JOHN ALLEN: An Ghaillimh bailithe de bhréagmhaidneachain

Tá go leor comharthaí dearfacha ann i gcás na Gaillimhe i mbliana, ach ní hé an chéad uair é…

JOHN ALLEN: An Ghaillimh bailithe de bhréagmhaidneachain

INPHO/Cathal Noonan

Ag tosach na bliana bhí sé ionann is cinnte go mbeadh an Ghaillimh ag imirt i gcluiche ceannais Chúige Laighean a bheidh á imirt amárach san ardchathair. Ach níor thug mórán againn aon seans do Loch Garman a bheith ann. Ach tá siad ann agus seans maith acu corn Bob O’Keefe a thabhairt leo.

Táim ag súil go mbeidh slua mór i láthair mar is cinnte go bhfuil mórán leantóirí dílse sa chontae agus iad ag fanacht go foighneach ar an lá seo le tamall maith de bhlianta. Bhí tráth ann a mbíodh Loch Garman sa chluiche ceannais beagnach gach aon bhliain ach ó tugadh cead don Ghaillimh imirt i gCúige Laighean d’athraigh sin. Níor imríodar i gcluiche ceannais ó 2008 agus chailleadar na trí cinn a d’imir siad roimhe sin. Dar ndóigh ba í an uair dheireanach a raibh an bua acu sa chomórtas ná 2004. Mar sin d’fhéadfá a rá go bhfuil sé in am acu dul chomh fada leis an gcluiche ceannais. 

Mar sin féin, ní ar mhaithe le súp a bhaint as ócáid speisialta atá imreoirí ag triall ar Pháirc an Chrócaigh. Bí cinnte de nach bhfuil uathu ach an corn a bhreith leo.

Bí cinnte de freisin go bhfuil an scéal amhlaidh i gcás na Gaillimhe. Tá an ‘an chaint’  tosaithe arís cheana féin gurb í seo an bhliain go n-éireoidh leis an nGaillimh craobh na hÉireann a bhuachan. Tá an brú sin orthu arís agus é ag dul i méid gach seachtain. Baothchaint í nach bhfuil ag teastáil ón bhfoireann seo.

Níl aon dabht ach go bhfuil comharthaí dearfacha ann ó bhabhtaí ceathrú ceannais na sraithe ach tá stair iománaithe sinsir na Gaillimhe breac le scéalta faoin teip agus faoin dóchas ar chlis air.

Mar rogha na n-údar a bheidh siad amárach agus an méid sin tuillte acu. Dar ndóigh bhíodar an-mhaith i gcluiche ceannais na sraithe ach ó shin níor cuireadh mórán tástála orthu. 

Tá i bhfad níos mó fianaise, agus fianaise a fuarthas le fíorghairid, le cíoradh agus b’iontach an spiorad a léirigh siad agus an cur chuige a bhí acu i gcoinne an tsean-namhad Cill Chainnigh. Tuigeann gach duine a d’imir spórt go bhfuil an spiorad sin thar a bheith tábhachtach agus bhí sé go rábach ag na Carmannaigh sa chluiche sin . 

Tá sórt patrún le feiceáil i gcás na bhfoirne a mbíonn Davy FitzGerald i bhfeighil orthu.  Ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar na foirne éagsúla a bhí aige go dtí seo, bhí spiorad dochreidte sna himreoirí agus bíonn mioneagar ar an gcur chuige acu.   Bhí  na tréithe sin le feiscint go tréan in imirt na bhfoirne go léir a bhí aige. Cinnte tá na tréithe céanna go smior i Loch Garman i mbliana agus caithfidh an Ghaillimh a bheith ullamh chuige.

Ach is fiú filleadh ar na comharthaí dearfacha atá le sonrú i gcás na Gaillimhe le tamall anois. Tá Joe Canning ag bláthú ina ról nua mar phríomhdháileoir na liathróide do na tosaithe. Tá an brú damanta a bhíodh air le blianta imithe. Is cuid lárnach den aonad anois é agus níl siad ag brath air chun tromlach na scórála a dhéanamh. Timpeall air tá tosaithe móra, dícheallacha atá cruinn ina gcuid imeartha. Tá na cúlaithe ag forbairt mar aonad teann cumasach freisin. Ach go dtí go dtugann siad leo Corn Uí Chaoimh  agus Corn Mhic Cárthaigh beidh amhras fúthu agus díospóireacht ina dtaobh mar is iomaí bréagmhaidneachan a bhí ann ó 1988.

Níl mórán de scéalta, stair ná traidisiúin ag baint le cluichí idir an dá chontae seo. Mar sin, is féidir díriú ar a dtitfidh amach ar pháirc na himeartha féin agus táim ag ceapadh go mbeidh an bua ag fir an iarthair cé nach gcuirfinn mórán airgid air.  Go deimhin is go measartha olc atáim ag cruthú i mbliana agus na torthaí á dtuar agam! 

Is dóigh liom go mbeidh an cluiche is fearr de na cluichí cáilithe i bPáirc Uí Nualláin um thráthnóna, áit a gcasfaidh an fhoireann baile, Cill Chainnigh, agus Luimneach ar a chéile. Ní bheidh mórán eatarthu .

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: An Ghaillimh bailithe de bhréagmhaidneachain'