JFK – teoiricí comhcheilge nó fíricí comhcheilge?

Tríocha bliain i ndiaidh do JFK creathadh a bhaint as lucht féachana tá Oliver Stone chugainn le comhshaothar

JFK – teoiricí comhcheilge nó fíricí comhcheilge?

Ba shaothar cumasach, corraitheach é JFK (1991), ceann de mhórshaothair an tsaoiste Oliver Stone, fear a bhfuil trí dhuais Oscar gnóthaithe aige. Scaoil sé racht comhcheilge uaidh sa scannán conspóideach sin a bhí breis agus trí uair an chloig ar fhad. Foireann iontach aisteoirí i mbarr a maitheasa, scéal fíorspéisiúil, uisce fé thalamh, ciútaí scannánaíochta agus turas siar chuig ré Chamelot agus réimeas leasaitheach an Chinnéidigh.

In ainneoin go raibh go leor cumadóireachta, teoiricí comhcheilge agus pribhléid an fhile I gceist bhí craiceann na fírinne air agus shlog an pobal é.

B’fhéidir nach raibh an lucht féachana chomh taithíoch céanna ar an gcur i gcéill an uair úd. Go deimhin aithnítear gur chuir sé leis an mbrú taifid oifigiúla a bhain leis an bhfeallmharú a chur os comhair an phobail. Labhair Stone os comhair na Comhdhála nuair a bhí plé á dhéanamh ar acht a cheadódh eisiúint na dtaifead. Chinntigh an t-acht sin agus an ARRB, an eagraíocht neamhspleách a bunaíodh le scaoileadh na dtaifead a mhaoirsiú, go raibh teacht ag an bpobal ar lear mór eolais a bhí ceilte orthu roimhe sin; eolas ó fhiosrúchán mór de chuid na Comhdhála sna seachtóidí san áireamh. Scaoileadh taifid eile in 2017. Dar le Stone cruthaíonn siad go bhfuil “conspiracy fact” tagtha in áit an “conspiracy theory”.

Len é sin a chur abhaile orainn tá comhshaothar do JFK tugtha ar an bport aige, an fadscannán faisnéise JFK Revisited: Looking Through the Looking Glass (Disney+).

Tá téamaí éagsúla anseo agus bainfidh lucht na comhcheilge agus iad siúd a bhfuil suim acu i JFK agus a fheallmharú súp as na mionsonraí ar fad. Déantar cíoradh ar bhunú an urchair dhraíochta; an t-urchar úd a thaistil na ceithre hairde, a thug neamhaird ar dhlíthe na fisice agus a chneáigh seacht mbabhta.

Cíortar cúlra neamhghnách Oswald, an ceangal a bhí aige le grúpaí difriúla agus an cóiriú a deineadh ar an bpictiúr de leis an ngunna. Tá trácht ar cheilt fírinne is ar neamhaird a tabhairt ar fhianaise agus ar fhinnéithe nár thacaigh le port Choimisiún Warren. Dírítear ar shonraí an lámhaigh sa chéad chuid den scannán agus ar chúiseanna na comhcheilge is an fheallmharaithe sa dara cuid. Whoopi Golderg agus Stone na reacairí sa chéad chuid, Stone agus Donald Sutherland (a bhí i JFK) ár dtionlacan sa dara cuid.

Níl aon ábhar úrnua ag Stone ach bailíonn sé meitheal chuidsúlach de chloigne cainte le chéile leis an ábhar a chíoradh.  Daoine iad seo a bhfuil na blianta caite acu ag plé an ábhair agus leabhair foilsithe acu faoi.  Ina measc tá mac le Bobby, Robert; fear eile nach bhfuil col aige le teoiricí comhcheilge. Is fuirist dos na sonraí, na carachtair éagsúla agus na scéalta éagsúla imeacht sa bhfraoch ort. Bhí míobhán im cheann agus bhíos siar is aniar ag iarraidh gach aon snáithe a thabhairt liom.  Bhraitheas an saothar tuirsiúil in áiteanna agus is cinnte go dtéann sé thar fulaingt ag amanna eile.

Céard is féidir linn a rá ag an bpointe seo? Is cinnte go ndein Coimisiún Warren cac sleaidí dá gcúram. Bhí fonn ar na húdaráis an tragóid a thabhairt chun críche agus chuige sin deineadh fianaise agus finnéithe a mhúnlú.

Ní chiallaíonn san nach raibh bunús le tátail a dtuairisce. Ana-sheans, áfach, go raibh duine éigin ar an “grassy knoll” agus áit eile i mbun lámhaigh agus an-seans ná déanfadh cúirt an lae inniu Oswald a chiontú bunaithe ar an bhfianaise a bhí ann. Is cinnte go ndéanann an saothar seo an mhéar a shíneadh go díreach i dtreo an CIA, dream atá deas ar an ngníomh fill. Ach, an gcuireadar a n-ardcheannasaí de dhroim seoil? Is acu féin atá fios.

Ag an bpointe seo ní chruthófar go deo é.

Fág freagra ar 'JFK – teoiricí comhcheilge nó fíricí comhcheilge?'