Iosrael ag súil gur amárach a scaoilfear saor an chéad dream de na gialla atá ar a gcoinneáil ag Hamas

Tuairiscíodh ar maidin go raibh Iosrael agus an grúpa Hamas tagtha ar shocrú faoina stopfaí don troid in Gaza ar feadh ceithre lá ar a laghad agus go scaoilfí saor ar a laghad 50 de na gialla a d'fhuadaigh trodairí Hamas in Iosrael

Iosrael ag súil gur amárach a scaoilfear saor an chéad dream de na gialla atá ar a gcoinneáil ag Hamas

Pic: Naaman Omar/apaimages

Táthar ag súil gur amárach a scaoilfear saor an chéad dream de na gialla atá ar a gcoinneáil ag Hamas in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair.

Dúirt Eli Cohen, Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael go raibh siadsan ag súil go bhfeicfí gialla á saoradh amárach faoin socrú ar thángthas air faoi stiúir thíortha iasachta. Tuairiscítear go raibh Catar agus na Stáit Aontaithe lárnach sna cainteanna réitigh, Catar ag caint le Hamas agus na Stáit Aontaithe ag plé le hIosrael.

Tuairiscíodh ar maidin go raibh Iosrael agus an grúpa Hamas tagtha ar shocrú faoina stopfaí don troid in Gaza ar feadh ceithre lá ar a laghad agus go scaoilfí saor ar a laghad 50 de na gialla a d’fhuadaigh trodairí Hamas in Iosrael. Mar mhalairt ar na gialla a shaorfar scaoilfí saor 150 príosúnach Palaistíneach atá i bpríosúin Iosrael.

Ina ráiteas faoin socrú dúirt Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go gcuirfí lá breise eile leis an sos cogaidh ina dhiaidh sin in aghaidh gach deichniúr giall a scaoilfí saor.

Aréir, breis is sé seachtaine ó thosaigh an cogadh is déanaí seo, ghlac rialtas Iosrael leis an margadh.

Meastar gur mná agus leanaí na chéad ghialla a ligfear saor. Dúirt Hamas gur “sos comhraic daonnúil” a bhí sa socrú agus go scaoilfí 150 Palaistíneach, mná agus páistí, amach as príosúin Iosrael.

Ceaptar go bhfuil an cailín beag Éireannach-Iosraelach, Emily Hand, a bhí naoi mbliana d’aois an lá faoi dheireadh, ar dhuine den thart ar 240 giall atá fós i lámha Hamas in Gaza.

Níl eolas tugtha go fóill ag Iosrael faoi mhionsonraí an tsocraithe seo agus níl sé deimhnithe acu ach oiread cén uair go beacht a éireofar as na hionsaithe agus an bhuamáil.

Dar le ráiteas Hamas, faoin margadh seo tiocfaidh deireadh le dróin agus aerárthaigh Iosrael a bheith ag feidhmiú i ndeisceart Gaza ar feadh ceithre lá ón lá amárach, Déardaoin, ach deir siad freisin nach mbeidh an sos comhraic i bhfeidhm i dtuaisceart Gaza ach ceithre uair an chloig sa lá na ceithre lá sin, idir a 10:00am agus a 4:00pm, am na háite.

Meastar go bhfanfaidh saighdiúirí agus tancanna Iosrael laistigh den stráice sna hionaid ina bhfuil siad faoi láthair le linn bhriseadh na síochána.

Faoin margadh atá comhaontaithe, gach lá de na ceithre lá síochána, beidh cead ag 200 leoraí dul isteach go Gaza trí bhealach Rafah as an Éigipt agus lastas fóirithinte isteach leo. Chomh maith leis sin ligfear ceithre thancaer breosla agus ceithre thancaer gáis isteach, soláthairtí a bhí ídithe faoin tráth seo agus ospidéil dúnta cheal breosla ná aibhléis.

Rinne mílistigh Hamas ruathar thar teorainn ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus mharaíodar go gránna ar a laghad 1200 duine agus d’fhuadaíodar thart ar 240 duine, idir óg is aosta. Tá na gialla sin á gcoinneáil in Gaza ó shin seachas beirt a scaoileadh saor agus ní fios an mó a maraíodh sna hionsaithe ó sin.

Mar dhíoltas as an sléacht agus an fuadach sin, rinne Iosrael ionsaí ón aer agus le talamh ar Gaza. Deir aireacht sláinte Gaza go bhfuil breis is 14,000 duine maraithe ag ionsaithe Iosrael ó shin agus gur leanaí ab ea níos mó ná 5,000 díobhsan.

Fág freagra ar 'Iosrael ag súil gur amárach a scaoilfear saor an chéad dream de na gialla atá ar a gcoinneáil ag Hamas'