‘An é atá á rá ag an Aire Harris nach bhfuil fás na Gaeilge ina aidhm náisiúnta a thuilleadh?’

Tá an tAire Ardoideachais Simon Harris ag moladh go mbainfí tagairt láidir do chosaint na Gaeilge ó acht agus go gcuirfí tagairt ghinearálta do chúrsaí cultúrtha ina háit

‘An é atá á rá ag an Aire Harris nach bhfuil fás na Gaeilge ina aidhm náisiúnta a thuilleadh?’

Deir an tAire Simon Harris gur leor tagairt do chúrsaí cultúrtha seachas tagairt dhíreach a dhéanamh don Ghaeilge chun cur chun cinn na teanga san oideachas tríú leibhéal a chinntiú i reachtaíocht nua.

Tá bille á rith faoi láthair ag Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, chun leasú a dhéanamh ar Acht an Údaráis um Ardoideachas, 1971.

San acht mar a bhí, bhí tagairt láidir ann do chosaint na Gaeilge ach tá molta ag an Aire go mbainfí amach an tagairt sin sa reachtaíocht leasaithe.

Deirtear in Alt 4 d’Acht 1971 go gcoimeádfaidh an tÚdarás “i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích”.

I bhfreagra ar cheist Dála de chuid urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, áfach, dúirt an tAire Harris gur leor feasta, in áit tagairt don Ghaeilge, tagairt ghinearálta do chúrsaí cultúrtha. Sa Scéim Ghinearálta don bhille nua, a deirtear:

“Cuirfidh an tÚdarás [um Ardoideachais] na cuspóirí seo a leanas san áireamh agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna – (b) chun tacú le soláthraithe ardoideachais le hionchur a bheith acu san fhorbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha agus thimpeallachta tríd an gceannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht.”

Dúirt an tAire Harris gur leor an tagairt don fhorbairt chultúrtha “le hionchur a dhéanamh d’fhorbairt agus inbhuanaitheacht na Gaeilge”.

Dúirt an tAire go raibh sé féin “tiomanta go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach i gcónaí dár gcultúr agus dár gcóras ardoideachais”.

Tá brú á chur le tamall ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar an Aire Harris faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht nua.

Dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie go raibh sé buartha faoin bhfreagra “éalaitheach” a thug an tAire ar a cheist faoi chás na Gaeilge sa bhille nua agus gur “ionsaí naimhdeach” ar an teanga a bhí ann fáil réidh leis an tagairt atá san Acht faoi láthair.

“Níl aon amhras faoi, tá sé ag fáil réidh leis an gcúram i leith na Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Tá sé ráite aige go bhfuil sé seo ceart go leor toisc go mbeidh dualgas fós ar an Údarás i leith ‘forbairt chultúrtha agus inbhuanaitheacht’. Níl sé sin sásúil beag ná mór.

“Ní hionann forbairt chultúrtha agus ‘an Ghaeilge a aisiriú’, mar atá scríofa san Acht faoi láthair, agus má tá an tAire ag iarraidh nach dtiocfaidh céim chun cúil ar ról an Údaráis i gcur chun cinn na Gaeilge, ní mór dó tagairt ar leith a choimeád don Ghaeilge sa reachtaíocht.

“An bhfuil an tAire Harris ag rá nach bhfuil aisiriú nó athréimniú na Gaeilge mar aidhm náisiúnta a thuilleadh, aidhm gur chóir aird a bheith ag comhlachtaí poiblí uirthi?”

An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin

Mheas Ó Snodaigh go bhfuil an cur chuige i leith na Gaeilge san earnáil ardoideachais “easnamhach” mar atá, in ainneoin an méid atá leagtha amach in Acht 1971. Deir sé nach bhfuil freastal mar is ceart á dhéanamh sna hinstitiúidí tríú leibhéal orthu siúd a bhfuil a scolaíocht déanta acu trí Ghaeilge

“Ba chóir don Roinn nua Ardoideachais tabhairt faoin dúshlán trí cosaintí agus deiseanna don Ghaeilge a threisiú san earnáil, in áit gearradh siar, agus gach is féidir a dhéanamh chun a gcuid dualgais teanga a chomhlíonadh.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go ndearnadh cinneadh mar seo cheana i gcás na seirbhíse poiblí agus gur in olcas a chuaigh cás na Gaeilge. “Chonaic muid leis na Gardaí Síochána agus sa státseirbhís go ginearálta gur baineadh dualgais shonracha don Ghaeilge as an reachtaíocht agus, in ainneoin geallúintí go dtiocfadh feabhas ar chás na Gaeilge iontu toisc na cúraimí teanga a bheith níos “dírithe”, chuaigh cúrsaí in olcas iontu. Tarlóidh an rud céanna níos measa fós anseo agus gan tagairt ar bith don teanga sa Bhille.

“Is ionsaí naimhdeach gan choinne é seo ar an nGaeilge san ardoideachas, agus céim siar go háirithe agus muid ag iarraidh cur le líon na daoine atá cáilithe chun poist a chomhlíonadh trí Ghaeilge sa státseirbhís leis an sprioc earcaíochta nua ag an rialtas,”a mhaígh an Aengus Ó Snodaigh.

Fág freagra ar '‘An é atá á rá ag an Aire Harris nach bhfuil fás na Gaeilge ina aidhm náisiúnta a thuilleadh?’'

  • Gabriel Rosenstock

    Pleidhce!

  • Sean Mac Cearain

    Cáide eile a bheifeá ag súil leis óna leathbhádóiri sna chogaí cultúrtha.Níl suim ag ceachtar acu sa Ghaeilge.

  • Seán Mag Leannáin

    “Cuirfidh an tÚdarás [um Ardoideachais] na cuspóirí seo a leanas san áireamh agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna – (b) chun tacú le soláthraithe ardoideachais le hionchur a bheith acu san fhorbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha agus thimpeallachta tríd an gceannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht.”

    Meamraiméis chlasaiceach na státseirbhíse a thabharfaidh brat deataigh don Aire lena rogha féin cuspóirí a chur chun cinn.

  • tomás ó muireadhaigh

    an ball den DUP é simon harris? Acht cultúrtha in áit na gaeilge a chur i bhféim? Náireach amach is amach

  • Antóin

    Cad atá ar eolas ag an phleidhce sin ó Fhine Gan Ghael fá chúrsaí cultúir ná fán Ghaeilge? Céim eile i dtreo díothú na Gaeilge agus díothú cine.

  • Pól Ó Braoin

    Tá an chinedheighilt fós láidir sa tír seo. Glactar leis sin mar déantar na hargóintí ar fad i nGaeilge i measc lucht labhartha na Gaeilge, agus deirim leat nach n-éisteann éinne eile linn, go háirid sa mBruiséil áit a bhfuil rialtas na hÉireann suite.
    Níor chuala mé oiread agus focal faoi dhiúltú Chomhairle Chontae na Gaillimhe do Pháirc na Mara sna meáin náisiúnta, atá uilig i mbéarla na banríona.

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Vótálann sibh go léir. Tá cairde, gaolta agus teagmhálaithe rphoist agaibh. Beidh toghcháin náisiúnta ann (agus toghcháin áitiúla) luath nó mall. Amach le Simon agus chomhbhádóirí mar é. Bíodh an díoltas mall agus milis. Goilleann cailliúintí áitiúla ar pháirtí níos mó ná teip náisiúnta fiú. Bíodh a fhios go háitiúil nach bhfuil geáitsíocht Simon chun leas na heagraíochta lena mbaineann sé.

  • Éadóchasach

    @Pól Ó Braoin

    Agus deirimse leatsa, a Phóil, go bhfuil i bhfad níos mó seans againn argóintí ar son na teangan agus ar son na ndaoine a labhrann í a chur in iúl do dhaoine sa mBruiséil, áit mar a gcaitear leis an nGaolainn mar is ceart agus mar a n-oibríonn daoine atá in ann obair a dhéanamh as Gaolainn agus, rud atá níos tábhachtaí fós, atá sásta déileáil linne as Gaolainn seachas Béarla a bhrú orainn mar a dhéantar annso in Éirinn. Ní anall ón mBruiséil a thagann na fadhbanna go bhfuilimid thíos leo, annso in Éirinn a dhéantar iad. (Dochar don dtír, dá teanga agus dá muintir an t-aon rud amháin a dhéantar in Éirinn an lae inniubh, is cosúil…)