JOHN ALLEN: Ligimis don ‘Railway Cup’ imeacht go ciúin faoi chré bheannaithe na cille

Bhí corn an Bhóthair Iarainn tábhachtach nuair a bhí Christy Ring ag imirt, ach níl a thuilleadh

JOHN ALLEN: Ligimis don ‘Railway Cup’ imeacht go ciúin faoi chré bheannaithe na cille

Slua beag ag cluiche i 2013. INPHO/Ryan Byrne

Léigh mé ráiteas sna meáin le déanaí go bhfuil iarsma den seansaol ina bheatha arís agus go mbeidh seans (eile) againn chun ómós a thabhairt dó coicís roimh Nollaig.

Arís.

’Sea bhí urraim tugtha agus tuillte don rud seo leathchéad bliain ó shin ach tharla athruithe agus cuireadh béim ar rudaí eile agus thit sé idir mhórán stól.

Caithfidh go bhfuil sé in am anois é a chur le hurraim le cairde Mháirtín Uí Chadhain, i gcré fhuar bheannaithe na Cille.

Bhí tráth ann nuair a tharraing an t-iarsma seo den seansaol na mílte chun onóir a thabhairt ar an lá is Gaelaí sa bhliain. Ghlac na daoine is cáiliúla páirt ann. Ba chuid thábhachtach d’fhéilire bliantúil an Chumainn é. Bhí gaiscí fearúla le feiceáil ós na gaiscígh is mó sa tír.

Ach anois is cinnte go bhfuil a rás rite agus go bhfuil sé in am slán a fhágáil leis go hoifigiúil.

Is minic ainm Christy Ring luaite agam mar laoch iomána. Chríochnaigh a ré ar pháirc imeartha idirchontae go luath sna seascaidí. Eisean a bhí ina rí ar chuid maith de na laethanta a bhain leis gcomórtas seo. Thug sé leis ocht mbonn déag nuair a bhí sé i mbarr a réime. 

’Sea bhí corn an Bhóthair Iarainn tábhachtach nuair a bhí Ring ag imirt ach tá an tábhacht a bhí leis mar chomórtas imithe i léig ar fad le tuairim is tríocha bliain.

Rinneadh iarrachtaí éagsúla na comórtais, idir pheil agus iomáint, a choimeád beo. Imríodh na craobhacha in áiteanna mar Abu Dhabi, Páras, an Róimh agus Bostún Mheiriceá. Bogadh an comórtas ón earrach go dtí an fómhar agus ansin go dtí an geimhreadh.

Chuir an  fear uasal Martin Donnelly slám ollmhór airgid ar fáil chun an comórtas a choimeád beo.

Ach níor athraigh an bhunlíne. ’Sea níl lucht leanúna, le tamall fada, toilteanach freastal ar na cluichí.

Sin í an fhírinne ghéar.

Níl na comórtais tarraingteach a thuilleadh. Mar is eol do chách táimid loite ó thaobh líon na roghanna spórt atá againn beo agus ar an teilifís. Is féidir linn bheith ag féachaint ar spórt ó mhoch maidine go deireadh an lae gach lá den bhliain.

Níl a thuilleadh comórtas ag teastáil ó CLG. Mar atá cúrsaí i láthair na huaire, níl an cumann in ann sceideal sásúil a leagan amach don chlub agus don chontae ag an am céanna.

Bliain i ndiaidh bliana le tamall, bíonn fadhb leis na comórtais chúige seo ó thaobh dáta a fháil nach gcuirfeadh isteach ar chomórtais eile an Chumainn. Bliain i ndiaidh bliana déanann bainisteoir cúige éigin ráiteas éigin faoi stair na gcomórtas cúigí.

Tagann imreoir nó dhó amach ag tacú leo agus ag rá gur mhaith leo go bpiocfaí iad féin ar fhoireann an chúige. Tuigim é sin. Ach ní bhíonn ach fíorbheagán traenála (má bhíonn a leithéid ann in aon chor) i gceist do na himreoirí céanna agus faigheann siad an feisteas traenála, geansaí an chúige agus an bonn má bhuann siad. Cén fáth nach mbeadh suim ag cuid acu imirt?

Ach ní athraíonn sin an bhunlíne. Tá an lucht tacaíochta ag fanacht sa bhaile. Níl suim acu sna comórtais chúige a thuilleadh. 

Mar sin iarraim ar na húdaráis paidir a rá os cionn an choirp fhíorlaig seo agus ligean dó imeacht go ciúin go cré bheannaithe na cille.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ligimis don ‘Railway Cup’ imeacht go ciúin faoi chré bheannaithe na cille'