Is i gConamara atá an ráta scaipthe víris is ísle i measc na gceantar Gaeltachta

Tá ráta scaipthe an Covid-19 níos airde ná an meánráta náisiúnta i gcúig cinn de na 13 toghcheantar Gaeltachta ar fud na tíre

Is i gConamara atá an ráta scaipthe víris is ísle i measc na gceantar Gaeltachta

Is i gConamara atá an ráta is ísle den Covid-19 i measc na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre.

De na 13 toghcheantar sa stát ina bhfuil ceantair Ghaeltachta, is i dtoghcheantar Chonamara Theas atá an ráta scaipthe is ísle. Ráta 141 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar a bhí i gceist ag deireadh na míosa seo caite, titim beagnach 25% le seachtain anuas. Deimhníodh 30 cás nua ar fad i dtoghcheantar Chonamara Theas idir an 14-27 Meán Fómhair.

Ráta 233 a bhí i gceist i gConamara Thuaidh agus 40 cás deimhnithe ansin le linn na tréimhse céanna.

Tá an meánráta náisiúnta tite den séú seachtain as a chéile agus ráta 389 fógartha.

Is é toghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, an t-aon toghcheantar Gaeltachta i gCúige Mumhan ina bhfuil an ráta coicíse níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Chuaigh líon na gcásanna i méid sa cheantar sin le seachtain anuas, ó 89 go dtí 118, de réir na staitisticí is deireanaí. Ardú 33% a bhí i gceist agus ráta scaipthe 576 luaite leis an gceantar anois.

Ardú a bhí i gceist i gCorca Dhuibhne freisin. D’ardaigh an ráta ó 204 go dtí 233 agus 33 cás nua deimhnithe le coicís anuas, le hais an 29 a bhí i gceist an tseachtain seo caite.

Titim beagnach 30% a bhí i gceist i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ráta 231 a bhí i gceist sa cheantar idir an 14-27 Meán Fómhair agus 58 cás ar fad deimhnithe.

Ráta 198 atá i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Deimhníodh 73 cás nua sa cheantar le coicís anuas, suas ó 66 cás an tseachtain seo caite.

Thit rátaí agus líon na gcásanna sna trí thoghcheantar Gaeltachta i nDún na nGall le seachtain anuas.

Tá an ráta is airde sa stát i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach go fóill (1,038) ach thit líon na gcásanna nua a deimhníodh ansin ó 170 go dtí 143, de réir na staitisticí is deireanaí.

Tháinig laghdú 28% ar líon na gcásanna nua i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. Deimhníodh 109 cás nua ann idir an 14-27 Meán Fómhair agus ráta 456 i gceist dá bharr, an ráta is ísle a bhí sa cheantar ó thús mhí Lúnasa.

Tá an ráta scaipthe i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall anois faoi bhun an mheánráta náisiúnta. Ráta 351 atá i gceist agus 91 cás nua deimhnithe le coicís anuas.

I Maigh Eo, thit an ráta i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead ó 318 go dtí 254 agus 32 cás nua ar fad deimhnithe ann idir an 14-27 Meán Fómhair. Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, ó 59 cás go dtí 75 cás agus ráta 401 sa cheantar dá bharr.

I gcontae na Mí, ráta 305 agus 95 cás a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ráta 448 a bhí ann agus 145 cás nua deimhnithe le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Is i gConamara atá an ráta scaipthe víris is ísle i measc na gceantar Gaeltachta'