Dáta suntasach i stair na Gaeilge. An 20 Samhain 2025. Tús á chur ag an gcéad Choimisinéir Gaeilge, Pól Deeds lena théarma in oifig. Is iomaí Gaeilgeoir ar iomramh uaigneach i gcaitheamh na mblianta nach bhféadfadh a leithéid de lá a shamhlú. Céim ollmhór is ea bunú na hoifige i bprionsabal; an bhfaighidh sé deis a bheith rathúil? Ré nua don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann nó tuilleadh laincisí ó Stormont?
Sa bhfógra i scríbhinn a chuir an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly, faoi bhráid an Tionóil ag deireadh na míosa seo caite dúradh gurb é príomhaidhm an Choimisinéara “úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a fheabhsú agus a chosaint i leith soláthar seirbhísí don bpobal nó do sciar den phobal”. Dúradar chomh maith go dtabharfadh Pól Deeds tuiscint agus taithí luachmhar chuig an ról mar Choimisinéir Gaeilge i bhfianaise a chuid oibre mar Phríomhfheidhmeannach in An Droichead agus mar leas-phríomhfheidhmeannach i bhForas na Gaeilge.
Mar chuid den taithí luachmhar sin, gan dabht, bhí eolas maith ag Deeds ar na deacrachtaí a bhí ag an bhForas leis an DUP maidir lena bhuiséad. Chuir an páirtí bac ar mhúnla maoinithe chun easnamh a leigheas, fiú nuair a bhí an rialtas i mBaile Átha Cliath toilteanach an t-airgead a sholáthar gan aon phingin bhreise ó Stormont. Mar ghníomhaí teanga i mBéal Feirste le fada, go háirithe in An Droichead tionscnamh a thuill ardmheas, tuigfidh sé go maith na dúshláin a bheidh le sárú aige ina phost nua.
Beidh sé de chúram air na caighdeáin a leagan síos le haghaidh scothchleachtais sna húdaráis phoiblí i dtaca le húsáid na Gaeilge. Cuimseoidh sé sin polasaí, comhfhreagras, comharthaíocht, lógónna, féiniúlacht agus tuilleadh i gcás breis agus 100 foras poiblí. Beidh sé in ann na scothchleachtais a bheachtú de réir na gconarthaí cearta teanga idirnáisiúnta. Ní hé sin ceann scríbe, áfach, mar níl an Coimisinéir saor ó smacht. Faoin reachtaíocht, caithfidh Oifig an Fheidhmeannais – ie an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire in éineacht cinntí an Choimisinéara a fhaomhadh. D’uireasa a gceadsan, ní bheadh cinneadh bailí. Bua don DUP a thug a bhfeisire Gregory Campbell air sin, é deimhin de go dtugann sé smacht (ar an gcoimisinéir) dóibh nach mbeadh acu dá mbeadh an obair faoi choimirce rialtas na Breataine.
Seans mar sin go gcuirfidh an DUP bac nó moill ar an obair. Tá an páirtí ag tabhairt dúshlán pholasaí nua Gaeilge Chomhairle na Cathrach i mBéal Feirste. Tá an tAire Pobal, Gordon Lyons ag tacú le cás cúirte an bhlagaire dhílsigh, Jamie Bryson in aghaidh chinneadh an Aire Infreastruchtúir, Liz Kimmins Shinn Féin, comharthaíocht dhátheangach a cheadú sa mhórstáisiún iompair láir. Is é Gordon Lyons, an tAire atá freagrach as straitéis na Gaeilge agus tá athbhreithniú breithimh ar a fhaillí san dualgas sin ceadaithe do Chonradh na Gaeilge.
Ar an lámh eile mhol breitheamh san Ard-Chúirt go ngabhfadh na hairí Lyons agus Kimmins i gcomhairle leis an gCoimisinéir Gaeilge chun an t-aighneas eatarthu faoin gcomharthaíocht dhátheangach in Grand Central a réiteach. Níor léir fós go raibh an príomhghearánaí sa chás sin, Jamie Bryson, sásta glacadh leis an moladh, ná fonn comhghéillte ar na hairí. Anuas air sin tá liodáin d’éilimh ag Gaeilgeoirí, An Dream Dearg ina measc, ar an gCoimisinéir chun cearta teanga a chur i lár an aonaigh. Is léir go bhfuil meas ag lucht feachtais ar an Dr. Deeds. Mhol Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge an chomhairle a chuir sé ar Chomhairle Bhéal Feirste agus ar Translink, an comhlacht iompair a chuir ‘fáilte’ ar chomhartha ilteangach san stáisiún láir le gairid.
Tá Pól Deeds agus a chomhChoimisinéir ag dul i mbun oibre tráth a bhfuil an t-atmaisféar in Stormont go dona. Tá gothaí troda curtha ag an DUP orthu féin ó d’fhill siad i ndiaidh shaoire an tsamhraidh. Fad is a bhí siad ar saoire nocht pobalbhreith go raibh a dtacaíocht á creimeadh i gcónaí agus an TUV ag neartú. Dá réir sin, tá an páirtí ag bogadh ar dheis, ag iarraidh daoine a mhealladh ar ais ón TUV agus tá siad fíochmhar ina n-ionsaithe ar Shinn Féin, Alliance agus an SDLP.
Is minic a cháineann siad rialtas na hÉireann freisin agus a gceannaire Gavin Robinson an-mhíshásta gur tugadh éisteacht d’Éirinn maidir leis an reachtaíocht faoi Oidhreacht na dTrioblóidí. Ní de sheans a tharla sé nach raibh aon ionadaí, fiú comhairleoir saor chun freastal ar insealbhú an Uachtaráin, Catherine Connolly ó dúirt ceannaire an TUV, Jim Allister nach mbeadh aontachtóir ar bith arbh fhiú an t-ainm é sásta freastal ar an ócáid.
Is ag treisiú ar an teannas a bheifear idir seo agus an toghchán Tionóil i mí Bealtaine 2027. Fágann sin bliain go leith nuair a chaithfidh Coimisinéir na Gaeilge a bheith seiftiúil chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach. Go n-éirí leis ach ní haon ribín réidh é.
Pól Réamonn
@Ní de sheans a tharla sé nach raibh aon ionadaí, fiú comhairleoir saor chun freastal ar insealbhú an Uachtaráin, Catherine Connolly ó dúirt ceannaire an TUV, Jim Allister nach mbeadh aontachtóir ar bith arbh fhiú an t-ainm é sásta freastal ar an ócáid – Sin é meon na pháirtithe Aontachtach Uladh. Gan inchinn, gan tuiscint agus gan ceannaireacht. Is míorúilt é go bhfeidhmíonn na Sé Chontae.