Is fiú go mór tacú go láidir le hócáidí ‘Fashion Relief’

Tá cúnamh an phobail á lorg agus réaltaí mór le rá ag tacú le hócáidí faisin Oxfam i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath

Is fiú go mór tacú go láidir le hócáidí ‘Fashion Relief’

Miriam O’Callaghan, Maia Dunphy, Noel Cunningam, Kathryn Thomas, James Patrice, Mary Kennedy, Joe Conlan, Lorraine Keane, Triona McCarthy, Sarah Morrisey, Laura Woods, Muireann O’Connell, Mo Kelly, Yomiko Chen, agus Caroline Morahan. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá dhá dháta ar cheart iad siúd ar suim leo cúrsaí faisin iad a chur sa dialann– ócáidí air a dtugtar ‘Fashion Relief’ a bheidh ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, ar an 10 Márta agus in Óstán Galmont i nGaillimh ar an Domhnach,  ar an 31 Márta.  Ócáidí faisin agus stíle ar son na carthanachta iad seo agus iad á n-eagrú le hairgead a bhailiú don charthanacht Oxfam.

Is liosta le háireamh iad na réalta agus na pearsantachtaí mór le rá atá faighte ag an gcraoltóir Lorraine Keane le baill éadaigh dá gcuid a thabhairt le cur ar ceant ag na hócáidí seo. Orthu sin, tá Saoirse Ronan, Rob Kearney, Vogue Williams, James Patrice, Dáithí Ó Sé, Mary Kennedy agus Miriam O’Callaghan.

Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis na hócáidí seo.

Beidh dhá sheó faisin ag gach láthair agus beidh gach cineál éadaigh, málaí agus oiriúintí eile ar díol, ina measc cinn ó dhearthóirí mór le rá. Tá lucht gnó, siopaí, brandaí agus búitíceanna ar fud na tíre ag soláthar ábhair do na hócáidí freisin agus tá an lucht eagraithe ag bailiú farasbarr éadaigh faoi láthair ó dhaoine ar fud na tíre le cur ar díol ag na seastáin éagsúla a bheidh i gcroílár na n-ócáidí sin. Beidh saineolaithe ar chúrsaí faisin is stíle i láthair chomh maith lena gcomhairle a roinnt ar an bpobal.

Ó Lorraine Keane a tháinig an bunsmaoineamh do ‘Fashion Relief’ mar bhealach go bhféadfadh lucht faisin dul i gcabhair ar dhaoine bochta ar fud an domhain tríd an gcarthanacht Oxfam ach tá cúnamh agus tacaíocht á bhfáil aici san iarracht ó leithéidí Noel Cunningham, Tríona McCarthy, Laura Woods agus Caroline Morahan.

Lorraine Keane agus Triona McCarthy. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ag ócáid amháin i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine anuraidh bhailigh siad €60,000.

Dá bharr sin a beartaíodh an tionscnamh a fhorbairt ar scála níos leithne agus Gaillimh agus Corcaigh a chur san áireamh chomh maith i mbliana. Bhí ócáid Chorcaí na bliana seo ar siúl Dé Domhnaigh seo caite agus d’éirigh thar cionn ar fad léi.

Tá trí bhealach gur féidir linn ar fad cabhrú leis an iarracht seo.

Is féidir le daoine aon éadach nó ábhar faiseanta eile atá acu féin ach nach bhfuil uathu feasta ar chúis amháin nó ar chúis eile a thabhairt le díol ag ‘Fashion Relief’. Is féidir le duine freisin ócáid bailithe ábhar a eagrú san ionad oibre agus éadach a mhealladh óna gcomhghleacaithe. Is féidir ábhar do na díolacháin agus na ceantanna a sheoladh chuig Oxfam Ireland, An Dara hUrlár, Portview House, Sráid Thorncastle, Baile Átha Cliath 4.

Agus, ar ndóigh, is féidir freastal ar ‘Fashion Relief’ i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh ach ticéad a cheannach ar €10.

Deir Oxfam go dtéann thart ar 11% de phobal an domhain nó os cionn 820 milliún duine ina gcodladh san oíche agus ocras orthu. Tá Oxfam ag díriú go háirithe faoi láthair ar Oirthear na hAfraice agus ar Phoblacht Éimin, áiteanna a bhfuil gorta ag bagairt ar suas le 30 milliún duine.

Cabhróidh aon airgead a bhaileofar ag na hócáidí faisin le Oxfam le dul i ngleic leis an ngéarchéim seo.

Thug Lorraine Keane í féin cuairt ar an Aetóip i mí na Samhna seo caite go bhfeicfeadh sí obair Oxfam ansin agus bhain gach a bhfaca sí ansin siar aisti. Dúirt sí gur bhris sé a croí páistí a fheiceáil a bhí ar comhaois lena hiníonacha féin agus iad ag fulaingt de bharr na géarchéime ansin.  

Is léir nach éadach ó dhearthóirí mór le rá nó an smideadh is deireanaí atá ar an margadh a bhíonn ag déanamh imní dóibhsean agus is dá bharr sin a bheidh mise ag tacú go láidir le hócáidí ‘Fashion Relief’ i mbliana.  

Fág freagra ar 'Is fiú go mór tacú go láidir le hócáidí ‘Fashion Relief’'

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra:

    Tá réaltaí móra agus pearsantachtaí móra na tíre ag tathant ar dhaoine cabhrú le ceant éadaí ar son Oxfam. Is dócha gurb é tuiscint an ghnáthdhuine ar Oxfam gur eagraíocht iad a bhíonn ag iarraidh cabhrú le muintir an Tríú Domhan, i gcúrsaí bia agus leighis.
    Ach bíonn rudaí eile ar bun ag Oxfam. De réir Charities Bulletin 2006 ag an Society for the Protection of Unborn Children sa Ríocht Aontaithe, tacaíonn Oxfam le ginmhilleadh a chur ar fáil, d’íoc siad pá oibrithe ag clinic ginmhillte de chuid Marie Stopes International san Aetóip, agus thug siad deontais do dhá eagraíocht san Aetóip agus in Éimin, eagraíochtaí ar comhaltaí iad de International Planned Parenthood Federation, an soláthraí ginmhillte is mó ar domhan. Dála an scéil, bíonn uasdátú ar siúl ar feadh na huaire ar an Charities Bulletin ag SPUC na Ríochta Aontaithe.
    Foilsíodh dhá YouTube ábhar blianta ó shin ar scéal an lín daoine ar domhan, Demographic Winter (2008), agus Demographic Bomb (2009). Ba é ceacht an dá YouTube gur ag teip atá ar an líon daoine ar fud an domhain, agus gur teip í sin nach féidir a chur siar. Níl ach aon mhór–roinn amháin ar domhan nach bhfuil ag teip ar an líon daoine, agus is í sin an Afraic. Ach tá lucht páirte an ghinmhillte agus na frithghiniúna ag iarraidh a bhfealsúnacht féin a chur i gcion ar an Afraic, d’áis nó d’éigean.
    Admhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil, agus go mbeidh, fadhb an–mhór ar a gcuid sin ballstát mar nach bhfuil a ndóthain oibrithe óga gníomhacha san Aontas chun díol as an bpinsean seanaoise i mballstáit an Aontais. Is pinsinéir is ea mé féin. Ach an bhfuil stát ar bith san Aontas inniu nach bhfuil an ginmhilleadh dleathach, agus nach mbíonn frithghiniúnaigh agus ginmhilltigh ar fáil saor in aisce? Is iomaí duine a dúirt liomsa le hábhar laethanta anuas gurb í an eotanáis an chéad bheartas eile ar an gclár oibre liobrálach. Tá tosaithe uirthi sin cheana féin i bPoblacht na hÉireann féin, leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015, cé go bhfuil codanna den Acht sin nach bhfuil tosach feidhme tugtha go fóill dóibh.
    Má tá fonn báis chomh mór sin ar na Gaeil féin, cad is fiú a bheith dár gcraiceáil féin leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga pobail, agus í a leathadh ar fud na tíre? Tá gach uile chuma ar an scéal nach bhfuil ar bun ag a lán de na Gaeilgeoirí ach rince an bháis, dála Indiaigh Mheiriceá i ndeireadh an 19ú céad nuair a bhraith siad go raibh deireadh ar fad ag teacht leo.
    Is cinnte go bhfuil cuid de léitheoirí Tuairisc nach bhfuil ag tacú leis an ngninmhilleadh. Má tá Tuairisc chun poiblíocht chomh láidir sin a thabhairt d’Oxfam, ba cheart daoibh níos mó eolais a thabhairt do bhur gcuid léitheoirí ina dtaobh.
    Bhur gCara,
    Séamas de Barra.