Lá na cinniúna do Chúige Mumhan agus do Chúige Laighean i gCorn na gCuradh

Ní bheidh mórán idir na foirne i gcluichí leathcheannais Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo agus seans mór ag Cúige Mumhan agus Cúige Laighean araon

Lá na cinniúna do Chúige Mumhan agus do Chúige Laighean i gCorn na gCuradh

Rassie Erasmus

Ní bheidh mórán idir na foirne i gcluichí leathcheannais Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo agus seans mór ag Cúige Mumhan agus Cúige Laighean araon

Is cinnte gurb iad cluichí leathcheannais Chorn na gCuradh, a bheas á n-imirt an deireadh seachtaine seo, an tástáil is mó a chuirfear ar Chúige Mumhan agus ar Chúige Laighean ó thosach an tséasúir seo.

Tá de bhuntáiste ag na Muimhnigh a bheith ag imirt ina dtír féin agus Saracens Londan rompu i Staid Aviva tráthnóna inniu, Dé Sathairn, sa gcéad bhabhta leathcheannais. Ainneoin an buntáiste sin, níl na geallghlacadóirí in ann an dá fhoireann seo a scaradh, iad ag tabhairt 10/11 orthu araon. Is iad Saracens curaidh an chomórtais seo faoi láthair agus ainneoin go bhfuil siad sa tríú háit ar thábla an Premiership, seacht bpointe taobh thiar de Wasps atá sa gcéad áit, seans gurb iad seo an fhoireann is fearr atá ag imirt i Sasana faoi láthair. Ach an oiread leis na Muimhnigh, tá painéal Saracens lán le himreoirí a bhfuil taithí acu ar bheith ag imirt ag an leibhéal idirnáisiúnta, leithéidí Owen Farrell, fear a bhí lárnach i mbua na Sasanach i gcomórtas na Sé Náisiún agus atá anois ar phainéal na Leon. Is minic a bhris Farrell croí na nGael agus ní athróidh sé a phort inniu.

Bhí neart deacrachtaí ag na Muimhnigh agus iad ag ullmhú don chluiche seo. Tá imní orthu maidir le Murray agus CJ Stander nár imir cluiche le cúpla seachtain anuas agus mar bharr ar an mí-ádh ní raibh an dara rogha acu mar leathchúl clibirte, Duncan Williams, in ann imirt i gcoinne na nUltach i gcluiche Pro 12 an tSathairn seo caite. Seachas na himreoirí sin, bhí a chéad rogha ar fáil do Rassie Erasmus agus é ag réiteach don choimhlint seo. Níl aon dabht ach go mbeidh sárchluiche againn idir dhá fhoireann a bhfuil stair iontach acu sa gcomórtas seo. Má tá buntáiste ag ceachtar acu ar a chéile, seans gurb é sin lucht leanta dílis na Mumhan a bheas i láthair san Aviva ina sluaite. D’uireasa Murray, caithfidh siad a bheith níos glóraí ná riamh ón tús más leo aon tionchar a bheith acu ar chlár na scór.

Amárach, thall sna hAlpa sa Fhrainc a bheas na Laighnigh agus iad ag tabhairt faoi Clermont sa dara cluiche leathcheannais. Ach an oiread leis na foirne a imreoidh inniu, níl na geallghlacadóirí in ann na foirne seo a scaradh.

Más tada é seans gur leis na Laighnigh atá aon bhuntáiste dá bhfuil ann, ainneoin gurb iadsan atá ag taisteal thar sáile. Tá seanchleachtadh acu ar an mbabhta seo den chomórtas seo atá buaite ceithre huaire acu agus ní raibh d’údar imní ag Leo Cullen le cúpla seachtain anuas ach gan fáil a bheith aige ar Jamie Heaslip agus Rob Kearney.

Is díol trua iad foireann Clermont, dáiríre, agus an comórtas beagnach buaite acu cúpla uair. Faraor ag dul abhaile folamh a bhí siad go dtí seo. D’éirigh leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach cúpla babhta,  ach níor éirigh leo greim a fháil ar an gcorn go fóill.

Tá mise ag tuar go mbeidh tionchar ollmhór ag Johnny Sexton ar an gcluiche seo agus gurb é sin an difríocht a bheas eatarthu ag a dheireadh, tar éis sárchluiche sa bhFrainc.