Is é Joe Canning an t-imreoir is fearr a chonaic mé ag imirt riamh

Cé go bhfuil an cófra lán le gradaim agus boinn is ar na míorúiltí a rinne Canning ar pháirc na himeartha a bheidh daoine ag caint amach anseo

Is é Joe Canning an t-imreoir is fearr a chonaic mé ag imirt riamh

Ní raibh a fhios againn an tráthnóna a ndeachaigh Joe Canning go barr an liosta don scórálaí is rathúla i gcraobhchomórtas sinsir na hiomána gurbh é sin an uair dheireanach a d’fheicfeadh muid é ag imirt dá chontae. Tháinig an scéal go raibh sé ag éirí as an iománaíocht idirchontae ar an gCéadaoin dheireanach d’Iúil agus roimh mhaidin Déardaoin bhí an scéal againn go raibh dhá bhonn óir buaite ag Éirinn sna cluichí Oilimpeacha.  Is beag nár ruaig an gaisce iontach a rinne Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy thall i dTóiceo an nuacht faoi Joe as na ceannlínte.

Chonaic mé Joe Canning ag imirt ar dtús le mionúir na Gaillimhe in 2004. 16 a bhí sé agus é ag tabhairt bonn abhaile go Port Omna leis. An bhliain dár gcionn agus mé i mo sheasamh ar an taobhlíne ag leath ama ag cluiche ceannais na mionúr, ghabh sé tharam agus cheapas, fiú amháin ag an am sin, go raibh cuma an fhathaigh i measc na mbuachaillí air.

As sin go dtí Iúil 2021, rinne sé an méid sin gaiscí go mbeadh se éasca dearmad a dhéanamh ar leath díobh. Sular thosnaigh sé ag imirt go rialta ar fhoireann shinsir an chontae in 2008 d’imir sé i dtrí chluiche ceannais i gcraobh mhionúir na hÉireann agus bhuaigh sé dhá bhonn. Bhuaigh sé chomh maith dhá bhonn sinsir club le Port Omna, bonn faoi 21 na hÉireann agus bonn Mhic Giobún le IT Luimnigh in 2007. Sin stór deas duit.

Ach bhí 2017 againn faoin am ar bhuaigh sé an bonn atá ag teastáil ó gach imreoir atá ag imirt ag an leibhéal is airde san iománaíocht shinsir.

Ach dar ndóigh is beag bliain ó 2008 go dtí 2017 nach raibh Canning ina laoch agus rinne sé gaiscí dochreidte ar pháirc na himeartha. Bronnadh Imreoir Óg na Bliana air in 2008 mar aon le gradam All Star. Bhuaigh sé gradaim eile All Star in 2009 agus in 2012.

Bhuaileas leis minic go leor agus é ag obair leis an gcomhlacht Liberty a bhí ina n-urraitheoirí ar Chraobh na hÉireann.

Bhí cúpla bliain idir 2013 agus 2017 nuair a bhíomar ag obair le chéile le Liberty ar lá an chluiche ceannais agus bhraitheas an-trua dó – duine de na hiománaithe is fearr sa tír, suite thuas staighre i bPáirc an Chrócaigh agus é ag tabhairt aire do roinnt aíonna Liberty agus gan mórán suime ag leath díobh san aicsean a bhí ar siúl ar an fhód naofa.

Ach fíoraíodh a aisling in 2017 nuair a thug leads na Gaillimhe Corn Mhic Cárthaigh siar leo. Bhí Joe, mar ba ghnáth, ar bharr liosta na scórálaithe. Faoi dheireadh na bliana sin bhí bonn sraithe, bonn Chúige Laighean, bonn chraobh na hÉireann, Gradam All Star agus Gradam Imreoir na Bliana aige. Sin lán cófra agat.

Agus cé go bhfuil an cófra lán le gradaim agus boinn is ar na míorúiltí a rinne Canning ar pháirc na himeartha a bheidh daoine ag caint amach anseo. is trua nach bhfuil cluichí iomlána Ring, Mackey agus Rackard ar téip againn chun comparáid a dhéanamh.

Ach mar a dúirt Ring fadó “tá na hiománaithe is fearr fós le teacht”. B’fhíor dó agus is fíor i gcónaí. Tá an méid seo fíor freisin, áfach, ó thosnaigh mise ag féachaint ar chluichí iománaíochta is é Joe Canning an t-imreoir is fearr a chonaic mé riamh. Seans go dtiocfaidh imreoirí níos fearr ach domsa ní bheidh a leithéid arís ann.

Mo ghraidhin thú, Joe Canning.

Fág freagra ar 'Is é Joe Canning an t-imreoir is fearr a chonaic mé ag imirt riamh'

  • Seán Mistéil

    Aontaím go mór leat, John. Alt den scoth arís uait!

  • Peadar Ó Ceannabháin

    Tá gnaíúlacht na gCorcaíoch a’ gabháil leat, a John! Is mór againn an t-aitheantas sin uait.