B’fhéidir go raibh ábhar beag den áiféis agus den scaothaireacht i gceist ag an amhránaí agus ceoltóir aitheanta Séamus Ó Beaglaoich nuair a dúirt sé ar an Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo go raibh dealbh nó leac cuimhneacháin chomh tuillte ag Páidí Ó Sé is a bhí ag an Mhaighdean Mhuire…ach ní raibh ann ach san!
Ba léir óna chuid cainte go raibh ana-mheas go deo ag gaiscíoch Bhaile na bPoc ar laoch Ard a’ Bhóthair agus chuige sin, beidh ceolchoirm speisialta in ómós do Pháidí Ó Sé ag muintir Bheaglaoich agus a gcairde i saol an cheoil san INEC i gCill Airne istoíche Dé hAoine beag seo.
Deis iontach, dar le Ó Beaglaoich, ag na daoine go léir ins sna cumainn chaide éagsúla i gcontae Chiarraí agus níos faide anonn a n-ómós féin a léiriú do Pháidí as a chuid seirbhíse do chúrsaí caide i gCiarraí agus as a raibh bainte amach ar pháirc na himeartha aige.
Deis is ea é, leis, gan dabht cur leis na hiarrachtaí atá ar bun le os cionn bliana anois chun éachtaí Pháidí a chomóradh go buan ina dhúthaigh féin.
Deirtear gur ina dhúthaigh féin is buaine an duine agus chuige sin, tá meitheal bheag ag treabhadh leo le tamall ag iarraidh cuimhne Pháidí Uí Shé a bhuanú ins an dúthaigh ab ansa lena chroí, paróiste Fionntrá.
Bhí sé mar sprioc ó thús go nochtfaí leacht i gcuimhne ar Pháidí ar a phaiste féin in Ard a’ Bhóthair ar an 16 Bealtaine 2015 – trí fichid bliain díreach ón lá a saolaíodh Páidí i 1955.
Dála scata nithe eile sa tsaol, ní gan dua a bhainfí an sprioc amach ach de dhroim roinnt cruinnithe, cur is cúiteamh, gníomhartha gaisce, mórán dea-thola agus beagán brú, tá éirithe leis an meitheal cuid mhaith den aisling a chur i gcrích.
Fuaireadh cead pleanála don dtogra agus tá leacht cuimhneacháin Pháidí agus an méid a ghaibheann leis á dhearadh agus á thabhairt chun críche i láthair na huaire ag dealbhadóir aitheanta Chill Bheatha, chontae an Chláir, Séamus Connolly.
Tá teist na críochnúlachta ar Shéamus agus ní gá ach féachaint ar a shaothar i gcuimhne Dermot Earley i nGort an Ghainimh, contae Ros Comáin nó ar a dhealbh in ómós do Mick Mackey i gCaisleán Uí Chonaing i gcontae Luimnigh, chun éachtaint d’fháil ar an gcríochnúlacht sin.
Cé go bhfuil Páidí ar lár agus gan é ag beannú do chuairteoirí ag an gcrosaire in Ard a’ Bhóthair níos mó, táthar ag súil go mbeidh an leacht ann ag meabhrú don uile dhuine a ghaibheann an treo gur mhair laoch ina measc agus go mairfidh a chuimhne.
Tá Coiste Cuimhneacháin Pháidí Uí Shé ag súil go mbeidh sólás éigin sa mhéid sin dóibh siúd go léir a tháinig agus atá fós ag triall ar pharóiste Fionntrá chun blaiseadh d’fháil d’oidhreacht uasal na caide ansiúd.
Beidh cuid den oidhreacht sin le braistint ar an ardán san INEC Dé hAoine, mar a dtabharfar le chéile den gcéad uair riamh, na himreoirí go léir a mhaireann a bhí ina gcaptaein ar fhoirne buacacha Chiarraí le himeacht na mblian.
Is é Jas Murphy, captaen buacach na bliana 1953 is sine a mhaireann agus nár dheas a chuntas ar mar a ráinig é bheith tofa a chlos ar an oíche?
Tá cás Jas Murphy ana-spéisiúil toisc nárbh é a bhí ceaptha le bheith ina chaptaen in aon chor an bhliain áirithe sin. I 1953, bhí John Joe Sheehy, an Poblachtánach aitheanta, a bhí ina chaptaen buacach fé dhó ar Chiarraí é féin (1926 & 1930), ina roghnóir fén dtráth seo agus a mhac Paudie ag imirt.
Shuigh an coiste roghnaithe chun boird chun foireann na bliana 1953 a roghnú don gcluiche ceannais agus nuair a tháinig sé go dtí ionad an leath-thosaí, ghaibh an Sítheach a leithscéal agus d’fhág an cruinniú ar eagla go mbeadh coimhlint leasa á chur ina leith.
Nuair a d’fhill Sheehy, bhí a mhac fágtha ar lár agus ainmníodh Jas Murphy, fear eile ó Thrá Lí agus dlúthchara Paudie Sheehy le bheith ina chaptaen.
Coimeádadh gradam an chaptaein i dTrá Lí, bhuaigh Ciarraí an corn ach ar chúis nach dtuigeann éinne i gceart go dtí an lá atá inniu ann, níor roghnaíodh Jas Murphy bocht ach uair amháin eile (an chéad bhabhta de chraobh na Mumhan 1954 vs Port Lairge) do Chiarraí.
Níl ansan ach scéal duine amháin ach bí siúráilte go mbeidh mórán scéalta eile á n-insint tráthnóna Dé hAoine idir na poirt is na ríleanna, na hamhráin is na cuimhní geala ar Pháidí.
B’fhéidir, leis, tar éis na scléipe go mbeadh cúpla pingin bailithe chun obair an choiste cuimhneacháin a thabhairt céim eile i dtreo na sprice.
Fág freagra ar 'Is buaine Páidí Ó Sé sa dúthaigh ab ansa lena chroí – paróiste Fionntrá'