Josilaine Ribeiro, duine de na cúramóirí  ciúine

Tá na mílte oibrithe in Éirinn nach smaoiníonn muid orthu go dtí go dteastaíonn a gcuid seirbhísí uainn

Josilaine Ribeiro, duine de na cúramóirí  ciúine

Tá na céadta – b’fhéidir na mílte oibrithe in Éirinn nach smaoiníonn muid orthu go dtí go dteastaíonn a gcuid seirbhísí uainn, nó go gcastar orainn iad ag ócáid ar leith. Nó go bhfeiceann muid scéal nó ceannlíne nuachta fúthu.

Níor thuig mé go dtí le gairid go raibh go leor daoine as an Bhrasaíl ag obair anseo mar chúramóirí. Blianta ó shin, nuair a bhí sé ina ábhar nuachta faoi dhaoine as an iasacht ag obair i dtionscail ar leith, is cuimhneach liom gur scéal mór a bhí ins an líon Brasaíleach a bhí ag obair mar bhúistéirí in Éirinn.

D’imigh sin, tháinig an lag trá, agus d’fhill go leor acu ar an mbaile.

Ach i measc an iliomad scéalta nuachta an tseachtain seo caite, bhí scéal amháin a tharraing mo shúil, sular imigh sé gan tásc agus an phríomháit nuachta sciobtha arís ag cogaí agus marú.

Bhí Josilaine Ribeiro ag obair mar chúramóir i mBaile Átha Cliath. An tseachtain seo caite bhí sí ag rothaíocht ar rothar leictreach i mbun a cuid oibre, nuair a maraíodh i dtimpiste bhóthair í. I lár an lae ar Dhroichead an Charnáin [Dolphin’s Barn] bhuail leoraí í, leoraí sé acastóir agus leantóir ina dhiaidh, agus cé gur tugadh chuig Ospidéal Naomh Séamus í, fógraíodh go raibh sí básaithe. Bhí sí 36 bliain d’aois.

Ar shuíomh Instagram atá tiomnaithe d’eachtrannaigh a bhíonn ag cur fúthu anseo, dúradh gur ‘tháinig Josie go hÉirinn agus í ag leanacht mianta a croí thar lear’.

Smaoinigh mé ar scéal Josie go minic le seachtain anuas. Toisc go raibh mé ag caint le cara liom cúpla uair, a bhfuil cúram a máthar uirthi, tháinig an t-ábhar aníos. Bhí mo chara ag plé le fisiteiripeoirí, le lucht ‘Béilí ar Rothaí,’ leis an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte agus le riar eagras eile a bheadh in ann cabhair a thabhairt dá máthair. Bhí mé ag tabhairt faoi deara go raibh sé ag tógáil an t-uafás ama uirthi, idir ghlaonna gutháin, ríomhphoist agus choinní eile.

Ceann de na fadhbanna a bhí ag mo chara, nach raibh a máthair sásta a admháil go raibh cabhair de dhíth uirthi. Thit sí amach as an leaba cúpla seachtain ó shin, briseadh a cos, tá radharc na súl beagnach imithe uaithi, ach bheadh sí in ann filleadh ar an mbaile dá mbeadh beagán cúnaimh aici.

‘Tabharfaidh an cúramóir cith duit ar maidin,’ a dúirt mo chara léi. ‘Tabharfaidh an dream ar rothaí béile duit gach lá.’ Ach ní raibh a máthair ag iarraidh cúnaimh. Go dtí gur thosaigh an phaindéim, bhí sise í féin, agus í amach sna hochtóidí, ag réiteach béilí don charthanacht chéanna. Ní fhéadfadh sí a admháil go raibh sí féin ag brath orthu anois.

Bhí scéal mo chara agus scéal Josie bhocht fós ar m‘intinn nuair a thug mé faoi deara go raibh bean óg luite anuas ar an mbord sa gcaifé Tigh Dunnes maidin amháin. An raibh sí ina codladh? An raibh sí tite i bhfanntais?

Chonaic mé an scútar leictreach sa gcúinne taobh thiar di. Mheas mé gur eachtrannach a bhí inti. Ba í seo maidin na stoirme Debi agus ní raibh mórán daoine amuigh. Bhí Dunnes ciúin go maith agus gan éinne ag siopadóireacht fós. Bhí formhór mhuintir na hÉireann ‘ag obair ón mbaile’ nó fós sa leaba.

Ach thug sí faoi deara go rabhamar ag féachaint uirthi agus dhírigh sí suas í féin. ‘Tá mé ceart go leor,’ a dúirt sí go deas cairdiúil. ‘Níl ann ach go bhfuil mé ag obair óna sé a chlog ar maidin agus tháinig néal tuirse orm.’

‘Is cúramóir baile mé, agus beidh mé ag obair an lá ar fad.’ Tháinig Josie isteach i m’intinn arís – an scútar leictreach, an bhean óg ag dul thart ó theach go teach ag tabhairt aire do dhaoine atá ag dul in aois. Ansin d’inis an bhean seo dúinn gur Brasaíleach í as baile beag in aice le São Paulo.

Ba léir go raibh fonn cainte uirthi. Seo b’fhéidir an t-aon bhriseadh ón obair a bheadh aici inniu. An raibh mórán eile as an Bhrasaíl ag obair mar chúramóirí? a d’fhiafraigh mé di.

An t-uafás, dúirt sí. Agus cé nach raibh aithne aici ar Josie, bhí an scéal cloiste aici agus í eolach go maith ar na contúirtí a bhain le bheith ag dul thart sa gcathair seo, ar rothar nó ar scútar.

‘Agus an bhfuil mórán glaonna le déanamh agat inniu?’ d’fhiafraigh mé. ‘Deich gcinn san iomlán,’ a dúirt sí. Ní bheadh sí críochnaithe go dtí a naoi a chlog an oíche sin. Bhí ganntanas mór oibrithe san earnáil seo, agus bíonn ar gach duine obair bhreise a dhéanamh, d’inis sí dúinn.

Ag obair d’áisíneacht atá sí. Mar sin is féidir léi a rogha sealanna oibre a phiocadh – le gairid a stop sí ó bheith ag obair sé lá na seachtaine.

Deich gcinn. Deichniúir éagsúil a mbeadh riachtanais éagsúla acu. Deich gcinn de thurais ar an scútar, arb aon iontas ar bith nach mbíonn siad róthógtha le héadaí agus fearas cosanta – clogaid, agus cótaí ‘hi-vis’ agus a leithéid? An iomarca stró.

‘Agus céard ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?’ arsa mise agus mé ag cuimhneamh go mb’fhéidir nach gairm bheatha fad saoil í an chúramóireacht. Ach ní raibh an ceart agam. Bhí sí ag iarraidh post a fháil in ospidéal – bheadh an saol agus coinníollacha oibre níb fhearr aici ansin.

D’inis sí dúinn nach mbeadh sí in ann post nó gairm eile a aimsiú toisc nach raibh an cháilíocht ‘cheart’ aici. Ní raibh an chéim ollscoile a bhí aici feiliúnach d’aon ghairm eile.

Bhí mé ag tabhairt faoi deara go raibh Béarla den scoth aici. Bhí sí in ann labhairt ar ábhar ar bith – na téarmaí agus na leaganacha áitiúla aici.

‘Cén chéim atá agat?’ a d’fhiosraigh mé agus iontas orm go raibh sí sásta oibriú mar chúramóir.

‘Ó rinne mé céim san innealtóireacht,’ a dúirt sí. ‘Is innealtóir sibhialta mé.’ Bhuel, bhain sin siar asam. Agus tá sí ag obair mar chúramóir toisc gur maith léi an obair, theastaigh athrú gairme uaithi agus castar daoine deasa cineálta uirthi.

Agus má bhíonn an t-ollmhargadh ciúin, gheobhaidh sí néal codlata anois is arís in aice le seastán na sceallóg.

Fág freagra ar 'Josilaine Ribeiro, duine de na cúramóirí  ciúine'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tuigim go maith don traochadh sin a bhí uirthi óir thug mé féin trí bliana ag obair mar chúramóir freisin. Ag tindeáil ar m’athair a bhí mé. Ailse air, cathaoir rotha faoi agus gan aon smacht aige ar a phutóga. Bhí mé ar dualgas 24/7…d’fhéadfadh sé fios a chur orm am ar bith de ló nó d’oíche ach brú ar chnaipe a bhí ar crochadh timpeall ar a mhuineál. Uaireanta dhéanfadh sé é sin trí dhearmad, ach fós féin chaithfeá dul chuige de rite reaite, cuma cá mbeifeá nó cad a bheadh ar siúl agat. Thugtaí sos seachtaine dó san óispidéal ó am go chéile. Uair amháin bhaineamar an bharda amach agus thit mé féin im chnap codlata ar an leaba a bhí dlite do m’athair …agus é fágtha ansin agam ina chathaoir rotha! Dhúisigh banaltra mé. Thug an Stát gach aon chabhair dúinn, gach áis & gach seirbhís. Tá rialtas na hÉireann go hiontach ar an mbealach sin. Is ceart é sin a rá. Ní bhfuair mé aon chúnamh ó aon duine dem mhuintir féin, áfach, (7 acu)…ach a mhalairt ghlan. Tá sé deacair é sin chreidiúint…inniu féin. Cuimhním go minic air.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Go raibh maith agat as ucht an fhreagra sin. Ba chóir dúinn a bheith buíoch do na cúramóirí ar cud na tíre. Nár laga Día iad. MNí N.