Is mór é mo mheas ar chrógacht aon bhean a théann isteach i gcró na muc

Seachtain mhór fhada nuair ba chóir do mhná buacacha na Spáinne a bheith ag ceiliúradh a mbua stairiúil curtha amú ar ego agus iompar cerdo breá seobhaineach

Is mór é mo mheas ar chrógacht aon bhean a théann isteach i gcró na muc

Mo thrua mhór iad peileadóirí buacacha ban na Spáinne – timpeallaithe ag cerdos is puercos /collacha breátha muice atá gan scáth gan náire gan mhúineadh.

An ceiliúradh is an mórtas as a n-éacht á lot orthu.

Tá réamhfhiosrúchán ar siúl ag ionchúisitheoirí chúirt choiriúil na Spáinne faoi eachtra Luis Rubiales.

Tá na dlíodóirí ag fiosrú arbh ionsaí gnéasach a bhí sa bpóg gan iarraidh a bhain sé de Jenni Hermoso, gníomh coiriúil i ndlí na Spáinne.

Tá Angeles Bejar, máthair Luis Rubiales, ar stailc ocrais i Séipéal Divina Pastora ina bhaile dúchais Motril agus í ag áiteamh go bhfuil “seilg mhídhaonna fhíochmhar” á déanamh ar a mac.

Ní hí amháin atá ag tacú le Rubiales.

Bhailigh lán seomra acu le chéile, puercos fireann is baineann, agus iad ag iarraidh ‘deighleáil’ le fadhbanna iompair Uachtarán iomráiteach chumann sacair na Spáinne.

Ba léir a n-iompar do na peileadóirí, ní a bhí ar eolas acu cheana féin, nach fiú trí leathphingin leo peileadóirí ban, nuair atá stádas an Uachtaráin machismo i mbaol.

‘No voy a renunciar…Ní éireoidh mé as!’ a bhéiceann sé amach arís is arís eile.

‘Feallmharú orm atá ar na meáin shóisialta ag bréagfheiminigh’ arsa Rubiales.

‘Ceann de mhórfhadhbanna na tíre seo’ a deir an meatachán gan náire agus é déanamh trua dó féin agus é ag fáil bualadh bos ón slua mór a bhí bailithe.

Ba náireach an mhaise dóibh é, gach mac is iníon máthar acu.

Ar deireadh thiar, tar éis do Chónaidhm Sacair na Spáinne bagairt a dhéanamh go gcuirfidís an dlí ar Jenni Hermoso a labhair amach ina choinne, agus an dlí a chur ar suas le ceithre fichead imreoir baineann a shínigh litir ag dearbhú ná imreoidís faid a bhí Rubiales i gceannas, tá fionraí sealadach curtha ag FIFA, an Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair, air, faid atá fiosrúchán ar siúl ar a iompar.

Seachtain mhór fhada nuair ba chóir do mhná buacacha na Spáinne a bheith ag ceiliúradh a mbua stairiúil curtha amú ar ego agus iompar cerdo breá seobhaineach.

Viva España! Viva mujeres de España.

Ní mór é mo shuim i gcúrsaí peile, baineann ná fireann ach amháin uair nó dhó sa bhliain nuair is Páirc a Chrócaigh a bhíonn i gceist agus fágadh dealbh i mbliana mo chine is mo shliocht faraor.

Ach chuireas suim tamall siar, i bpeileadóir iontach Meiriceánach, Megan Rapinoe, bean a thug aighneas agus an t-eiteachas don dTrúmpaire agus é sa Teach Bán. Dhearbhaigh sí ná glacadh sí le cuireadh uaidh, agus mhol sí don fhoireann ar fad, fanacht glan den áit.

Ní róshásta a bhí sé, ní nach ionadh. Ní deacair é siúd a chur sa tsiúl.

Bhí sé tarcaisneach garbh léi mar is dual dó.

Is mór é mo mheas ar a misniúlacht agus ar chrógacht aon bhean eile a théann thar teorainn isteach i gcró na muc.

Mheall peileadóirí óga mná Éireann mé chomh díograiseach spleodrach a chuadar i mbun feachtais sa Chorn Domhanda san Astráil. Briseadh croí dóibh nár éirigh chomh maith san leo.

Ach ba mhór an t-ardú meanman a bheith a’ féachaint ar na gaiscígh Spáinnéaracha agus iad ag baint an mhustair dár gcomharsana béal dorais, a cheap gur leo féin an Corn.

Bhí teacht aniar is mianach is fiántas sna Spáinnigh, bail orthu.

Agus nuair is dóigh le mná go bhfuil siad i dteideal sibhialtacht éigin ón leath eile de dhaonra an domhain ní gá dóibh ach cuimhneamh ar leithéidí Rubiales agus iad siúd atá ag éirí thiar as agus tuigfidh siad láithreach gur fada an bóthar atá rompu amach fós.

Viva mujeres de España uair amháin eile.

Fág freagra ar 'Is mór é mo mheas ar chrógacht aon bhean a théann isteach i gcró na muc'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá cnocán á dhéanamh as cnapán. Dar liom ar aon nós.

  • Aonghus

    Puercos ‘fireann is baineann’ ag tacú le Rubiales ag tús an ailt ach ag a dheireadh siad na fir ‘an leath eile de dhaonra an domhain’ atá thíos leis an éagóir seo. Ciuca atá cúisithe?