LÁITHREACH BONN 24: Seachain Putin – ní mór dúinn a bheith an-chúramach lenár dtoghcháin Eorpacha

Is é an leigheas is fearr atá againn ar iarrachtaí Vladimir Putin tionchar a imirt ar ár dtoghcháin ná go vótálfadh muintir na hÉireann ‘ar son na hEorpa’

LÁITHREACH BONN 24: Seachain Putin – ní mór dúinn a bheith an-chúramach lenár dtoghcháin Eorpacha

Is fuath le Rúis Putin an tAontas Eorpach. Is fuath léi ár slí bheatha. Is fuath go mór le Putin na saoirsí atá ag ár saoránaigh agus is fuath go mór leis go bhfuil níos mó agus níos mó d’iarstáit satailíte na Rúise ag iarraidh teacht isteach san Aontas. Cén fáth? Toisc go bhfuil eagla air go bhfeicfidh a shaoránaigh ár slí bheatha agus go dteastóidh uathu é a fháil dóibh féin.

Dá bhrí sin, déanann sé ciall fhoirfe do Putin agus dá leathbhádóirí a ladhar a chur isteach inár bpróisis dhaonlathacha agus toghcháin chun míshástacht a chothú agus cúrsaí a chur ina gcíor thuathail. Mar gur Aontas Eorpach lag a bheadh in Aontas Eorpach a bheadh i ngéarchéim.

Níor cheart gur cúis iontais dúinn an méid a tháinig chun solais le déanaí ón Roinn Stáit sna Stáit Aontaithe go bhfuil an Rúis ag iarraidh cur isteach ar thoghcháin na hÉireann. Tá Éire ar cheann de na Ballstáit is mó ar son na hEorpa agus an leibhéal tacaíochta anseo go comhsheasmhach sna 80idí arda. Is eiseamláir sinne de gach rud is fuath leis.

Tá taithí ag an Rúis maidir lena ladar a chur isteach i dtíortha eile. Chuir siad isteach ar Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2016 chun cabhrú le Trump; chaith siad na céadta milliún in Olltoghchán na hIodáile in 2022 chun tacú le páirtithe frith-AE atá i bhfad amach ar an eite dheis, agus i mí Mheán Fómhair seo caite, chuir siad isteach ar Olltoghchán 2023 na Slóvaice chun cabhrú le Príomh-Aire atá go hoscailte ar son na Rúise a thoghadh.

Mar bharr ar an donas, le linn laethanta tosaigh phaindéim Covid-19, scaip an Rúis bréagnuacht faoin gcaoi a raibh siad ag tacú le muintir na hIodáile fad a bhí slad á dhéanamh ag an víreas ar a dtír.

Is mian leis an Rúis an bonn a bhaint ó thacaíocht sheanbhunaithe an Aontais do mhuintir na hÚcráine trí chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa a athrú. Dá bhrí sin, tá na Toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024 ríthábhachtach d’Éirinn, don Aontas Eorpach i gcoitinne, agus do na tíortha sin ar mian leo teacht isteach san Aontas.

Is mian leis an Rúis fiú níos mó bolscairí de chuid Putin a bheith ann agus an bonn á bhaint acu go gníomhach ón Aontas, agus ónár dtacaíocht do chearta an duine, don daonlathas agus don dlí idirnáisiúnta, i bParlaimint na hEorpa.

Ní mór dúinn a bheith an-chúramach lenár dtoghcháin an bhliain seo chugainn. Tá a lán bréagnuachta ar son na Rúise á scaipeadh in Éirinn cheana féin. Is sochaí an-digitithe sinn, mar sin tá go leor deiseanna ag haiceálaithe olca agus ag caimiléirí ar líne cur isteach ar ár gcórais toghcháin.

Ní mór do Rialtas na hÉireann aird chuí a thabhairt ar an mbagairt sin. Ní mheasann an Rúis go bhfuil sinn neodrach ó thaobh an chogaidh san Úcráin de. Cé nár chuireamar airm chuig an Úcráin, is léir gur thaobhaigh sinn le muintir na hÚcráine.

Ba chóir don Aire Darragh O’Brien, mar an tAire atá freagrach as na toghcháin, tascfhórsa speisialta a thionól chun anailís a dhéanamh ar an mbagairt agus bearta maolaithe a mholadh chun ár bpróisis dhaonlathacha a chosaint.

Ní mór don Aire oifigigh óna Roinn, ón gCoimisiún Toghcháin a bunaíodh le déanaí, saineolaithe ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, agus gairmithe teicniúla ríthábhachtacha ón iliomad ardán meán sóisialta atá ag feidhmiú, nó a bhfuil a gceanncheathrú in Éirinn, a thabhairt le chéile.

Is é an ról a chaithfidh a bheith acu ná vótaí ár ndaoine a chosaint. Is vótaí iad sin ar throid na glúnta roimhe seo d’fhir agus de mhná na hÉireann ar a son agus a bhfuair siad bás ar a son.

Nuair a bheidh ár muintir ag vótáil i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana seo chugainn, ba cheart dóibh a bheith ag vótáil bunaithe ar fhíricí seachas ar bhréagnuacht ó Putin.

Ar leibhéal níos leithne, tá sé ríthábhachtach go léireofar seasamh na hÉireann ar son na hEorpa sna daoine a chuirimid chuig Parlaimint na hEorpa chun ionadaíocht a dhéanamh orainn. I gcás tír atá ar son an Aontais Eorpaigh, tá líon rómhór Feisirí Eoraisceipteacha nó Eoraichriticiúla againn a dhéanann ionadaíocht orainn.

Is é an leigheas is fearr atá againn ar iarrachtaí Putin tionchar a imirt ar ár dtoghcháin ná go vótálfadh muintir na hÉireann atá ar son na hEorpa d’iarrthóirí atá ar son na hEorpa i dtoghchán na bliana seo chugainn.

Ná fágaimis aon dul amú ar Putin ná ar a leathbhádóirí faoin áit a seasann muintir na hÉireann maidir leis an daonlathas, an smacht reachta, an tsaoirse agus cearta an duine.

Is feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil é Billy Kelleher

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Seachain Putin – ní mór dúinn a bheith an-chúramach lenár dtoghcháin Eorpacha'