‘Is í ‘Gaeltacht an Oireachtais’ a thugann muide ar láthair na féile…’

Labhair Tuairisc le Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Máirín Nic Dhonnchadha roimh thús Oireachtas na Samhna i gCill Airne inniu

‘Is í ‘Gaeltacht an Oireachtais’ a thugann muide ar láthair na féile…’

Deir Stiúrthóir an Oireachtais Máirín Nic Dhonnchadha gur ‘Gaeltacht’ í láthair na féile agus gur mar sin a fhanfaidh sí in ainneoin bhrú an Bhéarla.

An nós freastal ar an Oireachtas a thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin, an tábhacht a bhaineann le páistí a bheith ag freastal ar an bhféile agus an nasc a chothaíonn an fhéile idir pobal scaipthe na teanga – sin cuid de na gnéithe is láidre d’Oireachtas na Samhna, a deir an stiúrthóir.

“Tá teaghlach a théann ag an Oireachtas mar gur tugadh ann iad nuair a bhí siad féin beag bídeach. Tá an leanúnachas sin i gceist. Má thugtar gasúr ag an Oireachtas nuair atá siad beag, chuile sheans go leanfaidh siad féin ar aghaidh ag dul ag an Oireachtas agus imeachtaí cosúil leis nuair a bheidh siad féin fásta suas.

“Is ann a dhéanann daoine cairde, tá níos mó i gceist ná comórtais, is ann a thagann pobal na Gaeilge fud fad na tíre le chéile agus déantar cairdeas. Déantar cleamhnais go minic ag an Oireachtas freisin. Agus tosaítear cairdeas a leanann ar aghaidh ar feadh an tsaoil. Táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh i gcónaí chomh héasca do dhaoine agus is féidir, ag iarraidh costais a choinneáil síos…”

Deir Stiúrthóir an Oireachtais go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na hócáidí agus seónna do pháistí a bhíonn ar siúl le linn na féile.

“Is minic a cheapann gasúir bheaga nach mbíonn ag labhairt i nGaeilge ach muintir a gceantar féin nó a dteaghlach féin fiú agus tá sé tábhachtach go gcuirfidh siad aithne ar a chéile agus go mbeidh siad i gcomhluadar Gaelach agus ag foghlaim faoina chéile agus óna chéile.

“Tá sé tábhachtach go dtuigtear go bhfuil saol sóisialta, saol iomlán trí Ghaeilge i chuile cheantar, is cuma cén Ghaeltacht arb as tú.”

Léiriú an tOireachtas ar an bpobal mór a chaitheann saol trí Ghaeilge, a deir sí, ach géilleann sí go bhfuil an Béarla ag brú isteach ar an bhféile.

“Is ‘Gaeltacht an Oireachtais’ a thugann muide ar láthair na féile, is cuma cén áit a mbíonn an tOireachtas ar siúl agus cosúil le chuile Ghaeltacht bíonn teangacha eile ag brú isteach orainn. Ní sheasann an tOireachtas leis féin, tá teangacha ag brú isteach orainne freisin,” a deir Máirín Nic Dhonnchadha.

“Tá an Béarla go láidir ag brú isteach ar imeachtaí na féile. Déanann muide ár ndícheall a chinntiú go bhfanfaidh an tOireachtas i gcónaí dílis don teanga, dílis do phobal na Gaeilge agus gur Gaeilge amháin a labharfar ar chuile ardán de chuid na féile.

“Tá tuiscint ann i measc an phobail, i measc phobal na Gaeilge ar aon nós, gur féile iomlán trí Ghaeilge atá anseo. Mura ndéanfadh muid é sin, céard a bheadh speisialta faoin Oireachtas? Bheadh muid cosúil le chuile fhéile eile go mbíonn cúinne ann go labhrann an file a dhán trí Ghaeilge, i measc deich bhfile eile atá ag rá a gcuid dánta, b’fhéidir trí Bhéarla. Ní tharlaíonn sé sin ag an Oireachtas agus ní tharlóidh. Tá an tuiscint sin amuigh I measc an phobail, nuair a théann tú isteach thar thairseach an Oireachtais gurb in comhluadar Gaeilge.”

Deir Stiúrthóir an Oireachtais go mbíonn “gasúir go leor” istigh ar na comórtais, ó chúlra gaelscoile, mar shampla, nach mbíonn Gaeilge “ar a dtoil b’fhéidir ag a gcuid dtuismitheoirí” ach nach é cúram an Oireachtais daoine a chur ó dhoras.

“Níl muide – agus cuireadh os ár gcomhair go minic gur chóir dúinn comharthaí a chur suas agus a rá ‘mura bhfuil tú a dhul Gaeilge a labhairt ná labhair’. Ní fheicimse gurb in an bealach le déileáil le pobal na Gaeilge. Caithfimid déileáil leis mar a dhéileálann chuile Ghaeltacht eile fud fad na tíre, a bheith bródúil as ár dteanga, a dhéanamh cinnte go bhfaigheann an Ghaeilge tús áite, gur trí Ghaeilge a bheas na himeachtaí ar fad a bheas ag an bhféile.

“Ach caithfimid a bheith réadúil freisin agus caithfimid a bheith daonna agus caithfimid a bheith fáilteach agus ní dhéanfar é sin trí a bheith ag cur bac ar dhaoine ná trí chosc a chur ar thuismitheoirí labhairt lena gclann. Ach chomh fada agus is féidir linn déanfaimid cinnte nach mbeidh an Béarla ag brú isteach ar imeachtaí na féile nó ar Ghaeltacht an Oireachtais.”

Timpeall meán lae inniu a thosóidh an t-aidréanailín ag rith trí fhoireann an Oireachtais agus stad ná staonadh ní dhéanfaidh sé go dtí go bhfuil Corn Uí Riada bronnta Dé Sathairn.

“Ó tosaíonn an t-aidréanailín thart ar a dó dhéag ar an gCéadaoin. Bíonn an oscailt oifigiúil ag tosú ag leathuair tar éis a trí agus má bhíonn aire rialtais le bheith i láthair bíonn an obair ar fad a bhaineann le hullmhú dóibh sin, na haíonna ar fad a bhíonn i láthair, dar ndóigh na duaiseanna – tugtar amach go leor duaiseanna móra airgid le linn Oireachtas na Samhna…

“Ach nuair a bhuaileann sé meán lae ar Chéadaoin na féile, téann an intinn suas ag an luas is airde ag a dtéann sé i gcaitheamh na bliana déarfainn agus leanann sé ar aghaidh ag an luas áirithe sin go dtí go mbíonn Corn Uí Riada bronnta oíche Dé Sathairn agus Pólca 4 istigh ar an ardán ag club na féile. Ansin tosaíonn rudaí saghas ag suaimhniú san intinn arís.”.

Fág freagra ar '‘Is í ‘Gaeltacht an Oireachtais’ a thugann muide ar láthair na féile…’'

  • Sibéal

    Más “í an Ghaeltacht an Oireachtas ”
    1. Cén fáth go bhfuil comórtas damhsa do Bhéarlóírí ar siúl mar chuid lárnach den fhéile?
    2. Cén fáth nach mbíonn puinn de sa Ghaeltacht fhéin?

    Is fada daoine ag tabhairt amach faoi 1 agus 2 !

    Céard faoi “Oireachtas an Earraigh” (gan comórtais do Bhéarlóirí) a bheith ar siúl i gceantair amháin i ngach cúige sa Ghaeltacht

  • Mícheál Ó Flaithearta

    ‘Oireachtas Raidio na Gaeltachta’ ba chirte a rá!