Jam dearg agus an Teach Bán – tá diamhracht éigin faoin Nollaig i chuile theach

Bhí an t-ualach ime agus an ‘jam dearg’ curtha ar an arán in ómós don Nollaig, in ómós do na comharsana agus in ómós do na gasúir

Jam dearg agus an Teach Bán – tá diamhracht éigin faoin Nollaig i chuile theach

Meas tú an mbeidh mé in ann chuige? Sin í an cheist a bhí ag dul anonn agus anall inár  n-intinn agus ár súile ag déanamh staidéar ar an mbord. Bhí Ellen Máire teannta amach go maith sna blianta an uair úd; bhí muide beag. An canda de cháca a bhí gearrtha aici, bhí sé san ainmhéid. Cén bhrí ansin ach bhí airde ime agus subh buailte anuas air. An ‘jam dearg’ a thugadh sí ar an tsubh. An Nollaig.

Ní dóigh go raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag Ellen Máire ach mura raibh, bhí croí mór aice. Bhí an t-ualach ime agus an ‘jam dearg’ curtha ar an arán in ómós don Nollaig, in ómós do na comharsana agus in ómós do na gasúir.

Níl mé ag rá nach bhfuair muid sách deacair é ag brú arán, im agus subh in éindí siar ina mbéal. Ach ní raibh sé inrásta cur suas do bhéile agus tae seo na Nollag.

Bhíodh Ellen Máire agus a fear, Peadar, ag cuimhneamh ar an aimsir a caitheadh faoi Nollaig, ise go háirithe. Ba ise ba mhó a dhéanadh píosaí comhrá leis na gasúir. Ní raibh an oiread sin suime againne san aimsir a caitheadh an uair sin, bhí saol eile amach romhainn.

Ach cuimhním go dtugadh muid suntas don mhileoidean a bhí leagtha ar bharr an drisiúir. Cé mba leis é? An bhféadfaí é a thabhairt anuas? An bhfaca sí aon duine ag ceol air? ‘Ná bacaigí leis an mileoidean sin anois. Fágtar é sin san áit a bhfuil sé.’ Bhí riar eile blianta caite sular thuig muid scéal an mhileoidin.

Sílim gur thug an Nollaig aoibhneas chuig an   teach sin cé gur beag de shólaistí an tsaoil a bhí acu seachas airde ‘jam dearg’ ar an gcanda aráin agus coinneal mhór gheal lasta ar an mbord.

Ar ndóigh, níorbh é a fhearacht sin é ag cuid de mhuintir an tsaoil san aimsir a caitheadh.

Le linn mo chuid taistil anonn agus anall i Meiriceá d’éirigh liom casadh cúpla babhta le bean a choinníonn beo ina ceann de na teaghlaigh is mó cáil sa saol – sin í Caroline Kennedy, iníon an Uachtaráin Kennedy.

Ar cheann de na hócáidí sin, bhí sí ag síniú leabhair a raibh eagarthóireacht déanta aici air. A Family Christmas an teideal a bhí ar an bhfoilseachán, í féin a roghnaigh na píosaí agus na pictiúir agus scríobh sí an réamhrá a bhain leo.

I dtús an leabhair tá litir chuig Deaidí na Nollag:

Dear Santa,

I would like a pair of silver skates – and one of those horse wagons with lucky dips-and Susie Smart and Candy Fashion dolls and a real pet reindeer and a clock to tell time and a covered wagon and a farm and you decide anything else.

And interesting planes or bumpy thing he can ride in or some noisy thing or something he can push or pull for John.

Love from Caroline.

P.S. I would like a basket for my bicycle.

B’in í an litir a chuir Caroline Bheag Kennedy chuig Deaidí na Nollag ón Teach Bán i Washington i 1962. Ar ndóigh, ba é a deartháir a bhí i gceist aici leis an John sa litir.

Sa leabhar freisin tá an freagra a thug Eagarthóir an nuachtáin The New York Sun 125 bliain ó shin ar Virginia O’Hanlon a bhí ag éirí amhrasach go raibh Deaidí na Nollag ann ar chor ar bith. Ocht mbliana d’aois a bhí Virginia san am; dúirt sí go raibh cuid dá cairde ag rá nach raibh Deaidí na Nollag ann beag ná mór ná féasógeach! Fear darbh ainm Francis P. Church a bhí ina Eagarthóir agus d’fhoilsigh sé litir san nuachtán – litir a bhfuil cáil uirthi ón lá sin i leith, an 21ú Meán Fómhair, 1897. “Yes Virginia – there is a Santa Claus”.

Ar ndóigh, tá an pictiúr a thaispeánann Caroline Kennedy istigh faoi chosa a hathar sa Teach Bán fós sa timpeall agus a deartháir John John, agus gan aird aige ar an saol, ina dteannta.

D’fhiafraigh mé di an dtugann an Nollaig sin sa Teach Bán cuimhní ar ais ina hintinn, nó an bhfuil mórán cuimhní aici air. Stad sí ar feadh tamaillín agus bhí cineál ciúnas ina glór. ‘Tugann an Nollaig smaointe agus cuimhní ar ais chugainn uilig,’ ar sí. Cumhacht agat nó a mhalairt, fágann an Nollaig a lorg ar shaibhir agus ar dhaibhir.

Ní raibh baol ar bith go raibh aon chleachtadh ag na gasúir a d’fhás aníos i dteach na comharsan sin againne ar Candy Fashions nó vaigíní feilme mar bhronntanais ó Dheaide na Nollag. ‘jam dearg’ agus coinnle geala. Ach céard faoin mileoidean agus ceol na Nollag?

Níor inis Ellen Máire an scéal ariamh dúinn. De réir a chéile a fuair muid an t-eolas. Bhí mac aici féin agus ag Peadar a chas an mileoidean go croíúil ina óige. Ach rug tinneas intinne air. Tugadh é chuig an ospidéal meabhairghalair agus ba ansin a chaith sé a shaol. Níor casadh nóta ar an mileoidean riamh ina dhiaidh sin.

Beirt bhan agus na mílte míle eatarthu ar chuile bhealach faoi Nollaig. ‘Jam dearg’ Chonamara agus cumhacht an Tí Bháin. Ach cé a déarfadh cé acu ba mhó a bhain sult as an Nollaig nó cé acu ba mhó a raibh buairt ina gcroíthe?

Fág freagra ar 'Jam dearg agus an Teach Bán – tá diamhracht éigin faoin Nollaig i chuile theach'