Is léir nach raibh Newton riamh ar an tit-túr i gCorcaigh

Cé mise le Daideo na fisice a cheistiú, ach tá barúil agam go ndeachaigh sé amú sna sums?

Is léir nach raibh Newton riamh ar an tit-túr i gCorcaigh

I bPáirc Uí Chaoimh a theip mo mhisneach orm, is níl mé i gceart ó shin. Is beag a cheap mé nuair a shuigh mé isteach ar an tit-túr (drop-tower) ag an aonach siamsaíochta, gur ghearr go mbuailfeadh faitíos mé, de chineál nár airigh mé riamh i mo shaol roimhe sin, ná ó shin. 

Faitíos a bhí ann a chrúbann isteach i d’inchinn is a bhrúnn amach an chiall. Faitíos a thagann ort ina mhaidhm fhiáin is a shlogann thú. Faitíos a bhaineann an spreac asat is a chuireann béasa ort. 

Ní hé gur scríobh mé aon liosta amach riamh de na rudaí a scanródh an t-anam asat, ach dá  scríobhfainn, ní shílim go mbeadh tit-túr in aonach siamsaíochta ar bhruacha na Laoi ar bharr an liosta agam. 

Ar an gcéad radharc, is túisce a chuirfinn an ‘bone-rattler’, marcaíocht a ndeachaigh mé uirthi trí bliana roimhe sin, ar bharr an liosta. Is éard atá sa gcnámhghliogaire ná rollchóstóir atá tógtha ar struchtúr adhmaid agus ráillí cruaiche ar a bharr a imíonn timpeall sciobtha i gciorcail mhóra. Shílfeá go mbeifeá croite go maith ina dhiaidh sin. 

Ach, bhí mé chomh réidh is nach mbeadh a fhios agat nach ar Iarnród Éireann a bhí mé ag breathnú amach ar na huain sna garrantaí idir Bhaile Átha an Rí agus Móta. 

Nó, is mór an t-ionadh nach é an marcaíocht ‘Batman’ a rinne an beart. Rollchóstóir 2,700 troigh ar fhad, a théann 50 míle san uair agus a bhfuil na suíocháin ag luascadh anuas den traic, seachas ar a bharr. 

Chonaic mé daoine ag caoineadh go hoscailte ar an gceann sin agus iad ag impí ar na hoibrithe a bhí i bhfeighil an rollchóstóra, iad a scaoileadh anuas dhe. “Meas tú nach bhfuil siad ag gabháil beagáinín thar fóir?” a chuimhnigh mé. 

Só, bhí sé chomh maith agam a admháil gur dóigh go raibh mé beagáinín róchinnte díom féin an lá sin agus mé ag suí isteach ar an tit-túr i bPáirc Uí Chaoimh.

Murar tháinig tú trasna ar cheann acu seo riamh, is éard atá ann ná marcaíocht siamsaíochta ina bhfuil sorcóir mór ard sa lár (thart ar 120 troigh ar airde) agus fáinne suíochán mórthimpeall air. 

Ardaíonn na suíocháin suas go barr an túir ar dtús thú. Seans gurb é sin an píosa is measa dhó, bhuel, an rud atá go dona faoi ná go gcuireann siad ar do chompord thú sula scanraíonn siad ‘an cac’ asat. 

Shuigh mé ansin ag barr an túir go suaimhneach agus mé ag breathnú amach ar chathair Chorcaí, ar abhainn na Laoi agus na cnocáin shéimhe mórthimpeall uirthi. 

Ansin, lig siad dom titim.

Dá gcuirfeá ceist ar Isaac Newton déarfadh sé go dtógann sé thart ar 3.5 soicind ort saorthitim 70 troigh a dhéanamh.  Cé mise le Daideo na fisice a cheistiú, ach tá barúil agam go ndeachaigh sé amú sna sums.  

Chonaic mé mo shaol ar fad ag imeacht tharam.  Chonaic mé gach ceiliúradh, gach aiféala, agus, thar aon ní eile, an t-aiféala ba mhó acu ar fad ná gur shuigh mé isteach sa diabhal de thúr sin i bPáirc Uí Chaoimh. 

Fág freagra ar 'Is léir nach raibh Newton riamh ar an tit-túr i gCorcaigh'

  • Pat o sullivan

    Ta mē ag foghlam gaeilge cupla blian agus is Maith liom an sceal seo,bualadh bos bridget

  • Aililiú!

    An Cnámhghliogaire! Is breá an focal é! Bíonn do chuid alt thar cionn, a Bhridget.