‘Is mór an mí-ádh gur tharla sé ach tá míniú uainn’ – Tomás Ó Sé ar chás Thír Eoghain

Mheas iarimreoir na Ríochta go raibh ceisteanna le freagairt maidir le cad ba chúis leis an ráig Covid-19 a bhuail foireann Thír Eoghain a d’fhág cluiche leathcheannais na hÉireann ar athlá

‘Is mór an mí-ádh gur tharla sé ach tá míniú uainn’ – Tomás Ó Sé ar chás Thír Eoghain

Tá ráite ag Tomás Ó Sé gur gá do Chumann Lúthchleas Gael míniú a thabhairt ar céard ba chúis leis an ráig den Covid-19 a bhuail foireann peile Thír Eoghain agus a d’fhág go bhfuil cluiche leathcheannais na hÉireann idir iad agus Ciarraí curtha ar athlá.

Fógraíodh inné go raibh an cluiche, a bhí le himirt Dé Domhnaigh beag seo, curtha siar sé lá go dtí 21 Lúnasa. Rinne Cumann Lúthchleas Gael cinneadh chomh maith go gcuirfí cluiche ceannais peile na hÉireann siar seachtain go dtí an 4 Meán Fómhair.

Tá ráite ag Cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Thír Eoghain, Michael Kerr, go bhfuil an baol ann nach mbeidh Tír Eoghain in ann foireann a chur chun páirce fiú agus seachtain sa bhreis tugtha dóibh. Dúirt Kerr go raibh síneadh coicíse iarrtha acu ar na húdaráis i bPáirc an Chrócaigh chun a chinntiú go mbeadh na himreoirí ullamh don chluiche in aghaidh Chiarraí ach gur diúltaíodh sin dóibh.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt iar-imreoir na Ríochta, Tomás Ó Sé, go raibh sé ceart an seachtain amháin bhreise a thabhairt do Thír Eoghain.

Ach mheas sé go raibh ceisteanna le freagairt maidir le céard ba shiocair leis na cásanna i measc phainéal na foirne.

“Tá cásanna sa phainéal agus bheifeá ag súil, ar dtús báire, go bhfuil gach aon duine sábháilte agus nach bhfuil sé [an galar] ró-olc thuas ann ach tá na cásanna seo ag imeacht timpeall agus tá fadhb ag Cumann Lúthchleas Gael anois,” a dúirt Ó Sé.

“Is mór an mí-ádh gur tharla sé in aon chor ach, is dóigh liom, tá míniú uainn ionas go bhfoghlaimeoidh muid uaidh amach anseo.”

Nuair a bhuaigh Tír Eoghain cluiche ceannais Uladh in aghaidh Mhuineacháin coicís ó shin, bhí ceathrar imreoirí agus comhbhainisteoir na foirne ar iarraidh de bharr an Covid-19. In olcas atá cúrsaí an víris imithe i gcampa na foirne ó shin agus dúirt Ó Sé go raibh tuairiscí cloiste aige féin go raibh na déaga d’imreoirí de chuid Thír Eoghain buailte ag an ngalar anois.

“Ní hé go bhfuilim ag rá go ndeineadar aon rud as slí ach, ionas go bhfoghlaimeoimid ar fad ó seo … ní mór a mhíniú i gceart conas ar tharla sé go bhfuair an méid sin daoine seo [an víreas],” a dúirt Ó Sé.

“N’fheadar an dtiocfadh sé ón traenáil. Tá an traenáil á reáchtáil ag gach aon fhoireann chomh sábháilte agus chomh ceart. Ní dóigh liomsa go bhfuil aon dainséar ann go dtiocfadh an fhadhb ón traenáil.”

Cé nár mheas sé gurbh í an traenáil ba chúis le ráig Thír Eoghain, dúirt Ó Sé nach raibh daoine, imreoirí idirchontae san áireamh, ag cloí chomh docht leis na srianta is a bhíodh agus dúirt nach dtarlódh seo anuraidh.

Dúirt Ó Sé go raibh sé cinnte go ndearna na foirne uile a bhuaigh craobhacha na gcúigí ceiliúradh de shaghas éigin agus dá mba rud é gur eachtra den chineál sin ba chúis leis an scaipeadh i gcampa Thír Eoghain, go bhféadfadh gurbh é sin ba chúis le cinneadh Chumann Lúthchleas Gael gan an cluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí a chur siar seachtain eile.

“Más rud é go bhfuil tuiscint éigin, agus ní déarfar na scéalta seo amuigh [go poiblí], ag Páirc an Chrócaigh go bhfuil an locht b’fhéidir ar mhuintir Thír Eoghain gur tharla seo, ní dóigh liomsa go dtabharfar an dara seachtain in aon chor dóibh.”

Fág freagra ar '‘Is mór an mí-ádh gur tharla sé ach tá míniú uainn’ – Tomás Ó Sé ar chás Thír Eoghain'