Iománaithe an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2013

Ba iad na Cláirínigh ab fhearr ar fad sa dara 35 nóiméad i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus bua dhá phointe ag foireann Brian Lohan, 0-24 in aghaidh 2-16

Iománaithe an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2013

An Clár 0-24 Cill Chainnigh 2-16

Tá iománaithe an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2013 tar éis dóibh teacht aniar in aghaidh Chill Chainnigh sa dara leath den chéad chluiche i mbabhtaí leathcheannais na bliana seo i bPáirc an Chrócaigh. 

Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an Clár cloíte ag na Cait i gcluiche leathcheannais den tríú bliain as a chéile agus na Cláirínigh cúig phointe chun deiridh ag leath ama agus an t-ádh orthu nach raibh Cill Chainnigh imithe as radharc. Ba iad na Cláirínigh ab fhearr ar fad sa dara 35 nóiméad áfach agus bua dhá phointe ag foireann Brian Lohan, 0-24 in aghaidh 2-16. 

Bhí an Clár sé phointe chun deiridh sa 48ú nóiméad agus bhíodar fós ceithre phointe ar chúl agus beagán os cionn deich nóiméad fágtha ach ba iad a d’aimsigh na sé phointe deireanacha sa chluiche chun an lá a thabhairt leo.  

Is beag gaisce a rinne Tony Kelly sa chéad 45 nóiméad den choimhlint ach bhí a dhorn san aer aige i lár na páirce sa 73ú nóiméad agus é ag ceiliúradh an scóir dheireanaigh. Ba é an tríú pointe ag Kelly agus bhí sé féin, Mark Rodgers agus Ian Galvin i measc na n-imreoirí is mó a sheas an fód don Chlár sa cheathrú deireanach sin. Bhí Shane O’Donnell agus David McInerney ina bhfathaigh do na buaiteoirí i gcaitheamh an tráthnóna. Níor aimsigh O’Donnell ach pointe amháin ach bhí lámh aige in an-chuid de na scóranna a fuair Aidan McCarthy agus an Clár ó bhuillí saora agus bhí McInerney ar fheabhas sa chosaint agus Adrian Mullen coinnithe go hiomlán faoi smacht aige. 

Bheadh rás an Chláir rite gan an cúl báire Eibhear Quilligan chomh maith. Botún ó fhear na Fiacaile sa 47ú nóiméad a bhronn an dara cúl ar Chill Chainnigh nuair a thapaigh Billy Ryan an deis a tugadh dó, ach rinne Quilligan ceithre cinn de shábhálacha sa chéad leath chun a chinntiú nach mbeadh an bhearna idir na foirne rómhór. 

Imirt ar chaighdeán íseal a bhí le feiceáil sa chéad leath i ndáiríre agus ualach deiseanna curtha amú ag an dá fhoireann. Tá áit TJ Reid sa Táin cinntithe cheana féin aige ach rinne sé gaisce eile sa chéad nóiméad den chluiche nuair a fuair sé a 700ú pointe craoibhe do Chill Chainnigh. Ach ba é an t-aon díol suntais eile sa chéad leath ná an cúl dochreidte a d’aimsigh Eoin Cody théis 23 nóiméad. 

Díoma ar TJ Reid i ndiaidh an chluiche. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Is beag an baol a bhí ann don Chlár nuair a chuir Richie Reid an liathróid i dtreo Cody faoi scáth Ardáin Uí Ógáin, agus fiú nuair a ghearr sé isteach i dtreo an chúil bhí triúr cosantóirí ann chun stop a chur leis. Ach chaith Cody an sliotar san aer agus, le lámh amháin aige ar an gcamán, bhuail sé d’eitleog é go cúl na heangnaí.  

D’fhág sin Cill Chainnigh cúig phointe chun tosaigh, 1-7 in aghaidh 0-5, agus cé nach raibh siad ag imirt go hiontach, ba cheart go mbeadh na Cait níos faide chun cinn. Ach theip ar iarrachtaí ó Chian Kenny, Adrian Mullen, Mikey Carey, agus Martin Keoghan Quilligan. 

Chuir an Clár tús níos fearr leis an dara leath agus trí scór as a chéile aimsithe acu ach fós bhí Cill Chainnigh ag déanamh díreach a ndóthain chun fanacht chun tosaigh agus scóranna faighte ag leithéidí John Donnelly agus TJ Reid. 

Bhí an easpa cruinnis ag cur as do na Cait an lá ar fad, áfach agus bhuail taom eile iad ag uair na cinniúna. Bhí TJ Reid chomh ciontach le haon duine agus chuir sé trí cinn d’iarrachtaí amú i ndiaidh an 60ú. Is sa tréimhse sin a thóg an Clár ceannas iomlán ar an gcluiche agus Cill Chainnigh curtha dóibh i bPáirc an Chrócaigh faoi dheireadh. 

An Clár: E Quilligan; A Hogan, C Cleary, C Leen; D Ryan, J Conlon, D McInerney; D Fitzgerald (0-2), C Malone; T Kelly (0-3), M Rodgers (0-2), P Duggan (0-1); A McCarthy (0-11, 0-3 ó phocanna saora), S O’Donnell (0-1), D Reidy (0-3). Fir Ionaid: I Galvin in áit O’Donnell (23-26 nóim, fuil), R Taylor in áit Malone (49 nóim), I Galvin (0-1) in áit D Fitzgerald (56 nóim), A Shanagher in áit Reidy (60 nóim), D Lohan in áit Duggan (70+2 nóim) 

Cill Chainnigh: E Murphy; M Butler, H Lawlor, T Walsh; D Blanchfield (0-1), R Reid, P M Carey (0-1); C Kenny (0-2), P Deegan (0-1); A Mullen, TJ Reid (0-7, 0-4 ó phocanna saora, 0-1 ó ‘65, 0-1 ó phoc sleasa), J Donnelly (0-2); M Keoghan, B Ryan (1-1), E Cody (1-0). 

Fir Ionaid: W Walsh in áit Keoghan (56 nóim), T Phelan in áit Mullen (63 nóim), C Fogarty in áit Ryan (67 nóim),  

Réireoir: Liam Gordon (Gaillimh). 

Fág freagra ar 'Iománaithe an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2013'