Gaibhín Ó Loingse agus Naomh Brighid Beircín
Bhí rí mór i gCill Dara a nglaodh siad Gaibhín Ó Loingse (Laidhinnse a deirtear) air. Bhí dhá chluais muice ar Ghaibhín Ó Loingse agus ní raibh aon nduine dhá mbíodh dhá bhearradh ná cuireadh sé chun báis nuair a bhíodh sé bearrtha. Níorbh ait leis go mbeadh a fhios ag aon nduine go raibh an dá chluais muice air. Níl aon Domhnach dhá mbíodh an pianó á sheinm ná seinneadh sé go raibh dhá chluais muice ar Ghaibhín Ó Loingse.
Bhí an oiread seo scabhaitéirí (scouts) aige amuigh ar na bóithre agus aon chailín deas a thiocfadh anuas an bóthar i bhfeighil a gnó í a thabhairt isteach chuig Gaibhín Ó Loingse go mbaineadh sé oíche aisti.
Ghaibh Naomh Brighid aníos an bóthar agus casadh na scabhaitéirí léi. Bhí fhios ag Naomh Brighid go maith cén drochobair a bhíodh ar siúl ag Gaibhín Ó Loingse agus tháinig sí féna ndéint. Gabhadh í agus tugadh isteach chuig Gaibhín í.
Ní fhaca tú aon aibéis riamh mar a bhí ar Ghaibhín nuair a chonaic sé an bhean bhreá.
Cheap sé ná faca sé aon bhean riamh ba bhreátha ná í. Thit sé i ngrá léi.
Bhí sé le haghaidh captaeiní ar fad a dhéanamh díobh – na saighdiúirí a ghabh í – mar gur casadh a leithéid de bhean bhreá leob.
Thug Gaibhín isteach ina sheomra í agus dúirt sé léi a dhul isteach sa leaba. Dúirt sí leis ná rachadh mar ná raibh sí i gcóir agus go mb’ait léi go suífeadh sé ar an gcathaoir eile lena hais agus a chloigeann a leagan isteach ina hucht ar a haprún.
“Déanfaidh sé sin an gnó,” a dúirt sé léi.
Shuigh sé síos lena hais agus leag sé a chloigeann isteach ina hucht agus thosaigh Naomh Brighid a’ slíocadh a chloiginn is a chuid gruaige is é fhéin agus a’ cuimilt a leicinn is a chluasa.
By Gor, nár thit sé ina chodladh.
Nuair a mhúscail sé as a chodladh bhí an dá chluais muice titithe amach dó agus dhá chluais nádúrtha air ina n-áit.
“Féach ort féin san ngloine anois,” a dúirt sí.
Chuaigh sé anonn agus nuair a d’fhéach sé air fhéin san ngloine, d’imigh na drochsmaointe ar fad as a chloigeann agus níor chuimhnigh sé ní ba mhó orthub.
Ní fhaca tú aon fhear breá riamh mar dhein dó.
Chuir sé fios ar a Ghovernment agus aon rud ar domhan a d’iarrfadh Naomh Brighid bhí sé passáilte ina dhlí go gcaithfeadh sí é a fháil.
Dúirt Naomh Brighid ná hiarrfadh sí puinn ach leithead an tseáilín (na fallainge) a bhí faoina muineál de thalamh na hÉireann.
An lá dár gcionn tháinig na hengineers ar fad ann agus scar Naomh Brighid amach a fallaing. Thosaigh an fhallaing a’ scaradh gur scar sí thimpeall ar dhá mhíle ar fad ar gach taobh di.
Bhí abhainn mhór ann agus bhí easpag ina chónaí le hais na habhann agus nuair a chonaic sé an fhallaing a’ leathnú amach roimpi rith sé amach as an tigh agus dúirt sé dá leanfadh di go gcaithfeadh sé rith as an áit a raibh sé. Stop an fhallaing ag an abhainn.
Dhein Naomh Brighid mainistir ansin agus a lán teampall.
Ba des na Beircínigh Naomh Brighid.
Séamus ó Riagáin as An Bheitheach, i gCill Tartan a d’inis, an 21 Iúil 1937
Naomh Brighid agus Ládram Ó Loirc
Bhí rí in Éirinn agus sé an áit a raibh sé ina chónaí i gCill Dara agus dhá chluais capaill a bhí air. Ba é an dlí a bhí déanta ag an rí go gcaithfeadh fear a theacht chuile Shatharn len é a bhearradh agus go gcaithfí an fear sin a mharú le faitíos go n-inseodh sé d’aon duine faoin domhan gur dhá chluais capaill a bhí ar an rí.
Tháinig fear agus dúirt leis dhá leanfadh sé den obair sin nach bhfágfadh sé fear sa ríocht nach maródh sé. Ach go ngeallfadh sé fhéin dó nach n-inseodh sé d’aon duine go brách gur dhá chluais capaill a bhí air dá dtugadh sé cead dó é a bhearradh chuile Shatharn as sin amach.
……………………..
Ar a ghabháil amach as an gcoill dhó bhí beirt fhear a’ gabháil isteach a’ gabháil a’ baint údar bheidhil. Agus cén crann a bhainfidís ach an crann ar inis an fear dó go raibh dhá chluais capaill ar Ládram Ó Loirc. Gearradh an maide. Thugadar leo an maide agus déanadh an bheidhil. Ach a raibh faoin domhan uilig dá mbeidís ag plé leis an bheidhil ní chasfaí aon phort ar an bheidhil ach ‘dhá chluais capaill ar Ládram Ó Loirc’.
Nuair a chuala an rí gurb é sin é an glór a bhí ag an bheidhil, d’imigh sé as a chiall agus d’imigh sé leis agus ní raibh sé a’ fágáil duine ar bith beo.
Nuair a bhí píosa siúlta go Currach Chill Dara aige casadh Naomh Brighid air agus labhair sí leis agus dúirt sí leis suí síos agus a scíth a ligean. Chuir sí iallach air a chloigeann a leagan ina hucht agus thit sé ina chodladh. Agus nuair a dhúisigh sé bhí dhá chluais air chomh nádúrtha agus a bhí ar aon fhear ariamh.
Agus dúirt sé le Naomh Brighid rud ar bith a d’iarrfadh sí air go dtabharfadh sé di é. “Ní iarrfaidh mé aon bhlas ort go brách,” a deir Naomh Brighid “ach gach a mbeidh coveráilte ag mo bhrat nuair a éireos grian amárach a bheith saor slán gan cíos ná rates go brách.”
“Tá sin le fáil a’d agus fáilte,” a deir Ládram Ó Loirc.
Scar sí amach a brat agus thosaigh an brat a’ siúl. Bhí píosa maith siúlta aige nuair a d’éirigh bean amach agus chonaic sí é agus dúirt dá seasfadh brat Naomh Brighid a’ siúl mar a bhí sé go mbeadh Éire siúlta aige ar maidin amárach sul má d’éireodh an ghrian. Stop an brat ansin agus níor shiúil sé níos mó agus tá an méid sin saor slán i gCurrach Chill Dara ó shin.
Seán Ó Lorcáin (70) as an Doirín Darach, Leitir Móir a d’inis, an 23 Feabhra 1942
Fág freagra ar 'LÁ FHÉILE BRÍDE: Chuir sé fios ar a Ghovernment agus aon rud ar domhan a d’iarrfadh Naomh Brighid bhí sé passáilte ina dhlí'