Is maith an scéalaí an aimsir agus drochscéal atá le hinsint aici

Ní hé nach raibh coinne ag na heolaithe leis an adhaimsir ach tá iontas ar chuid acu faoi cé chomh holc is atá sí

Is maith an scéalaí an aimsir agus drochscéal atá le hinsint aici

‘Is maith an scéalaí an aimsir.’ Ach, cén scéal atá á insint ag an aimsir faoi láthair? Scéal na hainnise, faraor. Mar a déarfadh an seandream, tá an diabhal ar an aimsir ar fud an domhain. Tinte móra sna Stáit Aontaithe; tuilte i Lár na hEorpa, sa tSín agus sa Nua-Shéalainn; teochtaí an-ard in Iarthar na hEorpa. Cad is cúis leis an adhaimsir nó an fhíor-dhrochaimsir neamhshéasúrach seo?

Deir eolaithe aeráide go bhfuil baint ag an téamh domhanda leis an drochaimsir agus nach foláir cosc a chuir leis an téamh domhanda go práinneach. Ní féidir le heolaithe a rá go cinnte fós an é an t-athrú aeráide an t-aon chúis amháin atá leis an bhfíor-dhrochaimsir ach deir siad gur cinnte go gcuireann sé léi.

“Tá baint ag an athrú aeráide le báisteach an-trom,” a dúirt Wim Thiery, ollamh in Ollscoil na Bruiséile.

Dúirt Stefan Rahmstorf, Ollamh le Fisic na nAigéan in Ollscoil Potsdam, agus é ag tagairt don teocht sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada le déanaí, go raibh “cuid acu chomh hard sin gur cinnte gurb é an téamh domhanda is cúis leo”.

“Is léir go bhfuil géarchéim aeráide anois againn: beidh drochaimsir le feiscint níos minice as seo amach,” a dúirt Sir David King, cathaoirleach an Ghrúpa Comhairleach um Ghéarchéim Aeráide. “Tá tulcaí móra sa Ghearmáin … agus sa Bheilg agus san Ísiltír freisin. Tá athrú aeráide ann. Tá sé ag tarlú anois,” a dúirt Diederik Samsom, príomhfheidhmeannach Chomh-Aireacht an Choimisiúin Eorpaigh.

Deir na heolaithe aeráide go bhfuil dhá phríomhchúis ann leis an drochaimsir a bhí againn le déanaí. Ar dtús, de réir mar a thagann ardú  céim amháin Celsius (1.8 céim Fahrenheit) ar an teocht, bíonn an t-aer in ann 7% níos mó báistí a bhreith leis. Is féidir leis an aer an t-uisce a choinneáil níos faide, agus dá bhrí sin, beidh báisteach throm níos minice ann.

Ina theanna sin, cuireann an téamh domhanda isteach ar an scairdsruth, an ghaoth ard (gaoth aniar den chuid is mó) a sheolann an aimsir mórthimpeall an domhain. Braitheann anam an scairdsrutha ar an difríocht idir teocht na dtrópaicí agus teocht na mol. Ach de réir mar a éiríonn an Eoraip níos teo, tá an scairdsruth ag dul i laige. Mar gheall ar laige an scairdsrutha seo, fanann stoirmeacha tamall fada in aon áit amháin agus dá bharr, titeann tulcaí troma báistí i limistéar an-bheag.

Dúirt Wim Thiery, ó Ollscoil na Bruiséile, gur tharla eachtra den sórt sin i gCeanada freisin, áit ar chuidigh sé le “bailiú teasa” a chruthú agus dá bharr d’ardaigh an teocht go 50 céim Celsius. “Agus is é sin is cúis leis an mbáisteach throm i lár na hEorpa freisin,” a dúirt sé.

Fiú má chuirtear srian dian le hastaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta amach romhainn, tá an-chuid drochghás san atmaisféar cheana féin agus, rud a fhágfaidh go mbeidh drochaimsir againn i bhfad níos minice.

Deir na saineolaithe go mbuailfear go dona na háiteanna nach bhfuil réitithe i gceart don athrú aeráide seo.

“Caithfimid an timpeallacht thógtha, is é sin  foirgnimh, páirceanna agus cathracha, a chuir in oiriúint don athrú aeráide,” a dúirt Lamia Messari-Becker, ollamh innealtóireachta in Ollscoil Siegen.

“Tá baol ann gurb é an bás agus an léirscrios a bheidh sna háiteanna sin nach bhfuil ullamh don athrú aeráide seo,” a dúirt Ernst Rauch, eolaí atá ag obair leis an gcomhlacht árachais Munich Re.

“Agus an drochaimsir seo á meas againn, is léir nach foláir dúinn i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun na ceantair ar fad a chuir in oiriúint don athrú aeráide,” a dúirt sé. “Ní hé nach raibh coinne againn leis an adhaimsir féin le fírinne, ach is dócha gur chuir a thréine is atá sí iontas ar chuid againn.”

Fág freagra ar 'Is maith an scéalaí an aimsir agus drochscéal atá le hinsint aici'