John McAnespie – chaith sé a shaol ag troid ar son an chirt dá mhac

Fuair John McAnespie as Achadh na Cloiche i dTír Eoghan bás in aois a 87 bliain. Chaith sé blianta fada ag troid ar son an chirt dá mhac, go dtí gur theip ar an tsláinte air

John McAnespie – chaith sé a shaol ag troid ar son an chirt dá mhac

Chuir marú Aidan McAnespie ag Achadh na Cloiche i 1988 uafás ar an tír. Bhí Aidan ag siúl chuig cluiche ag páirc CLG an bhaile nuair a scaoil saighdiúir sa droim é. Dúirt an saighdiúir gur shleamhnaigh a mhéara ar thruicear an mheaisínghunna. Tharla sin mar go raibh a lámha fliuch agus é ag bogadh an mheaisínghunna.

Bhí an saighdiúir ag seicphointe ar an teorainn. D’fhaigheadh Aidan an-chiapadh le blianta roimhe sin ag an seicphointe céanna agus é ag teacht agus ag imeacht óna chuid oibre i Muineachán. Rinneadh bagairtí báis air chomh maith. Scaoileadh trí urchar leis lá a bháis. Bhuail an dá cheann eile an bóthar.

Cúisíodh an saighdiúir, David Holden, as dúnorgain. Tarraingíodh na cúiseanna siar sular éisteadh an cás. Chiontaigh an t-arm é as gunna a scaoileadh go míchúramach.

Bhí Aidan ar an duine ab óige den teaghlach. Bhí sé 23 bliain d’aois nuair a maraíodh é. Ón lá gur maraíodh é, thug an teaghlach faoi fheachtas ar son an chirt.

Buaileadh buille trom eile ar John nuair a fuair a iníon, Eilish McCabe, bás in 2008 i ndiaidh tinnis fhada agus gan í ach 50 bliain d’aois. Bhí Eilish agus John an-mhór lena chéile. Chuir sise an-obair isteach san fheachtas.

An bhliain céanna, dheimhnigh Foireann Fiosrúchán Stairiúil na bPéas go raibh scéal an tsaighdiúra ar an “least likely version”. Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Sean Woodward, in 2009 go raibh an-aiféala air faoin mharú.

Shocraigh an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí an saighdiúir Holden a chúiseamh arís. Tháinig Holden chun trialach níos luaithe i mbliana. Táthar anois ag fanacht ar bhreithiúnas. Ní fheicfidh John an breithiúnas sin.

Bhain gnéithe eile le saol John. Bhí aithne agam air le blianta. Chuaigh an dubh-rud eolais faoi stair agus seanchas a cheantair dhúchais sa chré leis. Bhí cur amach aige ar eachtraí a tharla na glúnta ó shin. Bhí an-dúil aige i ngearrscéalta William Carleton, scríbhneoir mór Éireannach an 19ú céad. Rugadh Carleton sa pharóiste taobh leis. Bhí aithne ag John ar shliocht go leoir den mhuintir a luadh i scéalta Carleton. Bhí, leis, an-suim aige sa cheol traidisiúnta, agus i sean-amhráin an cheantair.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Fág freagra ar 'John McAnespie – chaith sé a shaol ag troid ar son an chirt dá mhac'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.