Joe McHugh ag maireachtáil i ‘dTír na nIontas’ ina mbíonn ‘an rud contráilte ceart’ — Ó Cuív

Deir Éamon Ó Cuív go bhfuil an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta ag maireachtáil i ndomhan a bhí bunoscionn agus ina mbíonn ‘rudaí contráilte ceart agus rudaí cearta contráilte’

Joe McHugh ag maireachtáil i ‘dTír na nIontas’ ina mbíonn ‘an rud contráilte ceart’ — Ó Cuív

Tá an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, ag maireachtáil  “sa domhan céanna a raibh Alice in Wonderland ann” dar leis an iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoin “triple win don Ghaeltacht agus don Ghaeilge” a d’fhógair an tAire McHugh inné, dúirt Éamon Ó Cuív go raibh an Teachta Dála do Dhún na nGall ag maireachtáil i ndomhan a bhí “bunoscionn”, domhan “ina mbíonn an chuma ar rudaí contráilte go bhfuil siad ceart agus rudaí cearta a bheith contráilte”.

D’fhógair an tAire McHugh inné go raibh ‘An Ghaeltacht’ le bheith luaite i Roinn nua Heather Humphreys, an Roinn a mbeidh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi. Bhain conspóid le teideal na Roinne nua ó d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil gur ‘An Roinn Cultúir’ a bheadh uirthi feasta.

Ba é seo an chéad uair nach raibh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

Dúirt Joe McHugh gur bua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí in athainmniú na Roinne agus sa chinneadh go mbeadh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ar na cúraimí a bheadh ar dhá choiste rialtais, an coiste a bheidh ag déileáil le Polasaí Sóisialta agus Seirbhísí Poiblí agus an coiste a bheidh ag déileáil leis an Gheilleagar, Fostaíocht, an Breatimeacht agus an Plean Gníomhaíochta Forbartha Tuaithe.

Fógraíodh inné go raibh deireadh á chur leis an gcoiste Rialtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, an coiste is sinsearaí sa státchóras a bhíodh ag plé le cás na teanga.

Beidh cúrsaí Oideachais, Leanaí, Comhionannais, Cuimsithe Sóisialta, Dlí agus Cirt agus na hEalaíona san áireamh ag an gCoiste Polasaí Sóisialta freisin.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie áfach nach aon bhua a bhí sna cinntí seo agus gur “ag maireachtáil i dTír na nIontas” atá an tAire McHugh má shíleann sé amhlaidh.

Mhaígh Ó Cuív bhfuil cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ag dul in olcas ó ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach ag tús na míosa seo.

“Cheap muid go raibh sé sách dona faoi Enda Kenny, ach bhí mo chomhghleacaí Seán Kyne ag déanamh iarrachta agus bhí dul chun cinn á dhéanamh aige ainneoin easpa tola an Rialtais. Ó tháinig Varadkar isteach níl ann ach céim siar i ndiaidh céim siar. Ní féidir an dubh a chur ina bhán ar phobal na Gaeilge faoi sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé go mbeadh sé sásta an cheist a phlé leis an Aire Stáit McHugh agus go bhfáilteodh sé roimh “phlé oscailte, macánta” faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoin Taoiseach nua.

Fág freagra ar 'Joe McHugh ag maireachtáil i ‘dTír na nIontas’ ina mbíonn ‘an rud contráilte ceart’ — Ó Cuív'

  • Mánus

    Agus an teip is mó ná an Straitéis 20 a dhréachtaigh Fianna Fáil i.e. an teachta Ó. Cuív le míréadúlacht agus aidhmeanna fantaisíocha.

  • An Déaghnach

    Céard é go díreach atá mícheart faoin Straitéis 20 Bliain, Mánus? Cloisim i gcónaí ó dhaoine áirithe go bhfuil na spriocanna míréadúil, ach tuige?