‘Is mór an onóir é’ – Gearóid Mac Donncha ceaptha ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dúirt ceannaire nuacheaptha RTÉ RnaG inniu gur cúrsaí maoinithe an deacracht is mó atá ag an stáisiún agus go gcaithfeadh ‘na polaiteoirí aghaidh a thabhairt air sin’

‘Is mór an onóir é’ – Gearóid Mac Donncha ceaptha ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Gearóid Mac Donncha, arb as Béal an Daingin i gConamara dó, ceaptha ina Cheannaire nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí an stáisiún ag feidhmiú gan aon cheannaire buan ó d’éirigh Edel Ní Chuireáin as an gcúram sin i mí an Mhárta 2017. Ba é Mac Donncha a bhí ina Cheannaire Gníomhach ar an stáisiún ó shin.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin, dúirt an ceannaire nuacheaptha gur mhaith leis an ceangal “fíorláidir” atá ag RnaG  leis an bpobal “a láidriú tuilleadh go mbeadh muid amuigh i measc an phobail níos mó agus go mbeadh an pobal istigh sa raidió i bhfad níos mó”.

Dúirt sé gur cúrsaí maoinithe an deacracht is mó atá ag an stáisiún agus go gcaithfeadh “na polaiteoirí aghaidh a thabhairt air sin” trí dhul i ngleic leis an “géarchéim” airgid in RTÉ.

Dúirt sé gur mhaith leis forbairt a dhéanamh ar sceideal an stáisiúin, go háirithe i réimse na drámaíochta, na gclár do dhaoine óga agus na gclár faisnéise.

Dúirt Mac Donncha go raibh an teacht isteach a bhí ag RnaG ó RTÉ méadaithe ó €10.5 milliún go dtí €11.5 milliún agus go raibh ag éirí leis an stáisiún dul “in aghaidh an tsrutha” sa mhéid sin.

Sular thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2006, bhíodh Mac Donncha ag obair leis an gcomhlacht léiriúcháin Nemeton, mar ar bhain sé cáil amach as feabhas a chuid tráchtaireachta spóirt. Thug sé tréimhsí mar láithreoir ar chláir éagsúla, ina measc Adhmhaidin agus Nuacht a hAon agus bronnadh an gradam do Chraoltóir Raidió na Bliana air ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2010, agus bhuaigh sé an duais d’Iriseoir Gaeilge na Bliana ag Gradaim Náisiúnta na Meán 2009. 

Bhí sé seal chomh maith ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta agus ceapadh ina leascheannaire ar an stáisiún é in 2014.

Tá sé ina chónaí i mBéal an Daingin agus é pósta leis an gcraoltóir agus léiritheoir teilifíse aitheanta, Gráinne McElwain. Tá triúr clainne orthu.

Nuair a d’éirigh Edel Ní Chuireáin as post an cheannaire breis is bliain go leith ó shin, dúradh go raibh sé i gceist an folúntas a líonadh nuair a bheadh athbhreithniú déanta ag RTÉ ar struchtúr bainistíochta an stáisiúin Ghaeltachta.

Tá t-athbhreithniú sin críochnaithe le tamall. 

Meastar go moltar san athbhreithniú deireadh a chur le post an leascheannaire sa stáisiún agus post bainistíochta eile, a bheadh dírithe níos mó ar bhainistiú acmhainní, daoine agus an sceidil a chur ina áit.

Chuir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, fáilte roimh an gceapachán.

“Fiú agus san am atá caite ag Gearóid ag obair mar Cheannaire Gníomhach, tá forbairt shuntasach  déanta aige ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá tuiscint ghrinn ag Gearóid ar an ról atá ag RTÉ RnaG freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá mé muiníneach go mbeidh sé sin mar sprioc leanúnach aige ina ról mar Cheannaire.”

Dúirt Gearóid Mac Donncha féin gur mór an “an onóir” agus “an phribhléid” dó a bheith ceaptha mar Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta “ceann de heagraíochtaí is tábhachtaí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge”. 

“I gcomhar le foireann an Raidió, tá mé ag súil go mór tógáil ar an obair atá déanta go dtí seo agus tabhairt faoi na dúshláin atá amach romhainn ar mhaithe leis an bpobal éisteachta agus leis an tseirbhís a chur chun cinn.”

Fág freagra ar '‘Is mór an onóir é’ – Gearóid Mac Donncha ceaptha ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • Sean O Ciobhain

    Comhghairdeachas o Lanzarote.

    Sean O Ciobhain