Laghdú 25% ar astaíochtaí carbóin an sprioc nua d’fheirmeoirí

Tháinig ceannairí pháirtithe na Rialtais ar réiteach inniu ar an tsáinn sna cainteanna faoi laghdú na n-astaíochtaí náisiúnta

Laghdú 25% ar astaíochtaí carbóin an sprioc nua d’fheirmeoirí

Beidh ar lucht earnáil na talmhaíochta  astaíochtaí carbóin a laghdú 25% faoi 2030, de réir plean a d’aontaigh ceannairí pháirtithe an Rialtais inniu.

Is é an sprioc atá i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais, na hastaíochtaí náisiúnta a laghdú 51% faoin mbliain 2030 agus iad a laghdú idir 22% agus 30% in earnáil na talmhaíochta.

Ach bhí easaontas mór idir páirtithe an Rialtais faoi cén sprioc ba cheart a bheith ann d’fheirmeoirí.

Tuairiscíodh gur 26% an sprioc ba lú a raibh ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, sásta leis agus go raibh an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue suite nach rachfaí níos airde ná 24%.

Bhí cuid mhaith Teachtaí Dála i bpáirtithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael ag éileamh gurb é an laghdú is lú a shocrófaí, 22%, ach bhí Teachtaí an Chomhaontais Ghlais ag iarraidh gurb é an figiúr is airde, 30%, a chuirfí i bhfeidhm.

Ba é cruinniú Rialtais an lae inné an ceann deiridh roimh shaoire an tsamhraidh agus tuairiscítear go ndéanfaí cruinniú neamhchorpartha a ghairm tráthnóna le glacadh le socrú cheannairí na bpáirtithe, An Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan.

Fógrófar beartais éagsúla le feirmeoirí a spreagadh a gcuid talún á úsáid ar bhealaí nua.

Fág freagra ar 'Laghdú 25% ar astaíochtaí carbóin an sprioc nua d’fheirmeoirí'