Laethanta saoire sa Ghaeltacht do pháistí Éireannaigh i gcéin geallta ag fear gnó

Deir Peter Casey, a bhfuil ainmniúchán á lorg do thoghchán na huachtaránachta aige, go gcuirfeadh sé saoire sa Ghaeltacht ar fáil do pháistí imircigh as Éirinn

Laethanta saoire sa Ghaeltacht do pháistí Éireannaigh i gcéin geallta ag fear gnó

Tá ráite Peter Casey, an fear gnó a bhfuil ainmniúchán á lorg do thoghchán na huachtaránachta aige, go gcuirfeadh sé saoire sa Ghaeltacht ar fáil do pháistí imircigh as Éirinn.

Agus cur i láthair á dhéanamh aige do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath inné, dúirt Casey dá dtoghfaí ina uachtarán é go mbunódh sé scéim faoina dtabharfaí mí saoire sa tír seo do pháistí na nÉireannach a chuaigh ar imirce.

Chaithfeadh na páistí a rugadh i gcéin tréimhse sa Ghaeltacht agus thabharfaidís cuairt freisin ar Bhaile Átha Cliath agus ar an tuaisceart, a dúirt Casey.

Vótáil Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath inné gan tacú le hiarrthóir ar bith sa toghchán uachtaránachta.

Ba iad na daoine eile a lorg tacaíocht na Comhairle inné ná an t-iriseoir Gemma Doherty, Marie Goretti Moylan as Áth Luain, Sarah-Louise Mulligan, gníomhaí ‘ar son na beatha’, agus Norma Burke.

Bhí raic sa chomhairle faoi chur i láthair Burke, a thugann Bunty Twuntingdon-McFluff uirthi féin chomh maith. Bhí neart comhairleoirí míshásta lena cur i láthair inar dhúirt sí go ndéanfadh sí “hunting lodge and spa” d’Áras an Uachtaráin agus go gcuirfeadh sí tús le clár teilifíse réaltachta dar teideal ‘In Your Áras’.

Fág freagra ar 'Laethanta saoire sa Ghaeltacht do pháistí Éireannaigh i gcéin geallta ag fear gnó'

  • Eoin Ó Brolacháin

    Seans go n-éireodh níos fearr leis dá mbeadh an ceannlíne seo agaibh: ‘Laethanta saoire i gcéin geallta ag fear gnó do pháistí Gaeltachta’