Tá ráite ag Teachta Dála gur mór an trua go bhfuil an rialtas ródhírithe ar fhigiúirí agus staitisticí seachas a bheith ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo é.
Dúirt an Teachta Chris Andrews ó Chuan Bhaile Átha Cliath Theas go gcloiseann sé den chéad uair riamh gasúir óga i lár na cathrach ag Gaeilgeoireacht ach go bhfuil an dul chun cinn atá déanta sa cheantar ag gaelscoileanna anois i mbaol toisc nach bhfuil an rialtas sásta iarbhunscoil lán-Ghaeilge a thógáil chun freastal ar an éileamh.
Agus an tAire Oideachais Norma Foley tugtha os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun labhairt ar staid an Ghaeloideachais sa stát, tagraíodh don fheachtas BÁC 2, 4, 6, 8 atá ag éileamh Gaelcholáiste nua i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Foley gurb í an sprioc atá ag a Roinn ná an rogha a thabhairt do gach páiste sa stát oideachas trí Ghaeilge a fháil ach dúirt go dtógfadh sé am chun sin a bhaint amach.
Maidir leis an bhfeachtas ar son gaelcholáiste nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, dúirt an tAire gur theastaigh ar a laghad 400 dalta chun iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a thógáil agus go raibh a Roinn fós sásta go raibh na spásanna in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge eile chun freastal ar an éileamh.
Dúirt an tAire go raibh measúnú ar bun chun fáil amach an bhféadfaí cur le Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin ar an gCarraig Dhubh chun tuilleadh spásanna a chur ar fáil. Dúirt sí freisin go raibh ar a laghad 30 spás breise i nGaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin freisin.
Mheas an Teachta Andrews ó Shinn Féin go mbeadh sé thar fóir ar fad iarraidh ar pháistí ó lár na cathrach dul chomh fada le Ráth Fearnáin dá mbeadh uathu oideachas dara leibhéal lán-Ghaeilge a fháil.
“Níl Ráth Fearnáin réalaíoch…Bíonn an rialtas ag caint ar ‘Cathair 15-nóiméad’ agus go mbeadh gach rud 15 nóiméad uait. Má tá tú ag súil go dtaistealódh páistí óga, ní bhainfidh tú Ráth Fearnáin amach taobh istigh de 15 nóiméad. Fiú má tá tú i Ráth Fearnáin, tá sé deacair Ráth Fearnáin a bhaint amach i 15 nóiméad, go háirithe nuair atá an aimsir go dona,” a dúirt an Teachta Andrews.
Dúirt sé gur fadhb mhór is ea an líon daltaí a imíonn ón nGaeloideachas tar éis dóibh an bhunscoil a fhágáil agus go mbeadh an dul chun cinn atá déanta i gceantair ar nós lár Chathair Bhaile Átha Cliath i mbaol gan tuilleadh roghanna a bheith ar fáil do pháistí.
“Toisc go bhfuil Bunscoil Synge Street againn síos an bóthar anseo, cloisim páistí ó Shráid Chaoimhín, ón Iveagh Trust, sna Flats, O’Carrolls Villas, Mercer House, páistí seacht nó ocht mbliana d’aois ag labhairt Gaeilge. Níl sé sin cloiste agam riamh cheana agus tá sé iontach ar fad. Ach tá mise ag rá leat, níl siad chun taisteal chomh fada le Ráth Fearnáin chun leanúint lena n-oideachas lán-Ghaeilge,” a mhaígh an Teachta.
“Ní bheidh go leor páistí i lár na cathrach in ann dul chomh fada le Ráth Fearnáin nó chomh fada le Coláiste Íosagáin nó Coláiste Eoin agus is bac ollmhór atá ann. Tá sé iontach an oiread sin páistí i lár na cathrach a chloisteáil ag labhairt Gaeilge agus is trua liom nach bhfuil muid in ann gan díriú isteach ar na figiúirí agus na staitisticí agus breathnú ar an tionchar atá aige seo ar na pobail i lár na cathrach.”
Dúirt an tAire Norma Foley gur ghlac sí leis nár aontaigh gach duine le cur chuige na nAonad Gaeilge i scoileanna Béarla ach dúirt sí go bhféadfadh Aonaid a bheith ina leigheas ar an bhfadhb i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath “mar an chéad chéim”. Bhí scoil ar leith aitheanta i gCrois Araild a bheadh feiliúnach dá leithéid, a dúirt sí.
Maidir leis an bplean a luaigh an tAire chun breis spásanna a chur ar fáil i gColáiste Eoin agus i gColáiste Íosagáin, dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go mbeadh na spásanna breise de dhíth chun freastal ar an éileamh atá i gceantair na Carraige Duibhe, Dhún Laoghaire agus na ceantair eile i ndeisceart Átha Cliath, gan trácht orthu siúd ó scoileanna eile sa chathair.
Tá an feachtas BÁC 2, 4, 6, 8 ar bun le cúpla bliain chun gaelcholáiste nua a bhunú a dhéanfadh freastal ar na ceantair sin. Cé go bhfuil cúig ghaelscoil ag feidhmiú sna ceantair sin, níl oiread is iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin ann chun freastal orthu tar éis na bunscoile, i gcomparáid le breis is dhá scór iarbhunscoil Bhéarla.
Seán ÓM
Ná déanaimis dearmad ar Ghaelcholáiste Mhaigh Eo
Agus
Ghaelcholáiste an Chláir (neamhspleách seachas aonad!)
ach oiread.
Bhí Norma i mbun leithscéalaoichta faoin dara ceann cúpla mí ó shin chomh maith:
https://youtu.be/13L4M0d95es
Má ghlaicimis leis go buncheart é Gaeloideachas, níl trí throid éagsúil i gceist anseo – ach troid mhór aontaithe amháin. Seasaimis le chéile ar son ár gcearta.