Is glas iad na cnoic – foirne spóirt ag fágáil an bhaile

San NFL an tseachtain seo, tugadh cead do na St Louis Rams bogadh go Los Angeles, ar an taobh eile den tír. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chásanna conspóideacha inar fhág fhoirne an fód dúchais

rams

A bhuíochas don struchtúr atá in úsáid ag Cumann Lúthchleas Gael sa tír seo, ní féidir le foireann ar bith an bóthar a bhualadh chuig áit eile toisc nach bhfuil siad sásta leis na háiseanna atá ar fáil sa mbaile.

Faraor, do lucht tacaíochta na bhfoirne móra i Meiriceá, níl an ceangal céanna ar fhoirne an NFL. Mura bhfuil úinéir na foirne sásta leis an gcathair nó an staid ina bhfuil sé, is féidir leis a fhoireann a bhogadh go cathair eile ar fad.

I rith na seachtaine, d’fhógair an NFL go raibh cead tugtha acu do na St Louis Rams bogadh go Los Angeles, beagnach 3,000km soir ón gcathair inar imir siad go dtí seo. Má lucht tacaíochta na Rams i St Louis ag iarraidh cluiche baile a fheiceáil an séasúr seo chugainn, beidh orthu turas 27-uair-a-chloig a dhéanamh sa charr nó eitilt ar feadh trí uair a chloig.

Mar a tharlaíonn, bhí St Louis i measc na bhfoirne ba thúisce a bhog ó chathair amháin go cathair eile. Na Milwaukee Brewers a bhíodh orthu nó gur bhog siad i 1902.

Dar ndóigh, bíonn conspóid i gcónaí ann nuair a fhógraítear go bhfuil foireann ag tabhairt fearrann nua orthu féin…

Baltimore colts

Baltimore Colts/Indianapolis Colts (1984)

B’iad na Baltimore Colts ceann de na foirne ba mhó ratha san NFL i lár an chéid seo caite, ach faoi 1984, bhí achrann ann idir Robert Irsay, úinéir na foirne, agus na húdaráis in Baltimore. Bhí Irsay ag iarraidh go n-íocfadh údaráis na cathrach as staid nua a thógáil do na Colts ach níor ghéill na húdaráis dá iarratas.

Thosaigh Irsay ag cuartú cathrach eile a mbeadh suim ag daoine inti na Colts a mhealladh. Sa deireadh, d’fhógair Indianapolis, a raibh staid nua díreach tógtha acu, go gcuirfeadh siad fáilte rompu. Ag an am céanna, bhí rialtas stát Maryland ag iarraidh reachtaíocht a rith a bhronnfadh úinéireacht na foirne ar chathair Baltimore, chun a chinntiú nach bhfágfadh na Colts.

Ba ar an 28 Márta a rinne Irsay an cinneadh an fhoireann a bhogadh go Indianapolis. An oíche ina dhiaidh sin tháinig 15 leoraí chuig ionad traenála na Colts agus cuireadh gach píosa trealaimh a bhí ag an bhfoireann isteach sna leoraithe. Nuair a d’fhág siad, thug gach ceann de na leoraithe bóthar difriúil i dtreo Indianapolis agus faitíos orthu go stopadh na póilíní iad. Níos déanaí an lá céanna, chuaigh an reachtaíocht tríd oireachtas stát Maryland ach faoin am sin, bhí ródheireanach. Bhí na cosa tugtha leo ag Irsay agus na Colts.

1988-FA-Cup-final

Wimbledon/MK Dons (2004)

go bhfuil sé sách coitianta ag foirne i Meiriceá bogadh óna bhfód dúchais, ní rud é a tharlaíonn chomh minic sin i Sasana, go háirithe sa sacar. Ach tharla a leithéid i 2002 nuair a bhí Wimbledon i mbaol dul as gnó agus iad faoi riarachán. Bhí an cumann ag íoc cíosa ar a bpáirc i ndeisceart Londan ach ní raibh a dhóthain de shlua ag freastal ar na cluichí chun go mbeadh an teacht isteach acu leis na costais chíosa a sheasamh.

90 ciliméadar ó thuaidh de Wimbleon, bhí daoine in Milton Keynes ag lorg foirne chun lonnú sa cheantar. Thairg siad páirc nua do Wimbledon agus chuir úinéirí an chumainn iarratas faoi bhráid  an FA maidir leis an bhfoireann a bhogadh ó thuaidh. Tugadh cead dóibh – ar vóta 2-1 – agus, i 2003, bhog Wimbledon go Milton Keynes. An bhliain dar gcionn, athraíodh ainm an chumainn go MK Dons.

Agus iad ag aireachtáil gur thréig a chumann féin iad, ní raibh ach fíorbheagán de lucht tacaíochta Wimbledon a d’fhan dílis do na MK Dons agus bhunaigh scata acu foireann nua, AFC Wimbledon i 2002. I 2012, d’imir na foirne in aghaidh a chéile den chéad uair sa Chorn FA agus tá dhá chluiche eile imeartha eatarthu ó shin. Bhuaigh AFC Wimbledon ar na MK Dons den chéad uair i 2014.

Tallagh Stadium

Shamrock Rovers (1987-2009)

Agus an tsraith díreach buaite acu i 1987, d’fhógair úinéir Shamrock Rovers, Louis Kilcoyne, go raibh sé chun Glenmalure Park, áit inar imir an fhoireann ó 1926, a dhíol. Shocraigh Kilcoyne go n-imreodh siad i bPáirc na Tulchann le linn shéasúir 1987-88, ach bhagair lucht tacaíochta an chumainn baghcat a dhéanamh ar an bpáirc sin agus dhíol Kilcoyne an club.

Faoin úinéir nua, chaith Rovers dhá bhliain ag imirt i bPáirc na Tulchann ach arís níor lean a lucht tacaíochta iad chomh fada le tuaisceart Bhaile Átha Cliath. Chaith siad sé bliana ag imirt san RDS idir 1990 agus 1996. Ina dhiaidh sin, thug siad os cionn deich mbliana ag bogadh ó áit go háit agus sealanna caite acu i bPáirc Richmond, Staid Morton agus, don dara huair, i bPáirc na Tulchann.

I lár na nóchaidí, tugadh suíomh do Rovers i dTamhlacht chun staid a thógáil, ach faoin tráth sin bhí fadhbanna móra acu. Agus deacrachtaí airgid acu, ba bheag nach ndeachaigh an club as gnó i 2005. Ar deireadh réitíodh na deacrachtaí sin, agus tar éis dóibh 22 bliain a chaitheamh d’uireasa páirc dá gcuid féin, bhog Rovers go Staid Thamhlachta i 2009.

Fág freagra ar 'Is glas iad na cnoic – foirne spóirt ag fágáil an bhaile'