Chím go bhfuil an tOllamh Richard Dawkins, an réasúnaí míréasúnta, ag iarraidh an t-ainm ‘The Brights’ a chur i gcúrsaíocht chun trácht ar dhaoine nach ngéilleann do chruthaitheoir osnádúrtha ar bith. Fear eile, Paul Geisert, a cheap an focal, i ndiaidh dó fuath a thabhairt do ‘aindiachaí.’ Tuigim dó – is bocht an rud d’fhéiniúlacht a bheith bunaithe ar na nithe nach gcreideann tú iontu. Focal dearfach a bhí de dhíth ar Geisert, a chuirfeadh fealsúnacht agus fionnachtain agus feasacht in iúl. Tá eagla orm, mar sin féin, gurb í an chíoch shalach atá i ndán do ‘The Brights.’ Tá blas féinmholtach air, agus spreagann sé ceist: cén t-ainm a thabharfar feasta ar lucht creidimh? ‘The Dims?’
Is ar bhlár na téarmaíochta a chuirtear na cathanna is géire i nuapholaitíocht na féiniúlachta. Féadann pobal droim láimhe a thabhairt le hainmneacha dímheasúla nó a gcuid féin a dhéanamh díobh, mar a rinne an pobal gorm i Meiriceá Thuaidh i gcás an N-fhocal. Bhuel, is fada ó ghlac mise col leis an ainm ‘Gaeilgeoir’ agus ní chreidim gurbh fhiú bheith ag féachaint le hathsheilbh a ghlacadh air ná casadh íorónta a chur ann. Tá barraíocht rudaí ina choinne.
(1) Cuireadh de gheasa ar iriseoirí Béarla fadó riamh gan é a litriú mar is ceart, ach a gcolúin tuairimíochta a bhreacadh le ‘Gaielgeóir.’
(2) ‘Gwailgor’ a deir an dream is mó a úsáideann an diabhal ainm.
(3) I bpáirt mhór den Ghaeltacht, is ‘Gaeilgeoirí’ a thugtar ar lucht na gcoláistí samhraidh – dream nach labhródh Gaeilge choíche mura mbeadh an chéad bhus abhaile á bhagairt orthu.
(4) Tá ualach trom cuimhní agus réamhchlaonta ag baint leis. Abair ‘Gaeilgeoir’ agus smaoineoidh do lucht éisteachta ar ‘díograiseoir’, ‘cantalóir’ agus ‘abhlóir’.
Locht eile: is dream ar aon aigne iad ‘The Brights.’ Is é an dearcadh atá acu i leith an reiligiúin a dhéanann ‘pobal’ díobh. Ní pobal ar aon aigne iad lucht na Gaeilge (ná pobal teanga ar bith eile) le go bhfóirfeadh slua-ainm ar bith dóibh.
Goilleann an t-ainm ‘Gaeilgeoir’ ormsa i dtaca le holc, agus tá ‘Gaeilgeoireacht’ ar an dara focal is gránna sa teanga. (Is do ‘úsáidchúntach’ a thugaim an chraobh, dála an scéil.)
Seans gur ag Conradh na Gaeilge atá an réiteach. Lainseáil siad suíomh gréasáin le gairid chun eolas a scaipeadh faoi imeachtaí Gaeilge. Ó tharla na téamaí Pobal, Eolas, Ilmheáin agus Gaeilge a bheith i gceist ann, bhaist siad peig.ie air. Nach breá an t-ainm é i ndiaidh dúinn a bheith chomh leithscéalach faoi Pheig Sayers bhocht? Glacaimis chugainn an P-fhocal a deirimse, in ainneoin chnámh gaosáin lucht an Bhéarla.
Samhlaigh é, a léitheoir dhil: na mílte Gael ag máirseáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus póstaeir bheaga ‘Je Suis Peig’ tógtha in airde acu. Mise ag rá libh, sin an rosc catha a chuirfidh glúine an namhad ag bualadh ar a chéile.
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.