Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte, ach céard faoi Julian Assange?

Cé a déarfadh nach bhfuil féinchinsireacht i réim anois i gcás Julian Assange

Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte, ach céard faoi Julian Assange?

Chuirfeadh sé iontas ort nach bhfuil iriseoirí na hÉireann níos glóraí faoi chás Julian Assange, bunaitheoir WikiLeaks. Nó b’fhéidir aríst nach gcuirfeadh.

Is fíor gur eisigh Ceardchumann na nIriseoirí ráiteas faoi ach thairis sin ní fhéadfá a rá go bhfuil scéal mór déanta sa tír seo de. Is cinnte nach bhfuil RTÉ ag cur mórán stró orthu féin á phoibliú ar chuma ar bith.

Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte ach seo sampla clasaiceach den chaoi a mbíonn lucht rialtais agus lucht dlí ag iarraidh an fhírinne a phlúchadh nuair a fheileann sin dóibh.

Tá rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh Assange a eiseachadadh as Sasana agus iad ag cur spiaireachta ina leith.

Má éiríonn leo tabharfar os comhair cúirte i Virginia é agus tharlódh sé go ngearrfaí 175 bliain príosúnachta air.

Spiaireacht a thugann na Meiriceánaigh ar a chuid oibre ach scúpanna a thug na meáin chumarsáide ar na scéalta a sceith sé agus ar bhain siad leas go fonnmhar astu.

Bhí an New York Times, an Guardian agus go leor nuachtán eile breá sásta a chuid eolais a fhoilsiú.

Gníomhartha uafáis a rinne arm Mheiriceá san Iaráic agus san Afganastáin ba ea cuid mhaith de na scéalta sin.

Cuireadh spéis faoi leith sa gcuntas a tugadh ar ionsaí a rinne na Meiriceánaigh le héileacaptair i mBaghdad.

Maraíodh ocht nduine dhéag a bhí neamhchiontach ar fad. Ina measc bhí beirt iriseoirí le Reuter agus beirt ghasúr.

Léirigh video a rinneadh go raibh criúnna na héileacaptair ag gáirí agus iad ag déanamh an ionsaithe.

Damáiste comhthaobhach (collateral damage) a thabharfadh na Meiriceánaigh air. Go deimhin chuaigh siad níos faide ná sin nuair a dúirt siad gur timpiste a bhí ann a tharla le linn comhraic lámhaigh.

Ar dhuine de na daoine a thug fianaise sa gcúirt ar son Assange agus ar son WikiLeaks bhí an Gearmánach Khaled El Masri. D’inis seisean gur fhuadaigh an CIA é as teorainn na Macadóine sa mbliain 2004. Cuireadh drochbhail air.

Dúirt an CIA ina dhiaidh sin nárbh é an fear ceart a bhí acu. Sa mbliain 2012 cruthaíodh i gCúirt Chearta Daonna na hEorpa gur chéas an CIA é.

Ghlac Masri buíochas le Assange agus le WikiLeaks. Ba rímhaith a thuig sé murach a gcuid oibre siúd nach dtabharfaí an bhreith chóir air.

D’fhoilsigh an Irish Independent scéalta a chuir WikiLeaks ar fáil. Cuireadh an-spéis i sreangscéal amháin a seoladh as Ambasáid na Stát Aontaithe i mBaile Átha Cliath.

Nuair a diúltaíodh do Chonradh Lisbon sa tír seo dúirt Eamon Gilmore ar nuacht RTÉ nach mbeadh Páirtí an Lucht Oibre ar son reifreann eile a chur ar bun. Ach de réir an tsreangscéil seo, thug Gilmore cuairt ar an Ambasáid cúpla lá ina dhiaidh sin agus gheall sé dóibh go n-éileodh sé an dara reifreann.

An fhírinne a chur i láthair a bhí mar aidhm ag Assenge. Ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi iriseoirí eile a bhí páirteach le harm na Stát Aontaithe san Iaráic agus san Afganastáin.

Iriseoirí neadaithe a bhí iontu sin. Ba mhó de lucht bolscaireachta ar son an airm a bhí iontu ná d’iriseoirí neamhspleácha.

Is cinnte go bhfuil a dhóthain féin d’fhulaingt déanta ag Julian Assange go dtí seo.

Cuireadh ionsaí gnéis ina leith ach tharraing údaráis na Sualainne siar an líomhaintí sin anuraidh. Chaith sé seacht mbliana in Ambasáid Eacuadór agus ocht mí dhéag coinnithe faoi ghaibhniú aonair i bpríosún ardslándála Belmarsh.

Bhí mír 31 den Acht Craolacháin againn ar feadh blianta anseo in Éirinn. Bhí sin dona go leor ach tháinig féinchinsireacht as freisin.

Cé a déarfadh nach bhfuil féinchinsireacht i réim anois i gcás Julian Assange?

Fág freagra ar 'Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte, ach céard faoi Julian Assange?'

  • Anndra

    Sé seo an chéad alt ar Assange atá léite agam ar nuachtán Éireannach. Tá an cás cúirte chomh tábhachtach. Ba mhaith liom go mbeadh a thuilleadh le léamh mar gheall air. Bhí blog iontach á scríobh ag Craig Murray ón gcúirt féin, ó lá go lá, a fhaid ‘s a bhí an cás ag dul ar aghaidh.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an ceart ag Seosamh agus gach aon bhlúire den cheart. Is beag an ní an haiku ach tá haiku tacaíochta a scríobhas do Julian Assange scannanáithe anois ag ealaíontóir as an gCaismír, Masood Hussain:
    https://www.youtube.com/watch?v=feeVR5XDisE

  • An Teanga Bheo

    Cén bhaint atá ag Sasana le saoirse cainte sa gcás seo ?

  • Séamus Caomhánach

    Ardfhear a Sheosaimh!
    Aontaím leat go huile is go hiomlán.
    Ní cuimhin liom aon dea-fhocal a léamh faoi Julian Assange sna meáin chlóite in Éirinn.

  • S. Mac Muirí

    An ceart ar fad ag Seosamh Ó Cuaigh, fear nár chúb ón bhfírinne a nochtadh riamh. Is aisteach agus is mór an náire an tost marfach faoi fhuadach, faoi ghabháil agus faoi na líomhaintí a leagadh i gcoinne Assange as wikileaks a bhunú. Is é an trua gur theip ar iarrachtaí c. 40 bliain ó shoin ceardchumann iriseoirí a chur ar bun in Éirinn. Ag snámh in aghaidh easa Gall a bhíodar 7 fágadh ó shoin sinn leis an Irish Chapel ina ‘shéipéilín ar thaobh an bhóthair.’ Treise leat a Sheosaimh Uí Chuaigh.