Nuair a imíonn scríbhneoir uainn léimtear i dtreo na critice láithreach. Déantar móradh, moladh agus athscríobh ar an stair liteartha: cén corpas atá ann, cén chomaoin a cuireadh ar an gcanóin, cé na saothair is mó a léifear feasta.
Beidh blianta orainn sula mbeifear in ann a cheart a thabhairt do Joe Steve Ó Neachtain, suaimhneas síoraí dó, mar ealaíontóir agus mar scríbhneoir i ngeall ar théagar is scóipiúlacht a shaothair.
Cén tréith is mó a bhaineann lena chuid scríbhneoireachta ar fad? Is cinnte go bhfuil an dea-chaint agus féith an ghrinn le lua ach théadh sé in árach arís is arís eile leis an teannas idir an seansaol agus an saol núíosach, an seanchultúr agus an cultúr nua, an nádúr agus an mínádúr. Seo láthair na coimhlinte agus an áitimh i scríbhneoireacht uile Joe Steve agus is maith a thuig a phobal léitheoireachta é.
Bíodh dán nó dráma ardáin i gceist, ní mba leor rud a rá, dúradh go paiteanta agus le slacht é. Bhí cumadóireacht Joe Steve préamhaithe i ndúchas na héigse béil ón tús – Fead Ghlaice (1986) agus De Dhroim Leice’ (1990) – agus a shliocht ar an gcaoi a raibh ceangal docht daingean idir an t-ábhar agus an meán i gcónaí.
Tuiscint chríonna ar phobal éisteachta Raidió na Gaeltachta a chuir oiliúint an scríbhneora ghairmiúil air. B’éigean freastal mion agus minic a dhéanamh ar éisteoirí cíocracha Baile an Droichid. Is maith mar a sheas an taithí sin leis agus an t-eolas a chuir sé ar na meáin trí chéile ó aimsir na haighneasóireachta i 1969 i leith. Dá fheabhas an deise labhartha cén mhaith í mura dtiocfaí go bun an angair léi?
Bhaineadh Joe Steve earraíocht as an tráthúlacht agus as an deisbhéalaíocht mar oirnéis chun muid a tharraingt níos faide amach ar an domhain. Ba mhinic priocadh ar shála na léaspairte agus ní fhéadfadh ach máistir ar cheird na drámaíochta uaigneas agus uafás a leathadh san áit a raibh gáire is dea-aoibh san abairt díreach roimhe, mar a dhéantar sna drámaí In Ainm an Athar agus Níor Mhaith Linn do Thrioblóid (2006) agus Faoi Dheireadh Thiar (2008).
Cé go bhfuil an spraíúlacht go tréan sna scripteanna raidió agus sna hagallaimh bheirte, is iomaí sin gleanntán anama agus poll dorcha atá sa bhficsean, sna bailiúcháin ghearrscéalta Clochmhóin (1998), Salann Garbh (2009), Idir Neamh agus Talamh (2014) agus sna húrscéalta Scread Mhaidne (2003) agus Lámh Láidir (2005). Cé nach léir ar an gcéad amharc i gcónaí é, ní fhágtar an léitheoir gan léas dóchais.
Faobhar scine atá ar an gcuid is fearr ar fad den fhicsean mar a ndéantar plé ar an duine, ar a dhúchas, ach is faoi chraiceann an phobail féin a théitear sna haistí agus sna haithisc sa gcnuasach Ag Caint Linn Fhéin (2013). Anailís luachmhar ar chor is institiúidí na teanga, ar an bhforbairt pobail agus ar Mháirtín Ó Cadhain atá sna píosaí úd. Is iontu atá an léiriú is fearr ar ábhair mhachnaimh is rútaí géarchúise an scríbhneora.
Eiseamláir dá stíl trí chéile an leabhar Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir (2018) – cruachaint ropanta, stuaim scéalaíochta agus scagadh tuisceanach ar an gcomhluadar daonna atá ann: grástaí a bhaineann leis an gcnuasach úr gearrscéalta An Diabhal Déanta (2019) chomh maith céanna. Ríomhtar gaiscí, caointear laochra na ngarbhchríoch agus fiafraítear cén bhail atá orainn mar chine sa bhfilíocht.
De bhreis ar shárthaispeántais stílíochta na gcnuasach An Dé Deiridh (2008) agus Fad Saoil (2015), gheofar léargas ar shéimhe uasal agus croí na féile iontu freisin – breacadh buan ar annála na treibhe.
Mar a chéile Joe Steve Ó Neachtain, scríbhneoir, agus an gníomhaí pobail a labhraíodh gan fuacht gan faitíos; crann taca an chultúir, an scríbhneoir aiste nach gcuireadh fiacail ann; fear an mhisnigh, an té a spreagadh an óige i dtreo na n-ealaíon gach seans dá bhfaigheadh sé; agus duine cineálta uasal, an té a dhéanadh gníomh gnaíúil os íseal.
Sin uile agus ár réalta eolais, beannacht dílis Dé leis.
Fág freagra ar 'Joe Steve Ó Neachtain – Rí na ngarbhchríoch agus ár réalta eolais'