear feirmeoirí a spreagadh le gnáthóga a chaomhnú agus cúiteamh a thabhairt dóibh as ardchaighdeán na ngnáthóg sin

LÁITHREACH BONN: Conas an éigeandáil aeráide agus bhithéagsúlachta in Éirinn a leigheas?

Tá gnáthóga fiadhúlra le fáil ar gach feirm. Tá cuid de na gnáthóga seo coitianta – fálta sceach, claíocha teorann agus coillearnach. Tá cuid eile díobh nach bhfuil chomh fairsing – talamh féaraigh a bhfuil go leor speiceas ann, locháin, bogaigh agus talamh portaigh.

Is beag gnáthóg a bhíonn ar chuid de na feirmeacha (e.g. 3-4% den ghabháltas ar fad), ach i gcásanna eile is gnáthóg fiadhúlra an fheirm ar fad (100%) agus an fheirm á saothrú go fairsing agus an dúlra agus an fheirmeoireacht araon á gcothú aici.

Tá an bhithéagsúlacht tábhachtach ó thaobh na talmhaíochta de, soláthraíonn sí earraí go leor – bia, breosla agus snáithín. Ó thaobh na sochaí de, tá baint ag luachanna cultúrtha agus fóillíochta leis an bhfiadhúlra. Mar bharr air sin, is iomaí leas tábhachtach a dhéanann an fiadhúlra don phobal. Déanann sé cothaithigh a athchúrsáil go héifeachtach, is bac ar thuilte é, déanann sé pailniú ar phlandaí, rialaíonn sé lotnaidí agus galair agus stórálann sé carbón. (Tugtar seirbhísí éiceachórais ar an obair sin.)

Tá an bhithéagsúlacht ag dul i laghad go seasta le cúpla scór bliain ar fud an domhain, rud a fhágann go bhfuil laghdú déanta ar na seirbhísí éiceachórais atá ar fáil dúinn, stóráil carbóin cuir i gcás. Tá an meath céanna sin ar an mbithéagsúlacht ar thalamh feirme tarlaithe anseo in Éirinn freisin, agus an meath sin a thug ar Rialtas na hÉireann Éigeandáil Aeráide agus Bithéagsúlachta a fhógairt in 2019.

Ag COP26 i nGlaschú le déanaí, tarraingíodh aird ar an nGéarchéim Aeráide sa domhan agus a phráinní atá sé go ndéanfaí gníomh láithreach i ngach earnáil den tsochaí chun na hastaíochtaí carbóin atá ag síorardú a laghdú.

Tá sé de chúram ar Éirinn laghdú 50% a dhéanamh ar na gásanna ceaptha teasa (carbón san áireamh) faoin mbliain 2030.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, cuirtear an bhéim sa bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (2021) a foilsíodh le déanaí ar dhá mhórchuspóir: ‘foinsí carbóin a laghdú’ agus  ‘slogaidí carbóin a fheabhsú’. Tá ar chumas gach uile earnáil na foinsí carbóin a laghdú (i.e. trí úsáid níos lú a bhaint as breoslaí iontaise), ach den chuid is mó braitheann an dara cuspóir ‘slogaidí carbóin a fheabhsú’ ar ghnáthóga fiadhúlra a chaomhnú, a bhainistiú, agus a chruthú.

Is ionann slogaide carbóin (nó stóráil carbóin) agus carbón a ghabháil san atmaisféar agus é a stóráil i dtrí linn mhóra: fásra os cionn talún (i.e. crainnte, scrobarnach, féar), fásra faoi thalamh (i.e. fréamhacha) and an carbón san ithir (i.e. ábhar orgánach ithreach). Is furasta an stóras carbóin os cionn talún a fheiceáil ach is minic gur tábhachtaí an stóras carbóin faoi thalamh. Is féidir le plandáil foraoise den Sprús Sitceach lánfhásta thart ar 350 tonna carbóin a stóráil in aghaidh an heicteáir ach is féidir le portach dhá mhéadar ar domhain nár cuireadh isteach air suas le  8,000 tonna carbóin a stóráil in aghaidh an heicteáir (os cionn 20 uair níos mó ná foraois).

Tá an chuid is mó de ghnáthóga feirme (i.e. fálta sceach, féarach atá lán le speicis éagsúla, coillearnach) in ann carbón a stóráil ach athraíonn an méid a stóráiltear ó ghnáthóg go gnáthóg agus braitheann sé freisin ar chaighdeán na gnáthóige.

An 8,000 tonna carbóin atá portach dhá mhéadar ar domhain ábalta a stóráil, braitheann an cumas sin ar gan aon chur isteach a bheith déanta ar an bportach agus leibhéal ard uisce a bheith ann. Má laghdaíonn damáiste nó draenáil an leibhéal uisce sa bportach, d’fhéadfadh gur foinse charbóin a bheadh sa bportach seachas a bheith ina shlogaide carbóin.

Aithnítear sa bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (2021) go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag gnáthóga talamh feirme chun cuidiú le hÉirinn ár spriocanna aeráide a bhaint amach agus déantar roinnt moltaí sa bplean. Moladh amháin go ndéanfaí ithir orgánach phortaigh a draenáladh a fhliuchadh arís agus ceann eile go gcuirfí foraoiseacha.

Cinnte is maith againn na moltaí sin ach tá sé riachtanach freisin go gcaomhnófaí agus ndéanfaí bainistiú ceart ar na gnáthóga atá againn agus atá ag stóráil carbóin cheana féin (agus ag soláthar seirbhísí éiceachórais breise). Ó tharla nach bhfuil feirmeoirí i dteideal aon mhaoiniú faoin bpolasaí talmhaíochta i leith gnáthóga stórála carbóin amhail  móinteach, coillearnach, portach nach bhfuil draenáilte agus scrobarnach, níl aon spreagadh ag na húinéirí talún chun na gnáthóga sin a chaomhnú, agus sin d’ainneoin a thábhachtaí is a d’fhéadfaidís a bheith agus sinn ag déileáil leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta is aeráide.

Is léir ón taighde dá mhéid cineálacha gnáthóg a chaomhnaítear gur fearr a chinnteofar go gcuirfidh siad na seirbhísí éiceachórais ar fáil.

Ní hé amháin go bhfuil sé tábhachtach gnáthóga a shábháil ach tá caighdeán agus sláinte na ngnáthóg tábhachtach freisin ar mhaithe leis an gcarbón a stóráil agus an bhithéagsúlacht. Mar shampla, tá fálta sceach ar fud na háite in Éirinn (thart ar 4% den talamh ar fad) agus mar sin is iontach tairbheach iad chun carbón a stóráil. Dá bhfágfaí gan gearradh iad níos minice agus ligean dóibh fás níos airde, is mó carbón a bheidís in ann a stóráil agus is mó leas a dhéanfaidís d’fhiadhúlra na feirme.

Más linn an éigeandáil aeráide agus bhithéagsúlachta in Éirinn a leigheas, caithfimid gnáthóga ilfheidhmeacha fiadhúlra  a chaomhnú agus a bhainistiú. Chun é sin a dhéanamh, caithfear feirmeoirí a spreagadh le gnáthóga a chaomhnú agus cúiteamh a thabhairt dóibh as ardchaighdeán na ngnáthóg sin. Tá sé i gceist athruithe a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP) ionas go gcúiteofar feirmeoirí as caighdeán agus méid na ngnáthóg agus is cuidiú a bheidh ansin. Ach ní féidir a bheith ag brath ar íocaíochtaí poiblí (ón rialtas) lena chinntiú go mbeidh soláthar earraí poiblí comhshaoil (i.e. seirbhísí éiceachórais) ar fáil mar níl sin inbhuanaithe.

I dtíortha eile cúitíonn ‘an margadh’ na húinéirí talún a chuireann na seirbhísí éiceachórais is mó ar fáil trí phraghas níos fearr a thabhairt ar bhainne, feoil nó grán ardchaighdeáin. An bhfuil sé in am ag an tír seo tabhairt faoi chomhpháirtíocht phoiblí-príobháideach, meascán d’íocaíochtaí poiblí (polasaí) agus príobháideacha (bunaithe ar an margadh) chun leibhéal níos airde seirbhísí éiceachórais, amhail bithéagsúlacht agus stóráil carbóin, a sholáthar?

Taighdeoir de chuid Teagasc é an Dr Daire Ó hUallacháin. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Conas an éigeandáil aeráide agus bhithéagsúlachta in Éirinn a leigheas?'