Lá stairiúil eile ach gan aon chlabhsúr go fóill ar scéal fada Dhomhnach na Fola

B’fhada teaghlaigh Dhomhnach na Fola ag fanacht le cás cúirte ach cúrsaí éiginnte fós i ngeall ar argóint faoi fhianaise a bheith inghlactha nó a mhalairt

Lá stairiúil eile ach gan aon chlabhsúr go fóill ar scéal fada Dhomhnach na Fola

Lá stairiúil eile i scéal fada Dhomhnach na Fola. 53 bliain i ndiaidh an tsléachta ar shráideanna Dhoire chuaigh saighdiúir F ar a thriail sa chúirt Chorónach i mBéal Feirste. Sé F an t-aon duine a cúisíodh ariamh i dtaca leis an eachtra ar an 30 Eanáir 1972.

Séanann an t-iar-leascheannaire i bparatrúpaí Arm na Breataine dúnmharú beirte agus iarrachtaí chun cúigear eile a dhúnmharú ar an lá a mharaigh a reisimint 13 ar léirsiú cearta sibhialta i dTaobh an Bhogaigh. Fuair an ceathrú fear déag bás níos deireanaí agus gortaíodh 13 eile.

Is iomaí lá stairiúil caite ag teaghlaigh Dhomhnach na Fola sna blianta ó shin. Ina measc bhí fiosrú Widgery a thug bréagchuntas oifigiúil ar an méid a tharla ag cur locht ar na híobartaigh chun freagracht an stáit a cheilt. B’fhada ansin go dtí na laethanta nuair a fuarthas tacaíocht idirnáisiúnta don tóir ar an gceart agus ar deireadh géilleadh na Breataine, ón bPríomh-Aire Tony Blair, gur ghá fiosrú poiblí nua faoi cheannas an Tiarna Saville.

Tar éis dhá bhliain déag, in 2010, chinn binse fiosraithe Saville gur mharuithe ‘gan chúis gan údar’ a rinne na Paratrúipéirí.

Ghabh Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, leithscéal as iompar ‘dochosanta’ an Airm, é ag aontú le Saville nach raibh bunús ar bith leis an scaoileadh. Ba é foilsiú thuairisc Saville agus leithscéal Cameron i dTeach na Parlaiminte i Londain a taispeánadh beo ar scáileáin i gCearnóg an Guildhall i nDoire buaicphointe an fheachtais chun ainmneacha na marbh a ghlanadh. Chuir siad sin deireadh go deo leis na bréaga a bhí inste ag Arm na Breataine agus ag an mbunaíocht gur ag freagairt d’ionsaithe a bhíodar nuair a scaoil siad leis an slua.

Ba leor é an rialú go raibh a muintir neamh-armtha agus neamhchontúirteach chun cuid de na teaghlaigh a shásamh ach theastaigh lá sa chúirt ó mhuintir William McKinney agus James Wray. Dé Luain d’fháiltigh siad roimh an deis agus thacaigh na teaghlaigh eile leo, iad uilig ag súil leis an gcóir. Is iad dúnmharuithe Willie McKinney agus Jim Wray agus iarrachtaí Patrick O’Donnell, Joseph Friel, Joe Mahon, Michael Quinn agus duine eile a mharú na cúiseanna atá curtha i leith an iarshaighdiúra.

Tugadh F, nach féidir a ainmniú, isteach sa chúirt sular ligeadh éinne eile isteach. Bhí sé folaithe ó na teaghlaigh agus na meáin ag cuirtín mór dubh a crochadh thart ar ghabhann na cúirte.

Ó tá an cás sub judice ní féidir miondealú a dhéanamh air ach tá sé láncheadmhach tuairisciú ar an méid a thit amach. Dúirt abhcóide an Ionchúisimh, Lewis Malby gur le heachtraí a tharla ag láthair amháin ar leith ar Dhomhnach na Fola a bhain na cúiseanna in aghaidh F. B’in rois lámhaigh i gClós Ghleann Fada Thuaidh, clós beag idir tithe i dTaobh an Bhogaigh. Nuair a tháinig saighdiúir F agus grúpa comhghleacaithe isteach sa chlós, thosaigh daoine ag rith uathu. Scaoil na saighdiúirí leis na daoine a bhí ag teitheadh uathu, arsa an t-abhcóide, agus maraíodh William McKinney is James Wray agus gortaíodh ceathrar eile.

Bhí an scaoileadh gan chúis, gan údar, ar sé, agus rinneadh é chun daoine a mharú nó ar a laghad chun iad a ghortú go dona. Bhí na daoine ar scaoileadh leo neamharmtha, níor chontúirt ar bith iad do na saighdiúirí agus níorbh fhéidir, dar leis an abhcóide, gur chreid na trúpaí go raibh siad i mbaol. D’inis sé don chúirt freisin gur inis na saighdiúirí bréaga, ag maíomh go raibh na daoine a lámhachadh armtha le gunnaí agus buamaí tairní. Léirigh na ráitis sin, áfach, go raibh an Saighdiúir F páirteach san eachtra.

Beidh tábhacht leis na ráitis sin ó shaighdiúirí eile maidir le F nuair a shuífidh an chúirt arís inniu, De Céadaoin. (Ní raibh seisiún ar siúl inné.) Tá dlíodóirí Shaighdiúir F ag argóint nár cheart don chúirt glacadh lena gcuntais mar nach mbeadh iontu ach fianaise chlostráchta.

Braithfidh cúrsa na trialach ar an gcinneadh a dhéanfar faoin argóint sin. Tá lucht tacaíochta an tsaighdiúra ag súil go gcuirfear stop leis an gcás ach na híobartaigh ag súil go mbeifear in ann ceart nó sciorta den cheart a fháil chun clabhsúr a chur ar Dhomhnach na Fola, ar deireadh thiar thall.

Tá an dá thaobh aontaithe go bhfuil sé thar am a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí ach eiseamláir is ea a ndifríochtaí ar gach a bhfuil le réiteach faoin gconspóid sin. Teastaíonn ó iarshaighdiúirí agus a lucht tacaíochta stop a chur leis an tóraíocht orthu, mar a thugann siad air, ach íobartaigh meáite de nár cheart go bhfaigheadh éinne díolúine ó ionchúiseamh agus go bhfiosrófaí gach marú go héifeachtach, mar atá dlite  faoin dlí cearta idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil eile ach gan aon chlabhsúr go fóill ar scéal fada Dhomhnach na Fola'