Lá ar bith, beidh músaem éicint ag iarraidh mo Fujitsu Siemens Amilo L6820…

Scaití, is de réir a chéile a thagann an t-athrú agus scaití tagann sé de léim

Lá ar bith, beidh músaem éicint ag iarraidh mo Fujitsu Siemens Amilo L6820…

Ní hé go bhfuil mé ag déanamh gaisce, ach mheas mé riamh gur duine mé a raibh oideachas maith go leor orm. Tá a fhios agam conas ríomhaire a úsáid, céard is GDP ann, tá mé in ann an t-amadóir a úsáid ar an meaisín níocháin chun leas a bhaint as an ráta oíche ar an leictreachas.

Tá mé in ann, den chuid is mó, béile a réiteach, aer a chur sna rothaí ar an gcarr nuair a bhíonn sin ag teastáil, agus (cuireann an ceann seo iontas orm) na páistí a réiteach ar maidin is iad a chur amach ag an scoil in am, nó cineál in am.

Ach, is cuma cé mhéad iarracht a dhéanaim, níl mé in ann smacht a choinneáil ar na grianghrafanna atá agam ar an bhfón, ar an ríomhaire, ar an sean-Nokia, an táibléad, an seanríomhaire glúine…

Oscail do rogha cófra sa teach agus tá seans maith go bhfeicfidh tú sean-uirlis leictreonach éigin sáite isteach i gcoirnéal éicint ann agus é ag bailiú dusta. Lena thaobh, feicfidh tú tranglam mór luchtairí is cáblaí.

Níl mé in ann iad a chaitheamh amach ar fhaitíos go mbeadh ‘rud éicint’ orthu a bheadh uaim amach anseo.

Ná fiafraigh díom céard atá orthu, mar nach bhfuil freagra na ceiste sin agam. Is ná fiafraigh díom cén plean a bheadh agam leis na rudaí mistéireacha seo a bhaint den ghléas, mar nach bhfuil freagra na ceiste sin agam ach an oiread.

Is geall le catacóm teicneolaíochta iad na tarraiceáin.

Feictear dom nach fiú dom iad a chaitheamh amach anois, ní bheidh sé i bhfad eile, is dóigh, nó go mbeidh músaem in áit éicint ag lorg iarsmaí den saol mar a bhí tráth.

B’fhéidir go bhfuil cuid agaibh amuigh ansin á léamh seo is ag rá libh féin, ‘ach cén mearbhall atá uirthi?’. Níl le déanamh ach na comhaid a bhaint de na ríomhairí, iad a chur isteach i gcomhad eile agus ainm cuí air agus, as ucht Dé ort, coinnigh cóip chúltaca sa néal, maith an bhean.

Dhéanfainn é sin, ach amháin go bhfuil mé imithe rófhada anois leis an rud ar fad agus tá baol mór ann go dtógfadh sé an chuid eile de mo shaol orm breathnú siar tríd na seanfhóin, ríomhairí agus eile agus ciall éicint a bhaint astu.

No, fágfaidh mé faoi na seandálaithe é.

Cuimhním a bheith ag fiafraí de mo mhuintir cad chuige nár choinnigh siad na sean-uirlísí tí a bhíodh in úsáid acu agus iad ag fás aníos. Bhí suim agam na seanphotaí a fheiceáil, an chuinneog nó an sleán. Ach is dóigh nár chuimhnigh éinne nach mbeidís in úsáid go brách.

Bíonn aiféala orm féin nár thóg mé grianghraf riamh den líne mhór rothair dhubha a bhíodh ag an gclaí taobh amuigh de theach an phobail maidineacha Domhnaigh nuair a bhí mé ag fás aníos.

Scaití, is de réir a chéile a thagann an t-athrú agus scaití tagann sé de léim.

Lá ar bith, beidh músaem éicint ag iarraidh an Fujitsu Siemens Amilo L6820, an Sony Ericsson K660 1.6 Megapixel agus an Sony Discman DFJ210 do thaispeántas iarsmaí, ‘An Saol Mar a Bhí’. Agus nuair a thiocfaidh an lá sin, beidh mé faoi réir.

Fág freagra ar 'Lá ar bith, beidh músaem éicint ag iarraidh mo Fujitsu Siemens Amilo L6820…'

  • Eilis

    Alt deas