Jim Eadie, ceardchumannaí a throid go láidir ar son iriseoirí RnaG, ar shlí na fírinne

Bhí Jim Eadie thar barr i mbun idirbheartaíochta agus dhéanadh sé chuile iarracht i gcónaí comhréiteach a aimsiú

Jim Eadie, ceardchumannaí a throid go láidir ar son iriseoirí RnaG, ar shlí na fírinne

Bhí baint nach beag le RTÉ Raidió Na Gaeltachta ag Jim Eadie, iarCheannasaí na hÉireann ar Cheardchumann na nIriseoirí (NUJ) atá tar éis bháis in aois a 93 bliain.

Ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta, nach mór go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1994, bhí lámh ag Jim Eadie i chuile idirbheartaíocht dá raibh ar siúl idir iriseoirí an stáisiúin agus RTÉ. Faoina cheannas a réitíodh comhaontuithe pá agus coinníollacha fostaíochta, ina measc an t-aon chomhaontú cuimsitheach i stair an Raidió a síníodh i 1985. Ba bhoichte cúrsaí d’uireasa a dhua leis na seisiúin fhada idirbheartaíochta.

San NUJ a ghlac Clár-Reachtairí an Raidió ballraíocht ón tús beagnach cé nach aon rún go raibh teannas áirithe leis an NUJ nuair nár ceapadh postanna iriseoireachta ó thús. Grád a bhí sa gClár-Reachtaire a cruthaíodh don Raidió le freastal ar riachtanais chláracha is iriseoireachta ach freisin ar obair theicniúil – eagarthóireacht agus taifeadadh. Níorbh iontas b’fhéidir go raibh cuid mhór pianta fáis is deacrachtaí caidrimh tionsclaíocha ann sna blianta tosaigh mar gur le streachailt a tugadh an stáisiún ar an saol.

Tharraing an NUJ stailc i 1975 de bharr aighnis faoi cheapachán ról bainistíochta. Bhí seo ar cheann de na chéad aighnis mhóra a thug an ceardchumann náisiúnta ar bord agus b é Jim Eadie a bhí i bhfeighil an chomhréitigh don NUJ. Níorbh é seo an uair dheireanach gur tugadh Eadie ar bord. Ba chuid mhór dá shaol oibre i gcónaí a chaidreamh le lucht an Raidió.

Níor tugadh riamh d’ainm air ach ‘Eadie;  is má bhí tú ag plé le cúrsaí NUJ i gCasla bhí a fhios agat go raibh rudaí tromchúiseach nuair a chloisfeá an ráiteas, “B’fhéidir go mb’fhearr fios a chur ar Eadie”. Bhí lámh agam fhéin i gcúrsaí an cheardchumainn ag deireadh thréimhse Eadie is nuair a chuirtí fios air ba mhaith uaidh freastal ar riachtanais an Raidió. Théis go mbíodh cúram iriseoirí na tíre ar fad air is minic a leag sé i leataobh gan drogall pé rud a bhí faoina chúram i mBleá Cliath le haghaidh a thabhairt ar Chasla.

Is minic a dúradh sa Raidió go raibh tuiscint mhaith ag Eadie ar mhuintir an stáisiúin mar gur dhuine cosúil linn fhéin a bhí ann cuid mhór. Cé gur i mBleá Cliath a caith sé formhór a shaoil agus go raibh sé ag obair do Cheardchumann a bhfuil a cheanncheathrú i Londain ba fear tuaithe as iarthar tíre go smior a bhí ann – as Páirc na gCloch, in aice Ros Comáin ó dhúchas é. Is minic go ndeachaigh sé as Casla go Ros Comáin le cuairt a thabhairt ar a mháthair fad a bhí sise beo.

Taobh amuigh den ghnáthchaidreamh tionsclaíoch tá cúpla rud eile a thagann chun cuimhne. Ceann amháin an t-am go raibh an NUJ le cás a thabhairt go Strasbourg faoi Choinbhinsiún Chearta an Duine na hEorpa ag tabhairt dúshlán Mhír 31, an mhír iomráiteach den Acht Craolacháin. Ar Chasla a ghlaoigh Eadie ag cuartú iriseora a bheadh sásta a ainm a chur leis an gcás. Thoiligh Seosaimh Ó Cuaig sin a dhéanamh agus sé Eadie a bhí sásta go raibh duine ó Raidió Na Gaeltachta toilteanach a ainm a scaoileadh chun cinn.

Cuimhne eile an uair gur thug sé ar chuairt go Casla an tUachtarán a bhí ar an NUJ i London ag an am, Lionel Morrison, de bhunadh phobal dubh na hAfraice Theas agus cara le Nelson Mandela. Theastaigh uaidh léargas a thabhairt dó ar an gcultúr dúchasach sa tír seo.

Bhí stíl shéimh oibre ag Eadie agus bhí meas agus cion air, ní hamháin ag an bhfoireann ach ag an mbainistíocht chomh maith. Bhí sé fhéin ceanúil freisin ar an Raidió cé nach raibh Gaeilge aige. Ní raibh rud ar bith a b’fhearr leis théis seisiún idirbheartaíochta ná cúpla deoch is scéal i gcomhluadar na foirne agus ní bhíodh aon deifir air.

Bhí sé thar barr i mbun idirbheartaíochta agus dhéanadh sé chuile iarracht i gcónaí an comhréiteach a aimsiú. Ní raibh sé achrannach ná bagrach ná glórach ach b’iomaí bainisteoir san iomaí comhlacht a raibh breith ar a n-aiféala acu nuair a cheap siad go bhféadfaidís an ceann is fearr a fháil air. Ach bhí caidreamh maith aige le bainisteoirí ar nós Stanley Warren a bhíodh ag RTÉ ag an am. Ba mhinic a thaistil siad le chéile ar an traein go Gaillimh agus ba léir go raibh meas acu ar a chéile.

Ba mhinic a bhean chéile Bridie i dteannta Jim Eadie ar an turas go Casla is chuir an fhoireann aithne uirthise freisin. Comhbhrón le Bridie agus lena chlann.

Suaimhneas síoraí go raibh ag Eadie.

Fág freagra ar 'Jim Eadie, ceardchumannaí a throid go láidir ar son iriseoirí RnaG, ar shlí na fírinne'