Lá mór do na Sáirséalaigh, obair le déanamh ag Corcaigh agus dul chun cinn na gCláiríneach

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra CLG a imríodh an deireadh seachtaine seo

Lá mór do na Sáirséalaigh, obair le déanamh ag Corcaigh agus dul chun cinn na gCláiríneach

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Lá mór do na Sáirséalaigh agus do chlann McGrath

Bhuaigh Sáirséalaigh na Gaillimhe Craobh Shinsir Chamógaíochta na hÉireann den chéad uair riamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Shleacht Néill i bPáirc an Chrócaigh inné.

Pointe amháin a bhí le spáráil ag na Sáirséalaigh ag deireadh na himeartha agus cluiche ceannais na hÉireann buaite ag an gcumann den tríú huair riamh. Bhuaigh fir na Sáirséalach Craobh Iomána na hÉireann faoi dhó ag tús na nóchaidí agus d’imir Michael McGrath, atá anois ina bhainisteoir ar an bhfoireann chamógaíochta, sna cluichí sin. Bhí ceathrar iníonacha ag McGrath sa gcluiche a bhuaigh na Sáirséalaigh inné – Clodagh, Niamh, Orlaith agus Siobhán.

Bhí tionchar nach beag acu ar an gcluiche chomh maith.

Tháinig scór cinniúnach an lae ó chomhimirt idir na deirfiúracha in am cúitimh. Thug Niamh, an captaen, pas d’Orlaith a d’imigh léi ar ruathar. Agus í timpeallaithe ag cosantóirí Shleacht Néill, d’éirigh le hOrlaith pas a thabhairt do Shiobhán agus d’aimsigh an lántosach cúl an bhua do na Sáirséalaigh.

Briseadh croí a bhí i ndán do Shleacht Néill agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan don cheathrú bliain as a chéile. Tá cáil bainte amach ag deirfiúracha Uí Chasaide agus iad ag imirt leis an gcumann sin le blianta beaga anuas. Roghnaíodh Bróna, Eilís agus Aoife ar shárfhoireann na bliana anuraidh ach rinne Bróna agus Eilís cinneadh dul ag taisteal i mbliana, rud a d’fhág Sleacht Néill faoi mhíbhuntáiste dá n-uireasa.

Bhuaigh Sleacht Néill ar na Sáirseálaigh faoi dhó i gcluichí ceannais na hÉireann, in 2017 agus in 2018, ach rinne mná Nic Craith cinnte de nach mbeidís féin ag imeacht as Páirc an Chrócaigh in ísle brí arís i mbliana.

Obair le déanamh ag Corcaigh

Bainisteoir Chorcaí, Kieran Kingston. Pictiúr:
INPHO/Ryan Byrne

Tá deireadh tagtha le feachtas Chorcaí sa tsraith iomána tar éis do Ghaillimh an ceann is fearr a fháil orthu i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh. Tugadh ábhar machnaimh do Kieran Kingston, idir mhaith agus olc.

Tá níos mó scóranna aimsithe ag Corcaigh ná atá ag aon fhoireann eile i Roinn 1 seachas Cill Chainnigh ach tá siad fós ag brath rómhór ar Patrick Horgan. Scóráil Horgan naoi bpointe in aghaidh na Gaillimhe ach níor aimsigh an cúigear eile a thosaigh sna tosaithe do Chorcaigh ach ceithre phointe eatarthu.

As an 11-90 atá aimsithe ag Corcaigh i rith na sraithe seo, fuair Horgan 3-49 acu, nach mór 50% de na scóranna. Níl Horgan féin gan locht, áfach. Níl ach dhá phointe scóráilte aige ón imirt sa gcúig chluiche go dtí seo, ceann in aghaidh Luimnigh agus ceann in aghaidh Thiobraid Árann, agus is cinnte go mbeadh imreoir chomh cumasach leis ag súil le níos mó ná sin.

Caithfidh cosantóirí Chorcaí feabhsú go mór. An Iarmhí agus Ceatharlach an t-aon dá fhoireann a ghéill níos mó scóranna ná Corcaigh i Roinn 1. Bhí fadhb mhór ag cosantóirí Chorcaí in 2019 agus is léir nach bhfuil aon réiteach aimsithe fós acu ar an laige sin.

An Clár ag dul ó neart go neart faoi cheannas Lohan

Brian Lohan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Bhain iománaithe an Chláir áit amach i gcluiche leathcheannais na sraithe inné tar éis dóibh Áth Cliath a shárú i bPáirc Uí Chíosóg. Bhí éiginnteacht sa chontae i rith an fhómhair maidir le cé a cheapfaí mar bhainisteoir ach leagadh an cúram ar Bhrian Lohan faoi dheireadh agus tá ag éirí go geal leis go dtí seo.

Níl aon chluiche sraithe caillte acu go fós in 2020 agus bhí siad i bhfad rómhaith d’Áth Cliath i bPáirc Uí Chíosóg.

Baineann foireann an Chláir úsáid as an modh díreach níos minice ó tháinig Lohan isteach anois agus feileann an stíl imeartha sin d’imreoirí ar nós Shane O’Donnell agus John Conlon.

Tá David McInerney aistrithe go lár na páirce ag Lohan agus é ag imirt go maith ann go dtí seo. Bhí McInerney agus Tony Kelly ar fheabhas arís inné. D’aimsigh McInerney ceithre phointe ón imirt agus fuair Kelly dhá phointe dhéag.

Bhí na Cláirínigh chomh láidir in 2018 gur éirigh leo cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach, ach chuadar ar gcúl anuraidh agus theip orthu teacht slán as Craobh na Mumhan. Feicfimid amach anseo an mbeidh Lohan in ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh leis an bhfoireann seo ach is cinnte go bhfuil sé ag dul sa treo ceart faoi láthair.

Oiread na fríde idir na foirne i Roinn 2 na sraithe peile

Foireann Chill Dara. Pictiúr: INPHO/Philip Magowan

Fógraíodh an deireadh seachtaine seo gur Corn Tailteann a thabharfar ar an gcraobh nua peile a gcuirfear tús léi an samhradh seo. Is iad na foirne a bheidh i Roinn 3 agus i Roinn 4 ag deireadh na sraithe a bheidh ag glacadh páirt sa chomórtas nua seo, sin mura n-éiríonn leo cluiche ceannais an chúige a bhaint amach.

Fágann sé sin go bhfuil tábhacht bhreise ag baint leis na cluichí i Roinn 3 agus Roinn 2 an t-earrach seo.

I Roinn 3, tá sé ionann is cinnte go mbainfidh Corcaigh ardú céime amach agus cúig chluiche buaite acu as cúig cinn. Beidh dian-iomaíocht don spota eile agus An Dún, An Longfort, Doire agus Uíbh Fhailí fós san iomaíocht.

Tá an iomaíocht níos géire fós i Roinn 2. Níl ach trí phointe idir Ros Comáin ag barr an tábla agus Cill Dara sa seachtú háit. Is í foireann Fhear Manach atá ag bun an tábla faoi láthair ach cuireadh a gcluiche in aghaidh Ard Mhacha ar ceal ag an deireadh seachtaine de bharr na drochaimsire. Dá n-éireodh leo an cluiche sin a bhuachan, bheadh siad ar comhchéim le Cill Dara agus leis an gClár ar cheithre phointe.

Deireadh seachtaine iontach a bhí ann don dá fhoireann sin. Tar éis dóibh trí chluiche as a chéile a chailliúint, tháinig Cill Dara aniar aduaidh ar Laois.

Beirt Chiarraíoch atá i gceannas na bhfoirne, Jack O’Connor ar Chill Dara agus Mike Quirke ar Laois, agus ba le fear Uíbh Ráthaigh a bhí an lá nuair a bhuaigh Cill Dara le cúig phointe.

Bhí an Clár ag streachailt i Roinn 2 chomh maith agus trí chluiche as ceithre cinn caillte acu. Ach fuair siad bua iontach inné nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an gCabhán, 1-14 in aghaidh 0-15.

Fágann na torthaí sin nach bhfuil aon fhoireann i Roinn 2 slán agus babhtaí cinniúnacha na sraithe fós le teacht.

Fág freagra ar 'Lá mór do na Sáirséalaigh, obair le déanamh ag Corcaigh agus dul chun cinn na gCláiríneach'