Ionracas agus caolchúis ag baint le láimhseáil chás an imircigh in ‘Eachtraí Saíd’

Is maith an teist ar chumas an aistritheora go bhfuiltear in ann an saothar nua Eachtraí Saíd a phlé mar shaothar litríochta agus ceisteanna aistriúcháin a fhágáil ar leataobh

Ionracas agus caolchúis ag baint le láimhseáil chás an imircigh in ‘Eachtraí Saíd’

Eachtraí Saíd
Josep Lorman arna aistriú ag Róisín Sheehy
An Gúm

I 1996 a foilsíodh an t-úrscéal L’aventura de Saíd le Josep Lorman, scríbhneoir agus fear déanta scannán de bhunadh na Catalóine. Dá léifeadh Éireannaigh an leabhar san am, seans go mbeadh faoiseamh orthu gur tháinig Éire slán ar na fadhbanna a phléitear ann. Gan amhras, bhí ciníochas in Éirinn agus bhí sciar den phobal ag doicheall roimh imircigh an uair sin féin. Fós féin, ba mhór idir Éire agus Barcelona mar a léirítear sa scéal seo é. Tá cuntas ann ar fhoréigean i gcoinne na n-imirceach – ionsaithe marfacha san áireamh.

Tá feidhmeannaigh stáit ann a chasann an dlí chun méadú ar chrá agus ainnise ‘na Múrach’ – imircigh as Maracó agus tíortha eile de chuid Thuaisceart na hAfraice. I ndeireadh 2025 a d’fhoilsigh an Gúm an leagan Gaeilge seo le Róisín Sheehy. Inniu, níl ábhar ag Éireannaigh a bheith ar nós na réidhe i dtaca leis an chiníochas de.

Dar ndóigh, ní raibh lucht éigse na Gaeilge dall ar cheist na himirce le blianta anuas. Ní gá dul níos faide ná an Gúm féin le cruthúnas a fháil air sin. In 2009 a d’fhoilsigh siad Gluaiseacht le Alan Titley, atá ar cheann de mhórshaothair Ghaeilge na haoise seo, dar liomsa. Tháinig Faoi Cheilt in 2022, aistriúchán breá a rinne Aifric Mac Aodha ar La Cache le Thierry Robberecht. Is amhlaidh atá scéal na himirce chun na hEorpa á shaothrú leis na deicheanna de bhlianta anuas.

Ach oiread le scéal ar bith eile a bhfuil scríbhneoirí ag gabháil dó le tamall, tá téamaí agus fothéamaí i ndiaidh teacht aníos arís agus arís eile, chomh maith le cosúlachtaí i dtaca le carachtarú agus plota de. Lena rá go neamhbhalbh, níl an seánra seo ‘scéal an imircigh’ saor ó cliché. Is maith an teist ar chumas Josep Lorman mar a sheachain sé na clichés céanna.

Agus is maith an teist ar chumas Róisín Sheehy go bhfuil an léirmheastóir seo in ann Eachtraí Saíd a phlé mar shaothar litríochta agus ceisteanna aistriúcháin a fhágáil ar leataobh. Sin agat dán an aistritheora – an uair is fearr a dhéanann siad a gcuid oibre an uair is lú a chuirtear sonrú inti.

An chéad tuaiplis a bhí le seachaint ag an údar ná an t-imirceach a léiriú ina thráchtaire nó ina urlabhraí. Ní gníomhaí ceartas sóisialta é an té a bhfuil a eachtra á ríomh anseo – Saíd Arkoun Rahim as baile Chaouen, Maracó. Ní saineolaí ar chúrsaí geopholaitíochta é ach oiread, ach ógánach a raibh a sháith aige den tsíorbhochtaineacht sa bhaile agus a chuaigh sa seans le saol níos fearr a bhaint amach sa Spáinn. Ní raibh de thoradh ar an iarracht sin ach gur fágadh idir dhá thír é – níl cead aige fanacht sa Spáinn ach níl deifir ar na húdaráis é a sheoladh abhaile (tá costais an turais ina gcnámh spairne idir an dá rialtas). Níl de fhreagra ag Saíd ar an amaidí seo ach coinneáil air.

Bhí sé ar nós ceann de na cásanna sin ar éirigh le Franz Kafka a léiriú go glinn ina chuid scéalta… Ach Saíd, nár chuala trácht ar Kafka riamh is nach raibh d’acmhainn aige cur chuige an stáit ina leith a cheistiú…níor chaith sé mórán ag smaoineamh ar áiféis a cháis féin. (:174)

Fágtar an tráchtaireacht pholaitiúil faoi charachtair eile, fad is atá Saíd ag iarraidh slí bheatha a aimsiú dó féin. Cad é eile a dhéanfadh fear arbh éigean dó an scoil a fhágáil agus é dhá bhliain déag d’aois?

An dara tuaiplis ná an t-imirceach a léiriú ina íospartach neamhurchóideach gan locht. Saol crua atá á chaitheamh ag Saíd agus a chomrádaithe, saol atá i ndiaidh iad féin a chruachan. Cuir i gcás, is máistir striapach é Hussein, a chuireann lóistín ar fáil do Saíd i dtús a thréimhse in Barcelona. Goilleann sé sin ar choinsias Saíd, ach ní thig leis an cuidiú a dhiúltú. Ní chúlaíonn Saíd féin roimh an fhoréigean nuair is gá dó é féin a chosaint. Molaim misneach Lorman atá sásta saol na n-imirceach a léiriú idir mhín agus gharbh, idir charthanach agus bhrúidiúil. Beidh a fhios ag an léitheoir tuisceanach nach dá thoil féin a chuaigh Saíd i muinín na láimhe láidre.

Tuigim do na scríbhneoirí sin atá ar thaobh na n-imirceach agus nach mian leo géilleadh do phort síoraí na heite deise maidir le ‘coimheascar na sibhialtachtaí’. Chuala tú míle uair cheana é, an port céanna: tá sé ina chogadh idir an tuaisceart liobrálach ceannródaíoch agus an deisceart piseogach ainbhiosach. Más fíor do laochra na heite deise, caithfear mná na hEorpa a chosaint ar fhuath agus ar dhímheas na Moslamach. Dar ndóigh, is mugadh magadh é sin i mbéal daoine nár sheas le cearta na mban an chéad lá riamh. Is cróga an t-údar a rachadh i ngleic leis na ceisteanna seo, ach féach go dtugann Lorman cead cainte do Saíd trácht ar an chaidreamh idir fir agus mná, fiú nuair is baol dó olc a chur ar lucht cosanta na n-imirceach. Tá ceann Saíd ina chíor thuathail mar gheall ar an ghean atá aige ar Ana, mac léinn Spáinneach. Cuir i gcás dá bpósfadh sé í. An nglacfadh sí lena cheannas ar an teaghlach? An mbeadh sí ag iarraidh am a chaitheamh i gcomhluadar fir eile?

Ní tharlódh a leithéid idir Moslamaigh: is sa bhaile a bhíodh na mná i rith an ama, nach mór, agus ní rachaidís amach ach nuair ba ghá. Ba bheag deis a bhí ag na mná a bheith mídhílis, mar sin, agus ba bheag údar éada a bhí ag na fir. Ach ní fhéadfaí bean ar nós Ana a choimeád dúnta suas sa tigh. (:161)

Úrscéal do dhéagóirí é Eachtraí Saíd de réir an bhlurba, ach téann Lorman níos doimhne in eispéireas an imircigh ná mar a chuaigh a lán den literati roimhe. Tá ionracas agus caolchúis sa leabhar a thugann tús áite do thaithí daoine thar an íde-eolaíocht, mar is dual do shaothar litríochta.

Mar fhocal scoir, tá lúcháir orm fáilte a fhearadh roimh aistritheoir tréitheach úrnua. Idir aistriúchán seo Róisín Sheehy agus saothar nuafhoilsithe Mháirín Ní Mhárta (An Saol Sona, Barzaz), ní miste a bheith ag caint ar ghlúin nua aistritheoirí liteartha a chuirfidh comaoin ar léitheoirí Gaeilge sna blianta amach romhainn.

Fantàstic, mar a deir muintir na Catalóine.

Fág freagra ar 'Ionracas agus caolchúis ag baint le láimhseáil chás an imircigh in ‘Eachtraí Saíd’'