Is maith ann cumhachtaí éigeandála pleanála ach feidhm a thabhairt dóibh

Tá cumhachtaí éigeandála le tabhairt don rialtas sa reachtaíocht nua atá beartaithe le luas a chur faoin bpróiseas pleanála i gcás tionscnaimh mhóra riachtanacha

Is maith ann cumhachtaí éigeandála pleanála ach feidhm a thabhairt dóibh

Tá polasaí radacach uaillmhianach curtha inár láthair an tseachtain seo le tionscadail mhóra infreastruchtúir a bhrú chun cinn.  Tá sé aitheanta go forleathan go bhfuil easnaimh mhóra in áiseanna ar nós seirbhísí uisce, séarachais agus bóithre.

Tá cumhachtaí éigeandála le tabhairt don rialtas sa reachtaíocht nua atá beartaithe le luas a chur faoin bpróiseas pleanála i gcás tionscnaimh mhóra riachtanacha. Tugann an bille eile atá le hachtú aghaidh ar na fadhbanna a chruthaíonn athbhreithnithe breithiúnacha a áirítear a bheith mioscaiseach agus a bhfuil sé mar aidhm leo moill a chur le forbairtí móra.

Ar ndóigh cuireadh córas na ndúshlán cúirte isteach sa dlí agus cé go nglactar leis go dtógann sé i bhfad rófhada cinntí pleanála a dhéanamh go minic, ní mór dúinn ar fad cuimhneamh go gcuirtear rialacha agus dlíthe i bhfeidhm go minic le cearta an tsaoránaigh a dhearbhú.

An fhadhb a luaitear go minic le tionscadail sa tír seo go mbíonn sainmhíniú róchúng ar dhlíthe ar leith agus go háirithe rialacháin Eorpacha cosúil le rialachán na ngnáthóg, an bête noir atá ag go leor de phobail tuaithe na tíre a chreideann gur deineadh faillí orthu le fada ó thaobh saoráidí de bharr chomh géar agus a cuireadh i bhfeidhm é.

Beidh deacrachtaí praiticiúla le cur i bhfeidhm ollphlean an rialtais freisin. Rud is annamh is iontach, níl aon ghanntan airgid ar an státchiste agus is mór an mhaith. Ach tá costais amhábhair agus tógála ardaithe as cuimse de bharr na géarchéime boilscithe. Tá sé deacair ábhar tógála a aimsiú mar go bhfuil an chonair soláthair curtha as a riocht ag cogaí trádála agus an cogadh sa Úcráin.

Agus tá sé beagnach dodhéanta foireann oibre agus ceardaithe a fháil le tabhairt faoin obair. B’fhéidir gurb é sin an léargas is fearr ar an bhfáinne fí ina bhfuil muid. Ceal córas ceart pleanála agus soláthar tithíochta tá go leor díobh siúd a bheadh ag teastáil le dul ag obair ar thionscadail mhóra infreastruchtúir imithe ar imirce chun na hAstráile. Beidh daoine le mealladh abhaile nó isteach sa tír leis an obair a dhéanamh – cá bhfaighfear lóistín dóibh sin i lár géarchéime tithíochta.

Tuigeann an rialtas gur dóigh go dtabharfar a ndúshlán faoin bplean seo. Agus deir Jack Chambers go dtabharfaidh siad aghaidh ar na dúshláin sin. Is dóigh gurb í an cheist anois an bhfuil, mar a chreideann an rialtas, an pobal chomh dubh dóite d’uireasa bóithre, seirbhísí uisce agus saoráidí eile nach mbeidh an oiread cur in aghaidh na bpleananna a mholtar?

Fiú agus más amhlaidh atá, is deacair a shamhlú nach mbeidh cúpla dris chosáin eile le seachaint ag plean nua uaillmhianach an rialtais.

Fág freagra ar 'Is maith ann cumhachtaí éigeandála pleanála ach feidhm a thabhairt dóibh'