Iriseoir Airméanach agus a ceist a chuaigh i bhfeidhm ormsa…

Ní róbhreá an tsamhailt a chímidne, Eorpaigh, sa scáthán uaireanta

Iriseoir Airméanach agus a ceist a chuaigh i bhfeidhm ormsa…

Ba é prós John Banville is a dhiamhaireacht a chiorraigh an bóthar dom in am mhairbh na hoíche is mé ag feitheamh ar eitleán Uí Riain éirí ó thalamh is tuirlingt i ndúthaigh ghléineach ghréine na Gréige.

Níorbh fhada ina dhiaidh san gur scaip scamaill is íomhánna fuilteacha bhleachtaireacht Bhanville agus mo chnámha go fonnmhar ag sú teas na Meánmhara go smior isteach.

Spéir ghlan ghorm. Líomóidí is oráistí ar chrannaibh chumhra…leigheas ón nádúr.

Nil aon teora leis.

Comhdháil Iriseoirí Eorpacha, cnagaosta go maith anois cuid againn, bail orainn, ag teacht le chéile uair amháin eile, chun cur is cúiteamh is cíoradh a dhéanamh ar chora crua an tsaoil, mar is dual dóibh.

Ábhairín siamsaíochta lena chois, ní cás dom a rá.

Deis ag ár n-óstóirí a bhfuil le maíomh acu a chur os comhair a gcomhEorpach, idir thalmhaíocht, thionsclaíocht agus turasóireacht. A chuma ar an nGréig go bhfuil siad fós ag teacht chucu fhéin tar éis an ghéarchéim eacnamaíochta a ngabhadar tríd le blianta beaga anuas. A chuma ar áiteanna agus foirgnimh áirithe ná rabhadar ach leath-thógtha.

Cúpla baile seantáin ar aon dul leis na créatúirí san Afraic Theas le feiscint.

Níor chuala éinne ag caint ar an líon mór díbeartach is teifeach atá tógtha isteach ag an nGréig, agus is beag duine againne a chuir an cheist os ard, ach an oiread.

Fios againn go bhfuil éacht á dhéanamh acu agus cúiteamh áirithe á fháil acu ó chistí Eorpacha as an ‘fhadhb’ a choimeád ó dhoras uathu.

Má tá cuma na scríbe ar an-chuid áiteanna sa Ghréig, ní hamhlaidh atá i gcás láithreacha seandálaíochta agus músaeim. Is iad atá iomadúil leis.

Teampall Apollo, Dia an cheoil, na síochána, an chneasaithe is an leighis in Delphi. Daoine ag cruinniú ann ar mhaithe le dea-mhothú, atmaisféar is vibeanna dearfacha don té a chreideann ina leithéid.

Músaeim ann leis an oiread déithe is bandéithe a chuirfeadh mearathal ar dhuine. Roghnaigh do bhandia is do dhia is beidh agat.

Gan trácht air na fealsaimh – Socrates, agus Aristotle. Is mór atá le foghlaim againn ós na daoine stuama meabhracha san.

Conas gur dhein na Gréagaigh fhéin cocstí ceart dá dtírín ghleoite le roinnt blianta anuas, an cheist a chuirfinnse ar Aristotle dá mbuailfinn inniu leis. Bheadh freagra tomhaiste aige, beag an baol.

Is iad na hiriseoirí oirEorpacha a bhíonn ag an gComhdháil is mó go gcuirimse suim iontu. Tá siad san gafa tríd anró an tsaoil, agus buíoch d’aon saoirse atá acu.

Scéalta le hinsint acu.

Labhair iriseoir Airméanach amach ag ceann de na cruinnithe. Thug sí fé ndeara, a dúirt sí, go raibh cáineadh go leor déanta ag iriseoirí a bhí i láthair mar gheall air an mbaol atá ann do shaoirse iriseoireachta ó bholscaireacht is scaothaireacht na Rúise agus a ndeineann údaráis na Bruiséile chun srian a chur leis na hiarrachtaí san le reachtaíocht agus smachtbhannaí.

Dhírigh sí aird ar an gcur i géill atá ann, pionós a chur ar Putin is a lucht cogaidh, agus gan faic a dhéanamh mar gheall ar dhrochghníomhartha Ilham Aliev, an deachtóir atá i gceannas ar an Asarbaiseáin, dream a dhein slad is ár san Airméin le fíordhéanaí, agus a d’ionsaigh agus a mharaigh go leor iriseoirí is lucht freasúra.

Tugtar droim láimhe leis an uafás sin ar fad. Canathaobh, a deir an tAirméanach mná.

Soláthar gáis na tíre san ag teastáil go dóite ón Eoraip, ar ndóigh.

Deacair seasamh le fimíneacht mar é.

Ní róbhreá an tsamhailt a chímidne, Eorpaigh, sa scáthán.

Coinsias á phriocadh is á shuaitheadh fé theas na gréine gléiní Gréagaí.

Fág freagra ar 'Iriseoir Airméanach agus a ceist a chuaigh i bhfeidhm ormsa…'

  • Pat Butler

    Iontach ar fad, mar phíosa scríbhneoireachta….