Is mó oíche a chaithim ag alpadh sraitheanna ar Netflix ná ag déanamh ióga…

An Cultúr faoin gCuibhriú: Sa mhír nua seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

Is mó oíche a chaithim ag alpadh sraitheanna ar Netflix ná ag déanamh ióga…

Le tamall anuas, is é an podchraoladh a thugann lón machnaimh dom thar aon mheán eile. Is deacair leabhar a léamh is tú ag cothú linbh! Bíonn an podchraoladh ina chomhluadar dílis agam istoíche; braithim ceangal leis an saol mór fad is atá formhór an tí faoi shuan.   

An t-aon ní a dhealaíonn an Luan ó na laethanta eile ná an fógra ar mo ghuthán go bhfuil an t-eagrán is déanaí den bpodchraoladh This American Life chugainn. Is fada an clár raidió seo ar an bhfód (ó 1995 i leith) agus is mór an tóir atá air. Ní saol Mheiriceá amháin is ábhar dó, ní miste a shonrú, ach daonnacht na cruinne. Podchraoladh eile a thugann an-sásamh dom ná Radiolab, go háirithe an tsraith ‘The Other Latif’ a bhaineann le fear atá i ngéibheann in Guantanamo.

Déantar iarracht beatha Latif Nassar a rianú, chomh maith leis na cúinsí a bhain lena ghabháil. Faightear léargas ar a chaime atá an córas thall agus ar an éagóir atá á déanamh ar na cimí in Guantanamo.

Is cosúil go mbíodh amhrán Barney, an dineasár corcra mallaithe úd, á sheinnt in Guantanamo chun príosúnaigh a chiapadh. Tá cailín beag agam sa bhaile a bhíonn an-tugtha don amhrán ‘Old McDonald’.

Go deimhin, níl aon insint ar an dúil atá aici san amhrán, ná ar chreimeadh anama a máthairín nuair a bhíonn orm éisteacht leis. Nuair a éiríonn liom í a chur i dtreo rudaí níos ‘cultúrtha’, bainimid ardtaitneamh as éisteacht le Scéilín ó Bhéilín. É sin ráite, táim ag súil leis an lá go mbeidh cead agam dlúthdhiosca eile a chur ar siúl.

Tráthnóna agus na páistí ina luí is ea a bhíonn fuinneoigín beag ama agam dom féin. Uaireanta dúntar an fhuinneoigín céanna go borb (tá baba anseo ag cur fiacal), ach tapaím an deis ióga le Adriene a dhéanamh. Is geall le cliché é sin ar na saolta seo. Tá cáil nach beag ar Adriene as a cuid ranganna ióga ar Youtube agus gach mac máthar á lúbadh féin de réir a cuid treoracha.

Cur i láthair éadromchroíoch, réchúiseach atá aici agus ní haon bhréag a rá go mbraitheann mo chroí féin níos éadroime tar éis seisiún léi.

Nílim rónaofa don teilifís agus is mó oíche a chaithim ag alpadh sraitheanna ar Netflix ná ag déanamh ióga – Tiger King, Don’t F**k with Cats, truflais ar bith, i ndáiríre. Má tá rud éigin níos tathagaí ag teastáil, tá Mubi ann, a mbíonn an rogha scannán ag síorathrú.

Chonac Portrait de la jeune fille en feu an tseachtain seo caite agus bhain áilleacht an scannáin siar asam. É suite sa Bhriotáin san 18ú haois, baineann an scéal le healaíontóir mná a bhfuil de chúram uirthi portráid a dhéanamh d’óigbhean uasal. Socrú cleamhnais atá i ndán di, má ghlacann an fear lena portráid.

Fásann caidreamh idir an bheirt bhan (is scannán Francach é seo, tar éis an tsaoil!) ach gan aon chuid den tslíomadóireacht a shamhlófaí lena leithéid. Céline Sciamma atá i mbun stiúrthóireachta agus d’éirigh léi éacht físiúil a dhéanamh sa scannán grá seo.    

Bean eile a bhíonn ag cíoradh castacht an chroí ná an file Caitríona Ní Chléirchín. Táim ag tnúth go mór lena cnuasach nuafhoilsithe The Talk of the Town mar a bhfuil aistriúcháin Bhéarla le Peter Fallon. Tá an-mheas agam ar a cuid filíochta agus is maith an rud é go mbeidh teacht ag léitheoirí an Bhéarla anois ar a saothar. 

Agus mé ag fanacht ar an leabhar sin ó fhear a’ phoist, thosnaíos ag léamh Mary Lavelle le Kate O’Brien, a bhfuil portráid shuaithinseach di ar crochadh i ndánlann Crawford i gCorcaigh. Údar í a bhíonn ag teacht is ag imeacht as faisean. Is dócha go bhfuil sí as faisean faoi láthair. Is mór idir í agus an ghlúin scríbhneoirí atá anois ann, leithéidí Sally Rooney et al. Abairtí fada fileata agus stíl atá ‘liteartha’ nó saothraithe atá i leabhar O’Brien le hais loime na stíle atá coitianta faoi láthair.

Difríocht mhór eile ná saontacht na príomhphearsa, rud nach samhlaím le saoltacht chomhfhiosach phríomhphearsan an lae inniu a bhíonn tugtha don bhféinanailís. Is deas a bheith i gcomhluadar Mary Lavelle seal agus í ag dul i dtaithí ar an saol cois farraige i dTír na mBascach.

Braithim féin an fharraige uaim, ach tá ‘Thar Toinn’ le Muireann Nic Amhlaoibh agam agus cabhraíonn sé sin. 

Fág freagra ar 'Is mó oíche a chaithim ag alpadh sraitheanna ar Netflix ná ag déanamh ióga…'