‘It might lead to a situation where few, if any, civil servants can do business in Irish’ – 50 bliain ó cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge na státseirbhíse

Léiríonn scagadh atá déanta ag Tuairisc ar mheamraim rialtais ó 1974 gur tuigeadh go maith go bhféadfadh gur imeallú na teanga sa státchóras agus séanadh cearta teanga ar an bpobal a leanfadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas

‘It might lead to a situation where few, if any, civil servants can do business in Irish’ – 50 bliain ó cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge na státseirbhíse

50 bliain ó shin an tseachtain seo chinn Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge d’fhostaithe sa státseirbhís, cé gur tuigeadh go bhféadfadh gurb é an toradh a bheadh ar an bpolasaí nua ná nach mbeadh an pobal ábalta a ngnó a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge.

Léiríonn scagadh atá déanta ag Tuairisc ar mheamraim rialtais ó 1974 gur tuigeadh go maith go bhféadfadh gur imeallú na teanga sa státchóras agus séanadh cearta teanga ar an bpobal a leanfadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas.

I ndréacht de mheamram rialtais a shínigh an Taoiseach Liam Cosgrave i mBealtaine 1974, dúradh go gcaithfí an méid sin a aithint.

“It must be recognized that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the constitutional position of Irish as the first language of the state and might lead eventually to a situation where few, if any, civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so.”

Ba iad na cúiseanna is mó a luadh leis an gcinneadh fáil réidh leis an riachtanas ná gur fhág sé faoi mhíbhuntáiste daoine ón Tuaisceart agus clann na n-imirceach a d’fhill ar an mbaile.

Luadh chomh maith sna meamraim rialtais gur bac a bhí sa riachtanas ar na hiarrthóirí ab fhearr ar phoist a fháil agus gurb é polasaí an chomhrialtais fáil réidh le “selective compulsion”, polasaí a bhí “disastrous for the Irish language over fifty years”. In áit an pholasaí sin thabharfaí isteach “a genuine policy based on respect for and promotion of the Irish language”.

Ach in ainneoin na cainte faoi pholasaithe nua a thabhairt isteach a spreagfadh daoine le Gaeilge a úsáid, ba léir gur braitheadh chomh maith gur ag dul ar gcúl a bhí an teanga sa tsochaí agus nach raibh mórán gá le seirbhísí trí Ghaeilge dá bharr.

Sa mheamram rialtais inar leag an tAire Seirbhísí Poiblí Richie Ryan amach an cás le deireadh a chur leis an riachtanas dúradh, “In the majority of cases, little use is made of the Irish so laboriously acquired and so frequently tested”.

Mar a chéile an meon a léiríodh i meamram an Taoisigh níos déanaí an mhí chéanna, Bealtaine 1974.

“Also, from a behavioural point of view, it is reasonable to expect that the Civil service of the future will be a reflection of Irish society at large and that therefore the demand from the public to be dealt with in Irish will be matched by a level of competence and an incidence of competent officers at the various grades to meet the situation – without any element of compulsion.”

Scriosadh sa leagan deireanach den mheamram an abairt a tháinig ina dhiaidh sin sa dréacht:

“It would follow therefore that the ability of the Civil Service to meet the constitutional requirements can be reasonably assumed in the climate of non-compulsion.”

Cothrom na seachtaine seo 50 bliain ó shin, ar an 29 Deireadh Fómhair 1974, chinn Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge d’fhostaithe sa státseirbhís.

Ó na 1920idí theastaigh líofacht sa Ghaeilge chun post mar státseirbhíseach a fháil nó chun ardú céime a fháil sa státseirbhís.

Chuirtí scrúdú chomh maith ar státseirbhísigh tar éis tréimhse áirithe ama lena líofacht a thástáil.

De réir a chéile a réitíodh an bealach chun fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge.

I 1969, mhaígh an Public Service Organization Review Group go raibh an iomarca den ualach ó thaobh na Gaeilge á iompar ag an státseirbhís agus “[that] the use of the civil service alone as a means of promoting the Irish language diverts the service from its other tasks”. Mhol an grúpa sin “a realistic language policy” a bheadh “nationwide in its application” agus nach bhfágfadh an státseirbhís faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le fostóirí eile.

I dtuarascáil ón Advisory Committee on Emigrants’ Services a foilsíodh i 1971 léiríodh imní go raibh deiseanna fostaíochta á gceilt ar chlann na n-imirceach a d’fhill ar Éirinn.

Pléadh an scéal le Comhairle na Gaeilge (grúpa a bhunaigh an Rialtas chun athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí teanga an stáit) a dúradh a bhí “unsympathetic and unhelpful”.

I 1972 chuir an grúpa tras-rannach a bhí ag plé leis an Tuaisceart tuarascáil amach inar pléadh cás na dtuaisceartach nach mbeadh dóthain Gaeilge acu le post a fháil sa státseirbhís ó dheas.

Bhí na hargóintí seo ag teacht le polasaí an chomhrialtais fáil réidh leis an “selective compulsion”.

In Aibreán 1973, mar shampla, chuir an tAire Oideachais Richard Burke deireadh leis an nGaeilge éigeantach sna scrúduithe stáit.

Dúradh i meamram rialtais faoin riachtanas sa státseirbhís an bhliain dár gcionn go bhfuarthas réidh leis an riachtanas do na scrúduithe ar an dtuiscint go dtabharfaí beartais isteach “to ensure the continued study of Irish in an atmosphere where no psychological antagonism towards it will be created”.

D’fhéadfadh, mar shampla, go dtabharfaí isteach ábhar nua sna scoileanna, Léann na Gaeilge.

Ar an 31 Eanáir 1974, fuair na hollscoileanna réidh leis an riachtanas Gaeilge do dhaltaí ón Tuaisceart.

I mí Feabhra 1974 mhol Comhairle na Gaeilge don Rialtas go gcoimeádfaí an riachtanas Gaeilge don státseirbhís.

Dúradh gur ceist “chasta” a bhí ann ach go raibh an riachtanas an-tábhachtach ó thaobh spreagadh a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a theagasc agus a fhoghlaim sna scoileanna. Dúirt an Chomhairle chomh maith go raibh sé de cheart ag an bpobal a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge le heagrais phoiblí dá mba mhaith leo.

Ach ba léir go raibh an taoide casta in aghaidh an riachtanais Ghaeilge.

I ndréacht de mheamram rialtais an Taoisigh ó mhí Bealtaine 1974 dúradh gurb amhlaidh go raibh an riachtanas ag cur leis an “antagonism towards the language which we are committed to ending”. Dúradh sa dréacht-mheamram go gcuirfeadh an cinneadh deireadh le “the tradition of unsound motivation in learning Irish”.

Dúradh sa dréacht-mheamram chomh maith go mbeadh an bhéim nua ar “appointment on merit” ina “further link in the chain of change which is gradually making our society less closed and more acceptable from the Northern viewpoint”.

In abairt eile a fágadh ar lár sa dréacht deireanach de mheamram an Taoisigh, dúradh dá mbeifí ag iarraidh go mbeadh státseirbhísigh níos “enthusiastic” faoin nGaeilge go gcaithfí an teanga a shaoradh “from its association with the rigours of the work environment”.

Chuige sin bheadh béim nua ar chúrsaí Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí do státseirbhísigh a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.

Fág freagra ar '‘It might lead to a situation where few, if any, civil servants can do business in Irish’ – 50 bliain ó cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge na státseirbhíse'

  • Pól Ó Braoin

    Rud atá faighte amach agam féin nach féidir mórán a dhéanamh leis an stát gan é a dhéanamh i mbéarla, mura mbím ag iarraidh trioblóid leis an ngnó a theastaíonn uaim a chur i gcrích. Tuigim ó mo thaithí féin nach bhfuil sa nGaeilge ach caitheamh aimsire i gciorcal comhrá ach nach aon mhaith a dhéanfaidh sé dom úsáid a bhaint as an teanga seo agus mé i mbun aon obair thromchúiseach leis an stát seo abhus. Buíochas mór le Dia go bhfuil inniúlacht mhaith i mbéarla labhartha agus scríofa agam.

  • AnRógaire

    Dá mba theanga oifigiúil dáiríre a bhí sa ghaeilge, bheadh gach seirbhís ar fáil, ní amháin ón státchóras, ach ó ghnólachtaí príobháideacha chomh maith, sa dhá theanga oifigiúil. Níl an cumas, nó an mian b’fhéidir, i bpobal na gaeilge dul i ngleic leis an bhfírinne seo. Idir an dá linn, beidh an ghaeilge ar an imeall i gcónaí.