Lá mór d’iarscoláire Gaelcholáiste agus na comórtais lúthchleasaíochta ag tosú sna Cluichí Oilimpeacha

Beidh Síofra Cléirigh Büttner san iomaíocht sa chomórtas 800m go moch ar maidin agus í ag iarraidh áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais

Lá mór d’iarscoláire Gaelcholáiste agus na comórtais lúthchleasaíochta ag tosú sna Cluichí Oilimpeacha

Beidh iardhalta Gaelcholáiste san iomaíocht i dTóiceo níos deireanaí agus tús á cur leis na comórtais lúthchleasaíochta ag na Cluichí Oilimpeacha.

Beidh Síofra Cléirigh Büttner san iomaíocht sa chomórtas 800m go moch ar maidin agus í ag iarraidh áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais.

Iarscoláire de chuid Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath í Cléirigh Büttner, a bhris curiarracht na hÉireann sa rás 800m faoi dhíon níos luaithe i mbliana.

Beidh rás Chléirigh Büttner ag 2.49am Dé hAoine, agus beidh sé le feiceáil beo ar RTÉ. Beidh beirt eile as Éirinn, Nadia Power (2.33am) agus Louise Shanahan (2.41am) ag glacadh páirt i gcomórtas 800m na mban freisin ar maidin.

Sé rás cáilithe ar fad atá sa chomórtas. Rachaidh an chéad triúr i chuile rás ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais agus rachaidh an seisear eile is tapa tríd freisin.

Beidh an Déiseach Thomas Barr san iomaíocht sa chliathrás 400m ar maidin ag 3.41am agus beidh Sophie Becker, Phil Healy, Cillín Greene agus Christopher O’Donnell ag glacadh páirt sa rás 4×400 measctha ag meán lae Dé hAoine.

Tá cluiche cinniúnach ag foireann haca na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar an India. Tá gach seans ann go mbainfidh mná na hÉireann áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais má bhuann siad an cluiche atá le tosú ag 3.45am.

Beidh súil ann go n-éireoidh go maith le Kellie Harrington agus bean Bhaile Átha Cliath ag troid den chéad uair sna Cluichí Oilimpeacha anocht. Tabharfaidh Harrington, curadh an domhain in 2018, aghaidh ar Rebecca Nicoli na hIodáile sa rannóg éadrom-mheáchan ag 3.00am.

Fág freagra ar 'Lá mór d’iarscoláire Gaelcholáiste agus na comórtais lúthchleasaíochta ag tosú sna Cluichí Oilimpeacha'